Coimhlint chultúrtha

Tá freagra faighte ag Sarah Carey as a h-alt mí stuama agus, dar liom, mí ionraic ar ghaelscoileanna ar leathnach na litreacha in Irish Times an lae inniu.

Tugaim faoi ndeara go bhfuil na pointí ar dheineas féin – nó a raibh sé i gceist agam – luaite ann agus ní fheadar anois an mbacfaidh mé scríobh chuig an fóram sin.

Ach, seo an rud, tá sé thar am go músclóimís agus go dtuigfimís go bhfuil an Ghaeilge agus pobal a labhartha faoi íonsaí sa sochaí seo, go dtugfaimís aghaidh ar an bhfadhb sin agus go ndéanfaimís ár machnamh air ach freisin, go rachaimís i ngleic leis.  Nior cheart ligint do dhaoine ar nós Sarah Carey, dá amaidí í, bheith ag spalpadh bréaga i nuachtán an taifid gan dúshlán a thabhairt di agus don bhunús amhrasach ceomhar ar a mbunaíonn sí a cuid ramhaille.    

Cinnte aithníonn cainteoirí Ghaeilge agus tuismitheoirí gaelscoile chomh mí réasúnta is atá sí – ach tá daoine eile nach n-aithneoidh a leitheid.

Idir an dhá linn, tá moladh ag dul don dream úd a chur an trioblóid orthu féin na litreacha seo a scríobh le linn séasúr na Nollag, iad san ar fhoilsíodh a litreacha agus iad san eile nár eirigh.

Freagra eile ar an gcolúnaí inniu – agus is fiú go mór é a léamh.

5 thuairim ar “Coimhlint chultúrtha

  1. séamus Mac Seáin

    is maith i gcónaí iriseoir a cheartú nuair gheibh sé/ sí na fíricí contráilte agus sin an rud atá déanta agatsa ar an bhlag seo agus ag na daoine eile a d’fhreagair an bhean uasal Carey ar an Irish Times féin.Gheobhaidh an fhírinne an bhua i gcónaí.freagraí stuama béasach a bhí iontú uilig agus b’amhlaidh a b’fhearr mar sin iad.san am céanna níor cheart go mbéimis ró bhuartha faoí thionchur na niriseoirí
    áineolacha atá againn sa tír seo. tá mise sean go leor le cuimhne a bheith agam ar na hionsaíthe fíochmhara a rinneadh go leanúnach ar an teanga ag iriseoirí mór le rá sa tír seo ó 1950 ar aghaidh ach níor stop siad gluaiseacht na nGaelscoileanna,bunú Raidio na Gaeltachta,bunú TG4 agus 100 rud eile fiúntach nach iad.Le fírinne sílim gur spreag na hionsaíthe daoine chun gnímh ach maith sibh as an fhód a sheasamh ar shon an chirt

    Freagra
  2. Séamas Ó Neachtain

    Tuigeann tú anois conas a mhothaím agus mé ag iarraidh cás Iosrael a mhíniú do dhaoine nár chuala ach bolscaireacht frith-Iosraelach fad a saoil. Ach mar an gcéanna leis an gcás sin, bíonn sé tabhachtach “bréag” a chur ar bhréag, cé chomh minic a n-insítear é, nó glacfar leis mar an fhírinne (mar a chreid Stalin).

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    I gcead dhuit, a Shéamuis, ní doigh liom go bhfuil aon chosúlacht idir cás na nGaelscoileanna agus cás Iosrael. Go fóill níor chuala mé faoi tuismitheoirí Ghaelscoileanna ag scaoileadh mathracha is páistí na n-iriseoirí tré eitleáin F16 a chur ina dtreo agus, anuas ar sin, buamaí móra Meirceánacha a chaitheamh leo, mar atá léirithe le cúpla lá anuas. Glacaim leis go raibh bagairt ann ó na diuracháin a bhí á scaoileadh ag Hamas ach bhí an aisfhreagra as comhréir leis leis an bhagairt.

    Freagra
  4. Séamas Ó Neachtain

    B’fhearr leat go marófar duine ar bith de na Palaistínigh gach uair a mharaítear Iosrealach, duine ar dhuine, is dócha. Aisfhreagra ceart sin. Muise. Ach ní bhaineann sin le hábhar, pé scéal. Is bréag bréag, agus is droch-chlaonadh droch-chlaonadh.

    Freagra
  5. aonghus

    Scríos fhéin nóta gairid freisin.

    Meas tú an bhfuil feachtas eile á thosnú ag lucht oidhreachta an LFM anois agus plean Gaeilge ar an dtairseach?

    Bhí alt stuama ag Muireann Ní Mhóráin ag freagairt do alt Holmquist.

    Is maith ann na litreacha, go háirithe ach iad a bheith béasach agus stuama. Más rud é gur foilsíodh an oiread san acu, is cinnte go raibh i bhfad níos mó istigh.

    Bhí sé suntasach freisin dar liom nár foilsíodh (go bhfios dom) ach an t-aon litir amháin ag tacú (más go sleasach féin é) le halt Holmquist.
    Ann ceann seo

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s