A Phrionnsa Bhig Sa Tuí

A Phrionnsa Bhig Sa Tuí, Id Máinséar Fuar Id Luí,

Is Saighead Trém Chroí Bheith Ag Smaoineamh Ar Do Chéad Theacht

Sin an chéad dhá líne ó iomann Nollag a chánann Cór Chúil Aodha ag searmanasaí na féile sa seipéal anseo i Múscraí.  

Rith na línte liom agus mé ag smaoineamh ar theacht Barack Obama agus a theaghlach go Washington ag tús na seachtaine seo.

Is cosúil gur ag an Hay Adams Hotel a bheidh céad teaghlach tofa Mheirceá ag fánacht go dtí 15 Eanáir de bharr nach bhfuil aon seomra ann dóibh ag Teacht Aíochta Oifigiúil an Rialtais, Blair House

Ní dócha, áfach, gur i leaba tuí a bheidh an tUachtarán Obama ag luí gach oíche in Ostán an Hay Adam, ceann des na h-ostáin is clúití i Washington. 

Agus mé ag éisteacht leis an raidió trath na Nollag chuala go leor cainte ann faoi Barack Obama, Slánaitheoir an Domhain. Níor baineadh úsáid as na téarmaí sin ach bhí sé iontuigthe ón méid a fhagadh gan a bheith ráite i gcuid mhór de na h-agallaimh seo.   Creideann daoine i Barack i mbealach nár chreid siad riamh in Iosa Críost [de réir mar a chraobhscaoiltear a theachtaireacht ag eaglaisí eagraithe].  

Ar aon nós, tá sé faiseanta faoi láthair, is cosúil, bheith ag adhradh Barack Obama.  Caithfidh mé a rá go bhfuil meas mór agam air ón méid ina leabhar dhírbheathaisnéise, Dreams Of My Father. 

Ní miste liom a lua anseo na cosúlachtaí idir é agus an Slánaitheoir.   

Ceann de na téamaí a bhí soiléir ina leabhar go raibh sé suaite de bharr gur duine é de shliocht measctha, gur mac é d’athair a bhí gorm agus de mhathair a bhí geal.   D’fhag sin ná raibh sé ina bhall cheart d’aon dream – an chine gorm nó an chine geal.  An raibh an deacracht céanna ag Iosa?  Ba Iúdach é – ach niorbh Iúdach é ag an am chéanna?

Ní raibh athair Barack Obama thart agus é ag fás aníos.  Sé sin ní raibh sé timpeall go fisiciúil, go corportha.  Ag an am chéanna, rothlaigh saol Barack thart ar a athair agus an tuiscint a bhí aige air.   Thóg páirtithe éagsúla a mhathair é agus ghlac sé leo mar a ghlacfadh sé le h-athair cé nár aithin sé iad mar a fhíor athair. 

Is é an bua is mó atá ag Obama go labhraíonn sé i slí atá iontuigthe go h-iomlán ag duine ar bith.  Is oráidí é ach tá a theanga chomh simplí is go dtuigfeadh páiste é. 

Nior mhaith liom dul chun seafóide le seo.  Níl ann ach go bhfuilim ag smaoineamh ós ard agus go ritheann na pointí seo liom.  Ní chreidim gur slanaitheoir é Barack Obama – mar a dúirt an t-é a dúirt – níl fainne geal an lae feicthe againn ar a chéad lá dá réimeas go fóill, fanfaidh mé go bhfeicfidh mé an ghrian go h-ard na spéire go dtabharfaidh mé mo bhreith air. 

Rud amháin a chuireann isteach orm faoi Obama agus an fheachtas atá á reachtáíl aige go fóill, is cosúil.  

Bhailigh sé níos mó airgid ná aon iarrthóir uachtaránachta eile i stair na dtoghcháin.  D’úsáid sé an idirlíon chun an ghnathchosmhuintir a chrú agus sa tslí sin bhí sé abalta suas go dtí le cúpla míle dollar a bhaint ó na céadta míle duine.  Is éacht é sin i dtéarmaí toghchánaíochta is báílithe airgid. 

Anois, áfach, agus é tofa, tá sé go fóill ag bailiú airgid.  Cén uair a stopfaidh sé den bhailiúchán seo, ceist amháin a ritheann liom  Má chuirim $5 chuige, de reir an teachtaireacht seo thíos ó Mhichelle a bheancheile, teachtaireacht pearsanta ar sheol sí chugham agus cúpla céad míle eile atá ar a liosta riomhphoist, beidh mé ábalta bheith i gcrannchur chun freastal ar an ocáid mhór seo in éineacht le naoinúr eile.   Beidh cuireadh agam go dtí an choisir mhór an oíche sin is uile. 

Nior mhiste liom. Ar an droch uair, de bharr nach saoranach SAM mé, tá sé in éadan an dhlí dom airgead a thabhairt do Barack Obama.   Is dócha gur caol seans go mbeidh an dlí á chur orm mar gheall ar cúig dollar a sheoladh chuige – ach d’fhéadfaí an dlí a chur air dá gceapfadh na h-údaráis go raibh an iomarca airgid faighte aige  ó thar lear. 

Ar aon nós, sin sruth smaointe uaim faoi Bharack Obama agus na cosúlachtaí, cibé chomh fánach is atá siad, idir é agus an Slánaitheoir.  Sa deireadh thiar, níl ann ach duine daonna.  

Beidh le feiceáil an mbeidh rath air, an eireoidh leis an cumas atá á lua leis a chruthú le beartais ciallmhara a threoróidh sinn go léir as an iomar aimiléise atáimíd sáinnithe ann faoi láthair….

Agus mas é slánaitheoir ár linne é – an bhfuil plean níos mó aige ná sinn a threorú tríd na deacrachtaí sealadacha seo….

Nó ní raibh an Prionnsa a rugadh sa stábla ró bhuartha faoi na deacrachtaí a bhí ag na Giúdaigh nuair a bhí seisean ag teacht i réim.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s