Freagra Shinn Féin ar mo cháineadh

Is cosúil go bhfuil duine éigean i Sinn Féin múscailte, maith go leor.  Nó tá freagra ar litir uaim faoi chás Lá Nua, Sinn Féin agus Foras na Gaeilge, foilsithe sa Sunday Business Post inniu.

Sinn Fein and cupla focail

Concubhar O Liathain’s letter (30/ 11/08) misrepresents Sinn Fein’s record in relation to the Irish language.

Sinn Fein has repeatedly stated its support for a daily Irish language news service, in print and electronic format. Sinn Fein members on the board of Foras recently put forward a motion urging Foras to revisit the matter of a daily Irish language publication at the earliest possible stage.

The publisher of La Nua has welcomed GerryAdams’ call for the provision of a daily news service in Irish.

It is important to note, though, that there also needs to be a strategy to assess marketing and the readership which can ensure the sustainability of any future publication.

Sinn Fein has worked in partnership with many individuals and organisations in support of Irish language business projects, Irish language schools and grassroots organisations throughout Ireland.

Sinn Fein is committed to continuing that work.

Our policy is open and transparent and we will continue to strive to promote and advance the Irish language.

Niall O’ Donnghaile, Sinn Fein, East Belfast

Ní h-aon íonadh gur duine den ghlúin óg, Niall O Donnghaile ón dTrá Ghearr, atá i gceist.  Eisean a chur peann le pár, nó méar le h-eochair chlár.

Maith é!  Creidim go mór sa ráiteas: Mól an óige agus tiocfaidh sí!  Is cuimhin liom an fhear óg seo a chur faoi agallamh le h-aghaidh alt faoin saol ar an dTrá Ghearr le h-aghaidh Lá na blianta fada ó shin, sara raibh an nuachtán tosnaithe ar an fhoilsiú laethúil in athuair i 2003.  An uair úd – agus b’fheidir go fóill – bhí an pobal ina raibh Niall ina chónaí ann faoi íonsaí leanúnach ó dhílseoirí ar Bhóthar Baile Nua na hArda in oirthear Bhéal Feirste.  Mar thoradh ar an agallamh sin, fuair sé tairiscint ó TG4 chun clár faisnéise a dhéanamh faoin leigear.

Molaim é as a aithint go bhfuil tabhacht leis an gceist seo cé go gcreidim go bhfuil roinnt lochtaí ar a léargas.

Creidim go gcreideann sé nuair a deir daoine sinsearacha ina phairtí leis go bhfuil siad tiomanta don Ghaeilge agus dá cur chun cinn.  Is é an deacracht atá agam nach gcreidimse na daoine sin, leitheidí Gerry Adams agus lucht SF ag bórd an Fheidhmeannais.  Trath dem shaol, chreid mé iad.

Ach tá mo shúile oscailte anois agus tá an calaois a rinne siad feicthe agam.

Tá Lá Nua ina thost anois de bharr cinneadh an Fhorais, cinneadh a thacaigh ionadaithe an phairtí leis ag an gcruinniú i mí Mheán Fomhair agus a chur Gerry Adams fáilte roimhe ag an am.  Rinne ionadaí amháin de chuid SF ar bhórd an Fhorais an cinneadh a chosaint i gcolún nuachtáin pháirtí Shinn Féin, An Phoblacht.

Neosfaidh an aimsir cé acu an mbeidh rath ar na moltaí a luann Niall atá déanta ag Sinn Féin maidir le seirbhís nuachta laethúil Ghaeilge, bíodh sé ar phaipéar nó ar an líon, a chur ar fáil.

Is léir domsa, áfach, go mbeadh úsáid níos eifeachtaí ar airgead an phobail breis a infheistiú i Lá Nua chun cur ar a chumas an margaíocht is an feabhsú tairge a dhéanamh le go mbeadh sé iomaíoch seachas a bheith ag iarraidh tosnú as an úr arís.  Dá mheid a chreideann an Fhoras agus Sinn Féin bheith caillte acu le h-imeacht Lá Nua/Lá, níl ann ach an beagán i gcomparáid leis an meid allais, dua, duthrachta is eile a chur bunaitheoirí an nuachtáin agus gach duine a sheol ina long ó 1984 i leith ann.

Mar a dúirt mé roimhe, tá ar phobal na Gaeilge an obair seo a dhéanamh, seachas bheith ag brath ar Fhoras na Gaeilge.  Ní feidir brath ar an institiúid sin airgead an phobail a chaitheamh ar rud ar bith ach ar a leas institiúide féin, pacaí cartaí is féiríní suaracha eile le suaitheantas an Fhorais orthu.

Táímse go fóill sásta €1,000 a chur le fiontar ar nós an Druma Mór má deir 999 Gael eile go bhfuil siad sásta amhlaidh a dhéanamh.  Táim sásta sintiús a ioc leis An Druma Mór le cinntiú go mairfidh sin beo.

Ach nílim sásta iontaoibh ar bith a chur i bhfocail agus geallúintí folmha, dar liom, pholaiteoirí ó Shinn Féin nó ó phairtí ar bith eile.

Ach an oiread le sin, níor mhaith liom m’anál a choinneáil agus mé ag feitheamh leis an lá go ndéanfaidh an Fhoras athchuairt a thabhairt ar an abhar seo, foilseachán laethúil i nGaeilge, at the earliest possible stage.

Ag meabhrú dom ar an dochar atá déanta ag cuairteanna Shinn Féin ar an gceist seo, agus ceisteanna eile nach iad [ath-aontú na tíre?], ritheann sé liom gur fearr i bhfad a bheadh cúrsaí mura mbeadh cuairt tugtha ag Sinn Féin ar an ábhar sa chéad dul síos.

Ní thabharfaí cuireadh do chreachadóir athchuairt ar lathair an scriosta chun athscrios a dhéanamh?

Mar sin féin, tá gá le daoine óga fuinniúla i Sinn Féin, i ngach phairtí, daoine ar nós Niall.  Nara fada go n-osclófar a shúile agus go mbeidh sé ábalta cinnireacht cuí a thabhairt dá phairtí ón nduibheagán ina bhfuil siad sáínithe, is léir domsa, faoi láthair.

Is é seo an bunlitir a sheol mé chuig an Sunday Business Post.  Nílim cinnte cé acu ar fhoilsigh siad an litir ar fad agus níl an bun-nasc agam don litir mar ar foilsíodh é.

A chara,

With all the focus on Fás and its profligate spending, sight shouldn’t be lost of another publicly funded agency which is largely unaccountable to the public or, at least, acts in a way which suggests that it believes itself to be unaccountable.
Foras na Gaeilge’s last published accounts and annual report are for the year 2003.  These weren’t published until 2007!   There’s no sign of accounts or a report for the years 2004-2007.   In terms of corporate governance, this wouldn’t be allowed.  Yet Foras na Gaeilge is allowed to get away with it, why?  Is it because it’s a cross border body in which Sinn Féin have a dominant position?  [Of the 16 members of its board, four are from Sinn Féin.]
Questions are being asked in the Irish language community about the funding priorities of Foras na Gaeilge.  In the next few weeks Irish language organisations working on the coal face trying to promote an Ghaeilge are going to be told whether or not they will have funding for the next few years.  Already the Irish language daily newspaper, Lá Nua, which pre existed Foras na Gaeilge, is to close a week before Christmas after it dared to question Sinn Féin’s effectiveness in promoting the Irish language in the Northern Ireland Executive and the board subsequently decided to end the contract for the newspaper.
At the same time the Foras is using the €200,000 it is saving by axing the Irish language newspaper, which had sales of almost 2,000 copies daily with many more reading it online at www.nuacht.com, to recruit translators for documents as Gaeilge which will, in all probability, never be read in Irish or in English.
There’s a culture of waste and of the promotion of unnecessary bureaucracy at the expense of creativity within Fás, Foras na Gaeilge and the wider public sector.  When cuts come they don’t seem to affect the bureaucracy.   Schools are told make teachers redundant so that children suffer in increasingly crowded classrooms, hospitals are told to leave nurses go and consultants’ posts remain unfilled and those who suffer are the elderly and the ill.
No doubt there will be those who say that funding for the Irish language should be cut to support hospitals and schools.  It’s hard, when looking at the ever expanding bureaucracy of the apparently unaccountable Foras na Gaeilge, to argue against that proposition though I am an Irish speaker who loves the language and who strives to promote it.
I firmly believe, however, that we need to promote our language but that this could be done in a way which avoids the waste of bureaucracy and concentrates the limited resources on those who are most creative and effective.    It’s clear to me that the politicised quango that is Foras na Gaeilge, as it currently stands, is surplus to requirements and not fit for the purpose which I’ve outlined.
Is mise
Concubhar Ó Liatháin
Iar Eagarthóir/Former editor
Lá Nua



7 dtuairim ar “Freagra Shinn Féin ar mo cháineadh

  1. GGN

    Arbh fhèidir linn nasc don bhun-litir a fheiceàil chomh maith chun tuiscint iomlàn ar an scèal a fhàil.

    GRMA

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is fear óg breá Gaelach é Niall Ó Donghaile ach is trua liom é a bheith gaibhte ag polaitíocht pháirtí is cuma cad é an páirtí atá ann agus is trua liom é maide as uisce a thógáil do chinne Shinn Féin ar an chéist seo.Má’s páirtí radacach é Sinn Féin ( agus bhéinn féin in amhras faoí sin mé fein}ní seasamh radacach a ghlac siad agus iad ag tacú le deireadh a chur leis an aon pháipéar laethúil Gaeilge a bhí ann.Ba mhó go mór mo mheas ar na Gaeilgeoirí breágha atá i Sinn Féin ( agus táid ann) dá dtágfadh siad amach agus easaontú le seasamh an pháirtí ar an chéist seo agus a chur i niúl go raibh an pairtí contráilte agus féacháint leis an chinne a chur ar cheall.in á ait sin fuair muid an gnáth ráiteas a chuireann páirtí polaitiúl amach gurbh ionann é agus ” an páirtí ceart nó contrailte”. Is é mo chomhairle do Niall agus do Ghael óg ar bith i bpairtí ar bith an tallann atá iontu a chaitheamh leis an athbheochan agus fág na polaiteoirí lena leithscéalta féin a dhéanamh.Narbh é Tomas Davis a dúirt “protect your language even more so than you borders”

    Freagra
  3. GGN

    “protect your language even more so than you borders”

    Nach cinnte, ach nach dùirt Mao Ste Dung go gcaithfidh tù snàmh i measc na ndaoine?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Cé h-iad na daoine a bhionn lucht SF ag snámh leo? Ní h-iad na Gaeil iad ar aon nós. Tá SF tar éis an chosmhuintir a ligint i ndearmad agus iad ina suí go te ar chathaoireacha arda na cumhachta. Maith go leor go bhfuil daoine maithe sna trínsí acu, leitheidí Niall, ach nuair atá an easpa cinnireachta chomh soiléir is atá, ní fada go mbeidh na daoine maithe ag dul leis an bpáirtí. Agus ansin beidh SF cosúil le FF….

    B’fheidir go bhfuil an lá sin tagtha do SF.

    Ach nílim sásta tacú le páirtí nach bhfuil ann ach ar mhaithe leis an chumhacht seachas leas an phobail. B’é an eachtra seo faoi Lá Nua a d’oscail mo shúile dom cé go raibh amhras orm roimhe sin fiú.

    Ba mhaith liom a cheapadh, áfach, go mbeidh an lámh in uachtar ag leitheidí Niall is daoine eile idéalacha agus go ruaigfear an dream atá ag baint feidhme as an nGaeilge mar a bheadh liathróid i gcluiche suarach pholatúil nach bhfuil á bhuachaint acu fiú. An teanga agus pobal a labhartha na caillteoirí.

    Freagra
  5. cairín

    Is maith freagra a fháil ó pháirtí polaitiúil. Suntasach, áfach, nach mar fhreagra ar ailt in igaeilge atá an litir seo ó Shinn Féin, ach mar fhreagra ar thuairim a foilsíodh i nuachtán clóite (Béarla, dar ndóigh). Sampla eile den fhimíneacht ar leith s’acu? Is leor nuachtán leictreonach do lucht na Gaeilge, (mar fhís, fiú, mar níl pingin ag teacht dá leithéid go fóill) ach b’fhearr i bhfad cumarsáide ar an Ghaeilge a dhéanamh leis an ‘mhór phobal’ ar phairpéar – agus i mBéarla.
    Tá ard-mheas agam ar an mhéid a rinne foilsitheoirí Lá/Lá Nua thar na blianta. Tuigim go raibh ualach i bhfad ró-throm orthu mar gheall ar an chonradh suarach a thug Foras na Gaeilge do Lá sa chéad dul síos. (Conradh dírithe ar ghéarchéim a chruthú don nuachtán, is cosúil.) Tchím gur thróid foilsitheoirí Lá arís is arís eile ar son an nuachtáin. Cad é tharla an t-am seo? Ar chiall siad misneach? Nó an raibh tionchar polaitiúl á imirt orthu? Ar chreid siad féin na ráitis a cuireadh amach go mall ag na polaiteoirí ag tacú le ‘nuachtán laethúil’? Má chreid, is léir nach leor iad le spreagadh ceart a thabhairt dóibh.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim nach féidir an locht a chur ar Ghrúpa Meáin Bhéal Feirste as eirí as an troid. Bhí £200,000 ar a laghad caillte ag an nuachtán le Lá/Lá Nua agus gan aon chosúlacht ar an scéal go bhfaigheadh siad an t-airgead sin ar ais – is amhlaidh go mbeadh níos mó airgid caillte acu.
    Creidim freisin nach raibh na foilsitheoirí ag iarraidh titim amach le Sinn Féin os rud é go bhfuil na nuachtáin eile sa ghrúpa suite i gceanntar laidir SF – iarthar Bhéal Feirste. An uair dheireanach ar fhoilsíodh alt tuairimíochta ag caineadh Gerry Adams san Andersonstown News, alt a bhí bunús leis má bhí sé garbh, d’fhoilsigh an nuachtán leithscéal ar an bpríomh leathnach an seachtain dar gcionn. Is cosúil go raibh eagla ar an nuachtán go gcaillfeadh sé fogróirí agus go raibh an bagairt sin déanta ag sciar de ghnóanna sa cheantar.
    Aontaím leis an gcuid eile atá le rá agat…..faoin chonradh a thairg an Fhoras do Lá d’fhonn is géarchéim a chruthú.

    Freagra
  7. GGN

    “Cé h-iad na daoine a bhionn lucht SF ag snámh leo?”

    An chuid is mò de na daoine in Iarthar Bhèal Feirste mar shampla?

    Tuigim an phointe atà a dhèanamh anseo agus silìm gur cheart do Ghaeil oga dul isteach sa pholaitìocht chun càs na Gaeilge agus eile a throid.

    Creidim i bpobalachas Gaelach ach chan i scarùnachas Gaelach – torthaì sa ghearrthreimhse go cinnte ach chan sa fhadtearma. Nì fèidir athGhael a dhèanamh as gach Gall ach tà sè ro-luath siùil ar shiùil uafa.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s