Síol na nÉireannach

bloodoftheirish1Tá an Nollaig geall leis thart.  Agus is beag teilifís atá feicthe agam.  Beag is fiú a bhí le feiscint ar an dteilifís.  [Gan amhras nuair a rábhas níos óige, bhí na cláracha agus na scannáin i bhfad níos fearr!]

Ach anocht, Oíche Nollag na mBan, bhí cúpla clár speisiúil ar siúl.   

Sa chéad dul síos, craoladh The Blood Of The Irish, clár faoi shíol na nÉireannach.  Tá go leor miotais ann faoi shliocht na nÉireannach agus cad ab as dúinn – ach is beag taighde eolaíoch atá pléite go h-oscailte faoin ábhar go dtí an am seo. 

Is cosúil, mar shampla, gur féidir síol na hÉireann a rianú go dtí an Cheiniá 65,000 bliain ó shin.  Chiallódh sin, b’fheidir, go raibh  ceangal againn le muintir Obama i bhfad roimh an cheangal a maítear a bheith idir Uachtarán nua thofa Stáit Aontaithe Mheircea agus Uibh Fháilí! 

Gan amhras, ciallaíonn sé freisin go bhfuil an oiread cearta ag Aifricigh na linne seo teacht go hÉireann is a bhí ag ár sinsear féin. 

Ar aon nós, bhí mír speisiúil sa chlár faoin cheangal idir phobal na hÉireann agus na Bascaigh.  Ba léir ó na míreanna scannáin a craoladh go bhfuil an chosúlacht idir aghaidheanna na nÉireannach agus na mBascach.  

De réir miotas na mBascach chuaigh a sinsear ó thuaidh i mbáid agus lonnaigh siad ar chriochaibh anaithnid.  Oileán na hÉireann? 

An mir dheireannach den chlár, bhain sé leis an tionchar a bhí ag Niall na Naoi nGiallach, ard rí na hÉireann trath ar fuadaíodh fear óg, Naomh Pádraig, ón Bhreatain Bheag go hÉireann. 

De reir an taighde atá déanta, is féidir fear as gach cúigear i gceantar iar thuaisceart an oileáin.  Muintir is Sliocht Uí Dhónaill atá i gceist. 

Clár an-speisiúil a bhí ann agus beidh an dara chuid á chraoladh an Luan seo chughainn tar éis na nuachta. 

Sea, bionn tú ag fánacht ar feadh i bhfad le h-aghaidh clár spéisiúil teilifíse ansan craoltar dhá chlár spéisiúil ar shála a cheile ar RTÉ.

Face Off – Churchill V De Valera an dara clár agus bhain sé leis an chaidreamh idir Príomh Aire chogaidh na Breataine, Winston Churchill, agus Taoiseach na tíre seo, Éamonn De Valera,  le linn an chogaidh agus ag a dheireadh. 

Agus tá’s againn an toradh a bhí ar sin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s