Ardán nua Gerry Adams

gerrysblogs

Taca an ama seo, de ghnáth, bionn deireadh le saoire na Nollag agus bionn daoine ar ais ag obair.  Anuraidh ag an am seo, bhí an chéad eagrán de Lá Nua tar éis saoire na Nollag foilsithe.

Gan dabht, ar maidin inniu [Dé Luain], ní raibh aon eagrán ann de Lá Nua nó tá an nuachtán sin faoin bhfód ó roimh na Nollag.  Ní gá dom an scéal sin a aithris arís anseo!

In áit sin, ar shuíomh idirlíne an Belfast Media Group, páirt úinéirí Lá Nua mar a bhí, bhí blag nua á sheoladh.  Blag uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams. Ní doigh liom gur margadh maith é sin don fhoilsitheoir nó don lucht leitheoireachta.

Is dócha gur fiú é a léamh.  Ach ná bac teachtaireacht ar bith a fhágáil ann le ról suarach Shinn Féin i mbás Lá Nua nó, mar a fuair mise amach nuair a dhein mé amhlaidh, níl fáilte rompu.

Ní chuireann sin íontas orm, is dócha, nó mar atá ráite agam roimhe seo, is cosúil go bhfuil Sinn Féin, a bhíodh ag gearán agus ag geonaíl faoin chinsireacht a bhí á imirt orthu a bhuí de Gerry Collins [Fianna Fáil] agus Conor Cruise O’Brien[Lucht Oibre], agus d’aontaigh mé go raibh éagóir á dhéanamh orthu ag leitheidí Mír 31 den Acht Chraolacháin, is cosúil go bhfuil Sinn Féin anois ina gcinsírí chomh tréan agus chomh brúidiúil is a bhí an Cruiser agus rialtais éagsúla an Daorstait rompu!

6 thuairim ar “Ardán nua Gerry Adams

  1. séamus Mac Seáin

    buíochas le Dia go raibh duine eile ann ar diúltaíodh dá theachtaireacht ar bhlag Gerry Adams.Nuair nár foilsíodh an rud a scríobh mé féin (béasach go leor dar liom) faoí dheireadh “LÁ NUA” shíl mé gur orm féin a bhí an locht agus go ndeacha sé isteach sa cyberspás ach is léir anois gur chinnsireacht a bhí ann.Níl a fhios agam, an ar an Ghaeilge a rinneadh an chinnsieacht nó ar an bhárúil a nocht mé ach ar a laghad ar bith Ghuigh mé bliain úr mhaith dó ar mo theachtaireacht a dhiúltaigh sé a fhoilsiú agus guím arís dó é.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Beifear ag baisteadh an bheirt sean fhear grumpiáilte orainn, a Shéamuis. Ach creidim gur féidir linn cumann nua a bhunú agus is cumann faoi ghradam a bheas ann, Cumann na Neamh Bhalbh!

    Ar a laghad níor eirigh le SF An Druma Mór nó iGaeilge a chur ina dtost….

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    tabhair sean fhear ort féin a choncubhair má’s maith leat ach níl mise ach 71 bliain de aois, óg mo dhóthain.

    Bliain úr mhaith duit féin do Caroline,do Art agus do Danú

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    a choncubhair
    is féidir go ndearna muid beirt eagóir ar an uasal Adams agus nach é féin ach “MINDER”(bíonn minders ag daoine mór le rá an dtuigeann tú?) a rinne an chinsireacht orainn nó tcím gur duine eile atá ag scríobh blag “Gerry A “maidin inniu

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil an cheart agat, a Shéamuis, agus mé a cheartú ar cheist na seanfhear grumpiáilte. Ní miste liom go ndéanfar ceartú orm anseo….murab ionann is MPs nó a gcuid minders!

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    ní do cheartú a bhí mé a choncubhair ach ag magadh.Tá mé sean go leor gan dabht ach tá beocht sa sean mhadadh ar fad

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s