Iosrael an chine dhíothóir

Is léir ón méid atá tarluithe ón Satharn go bhfuil Iosrael ag iarraidh an braon deireannach fola a bhaint as réimeas George W. Bush sa Teach Bhán ar eagla nach mbeadh an céad céanna acu cine dhiothú a dhéanamh ar a gcomharsain, na Pailistínigh, faoi réimeas Obama sa Teach Bhán. 

Níl aon am agam do na h-ionsuithe diúrachán atá á dhéanamh ag Hamas ach ní féidir a rá gur ‘freagra’ atá ann scaird eitleáin F16 agus eile a chur ag scriosadh mathracha is páistí i nGasa.  Tá ainm ar an rud atá á dhéanamh ag Iosrael – agus ní díoltas atá ann ach díothú.  Cinedhiothú. 

Níl sé ar an scála céanna leis an rud a rinne na Naitsithe ar na Iúdaigh sna 30í is na 40í – ach is é an nádúr céanna atá á thiomáint. 

Sibhialaigh is mó atá ag fulaingt ar an dhá thaobh agus léiriú eile é sin ar an slí atá cogaíocht ag athrú.  Sa Chéad Chogadh Domhanda, ba saighdiúirí agus daoine faoi éide is mó a maraíodh is a gortaíodh.  A mhalairt ar fad atá fíor inniu – agus tugtar dul chun cinn ar an méid atá tarluithe ó shin!

Dúirt Obama go raibh sé ar shon Iosrael a chosaint ó bhagairt Arabach agus é i mbun feachtais.  Tá sin maith go leor.  Ach caillfidh sé pé údarás morálta atá aige ar an gcéad lá tar éis a inshealbhaithe ar 20 Eanáir mura dtugann sé aghaidh ar sheabhaic Iosrael agus a rá leo go neamh bhalbh nach dtacóidh Stait Aontaithe Mheircea in aon bhealach le h-ionsuithe mileata ar shibhialaigh.

Ar ndóigh is léir gur beag seans a bheidh ann go mbeidh Obama ag íonsaí Iosrael go h-oscailte agus fear de shliocht Síónach, Rahm Emanuel, mar cheann foirne aige sa Teach Bhán.  Ach b’fheidir gur fear é an tUasal Emanuel a bheidh úsáid leis chun labhairt go réasúnta le hIosrael ar son na siochána. 

Beidh le feiceáil….

3 thuairim ar “Iosrael an chine dhíothóir

  1. Ciarán

    B’fhéidir go mbaineann an cás níos mó le polaitíocht Iosrael ná le polaitíocht SAM. Beidh toghcháin ag titim amach roimh i bhfad agus caithfidh Síónaigh na “heite clé” táispeáint go bhfuil sé chomh hábalta leis an eite dheis na fodhaoin- er, am, na Palaistínigh a chur faoi chois.

    Níl mórán dóchais orm dála an scéil go mbeidh Obama níos fearr ná Bush ó thaobh na Palaistíne, agus an MheánOirthir i gcoiteann, de. Tá an bhunfadhb fós ann – sna díospóireachtaí uachtaránachta i SAM bhí sé soiléir le feiceáil ón dá iarrthóir gur síleann siad gur leo an domhan.

    Freagra
  2. Dónall Ó Mearáin

    Ar ndóigh is scanrúil agus is scannalach na hionsuithe ar mhuintir na Pailistíne, ach ní déarfainn go beacht gurbh é an nádúr céanna atá taobh thiar den chinedhóthú a rinne na Naitsithe agus atá taobh thiar d’fhoréigean na n-Iosraelach. Is é an coilíneachas atá i gceist anseo agus an drochmheas a chothaíonn sé i measc na gcoilíneach maidir leis na dúchasaigh. Tá an meon céanna le mothú inár dtír féin i measc cuid mhaith de na haontachtóirí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s