Fíor chluiche an Irish Times

As a parent I try to teach my children that they can’t have it all and in a world of finite resources someone always pays a price for our choices. I wish the Gaelscoileanna would learn that lesson before they expect taxpayers to pay for theirs.

Seo sliocht as alt Sarah Carey – is é an focal deiridh uaithi san alt.  Tógann sé ceist tabhachtach ar ndóigh ach tá bréag ollmhór faoi cheilt sa cheist sin. 

Is é an bréag sin go bhfuil sé á thabhairt le fios ag an gcolúnaí nach bhfuil aon rud á íoc ag tuismitheoirí dhaltaí Gaelscoileanna as oideachas a bpáistí. 

Amhail is nach cáin íocóirí iad. 

Ba bhrea liom dá mba rud é go raibh diolúine saor ó cháin ag tuismitheoirí dháltaí gaelscoile.  Ach ní h-amhlaidh an scéal.   

Is cleas é an abairt seo, cleas lofa bréagach, chun a chur ina luí ar léitheoirí an ailt go bhfuil siad ag íoc as ‘phribhléidí’ na nGaelscolaíochta. 

Meamram ón eagarthóir:  Ná dein dearúd ar na bpribhléidí sin i gcás Ghaelscoil Chabrach.  Franncaigh sna rangana, seomraí tais agus dámanta. 

Mar a dúirt mé is cleas lofa é seo.    Bréag lom atá ann.   Agus níl áit ar bith aige in alt ar bith i ‘nuachtán an taifid’.  Agus ní cheadófaí é in alt sa nuachtán sin dá mba rud é go raibh alt ar ábhar ar bith eile i gceist.  Ach ós rud é gurb í an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht atá i gceist, bhuel tá caighdeáin éagsúla i réim, is léir. 

Ní uair amháin a dheintear an pointe mí chruinn agus mí mhacanta sin san alt seo ón iriseoir seo.  Seo sampla eile: 

Parents are entitled to make every effort to improve their children’s chances in this world and Gaelscoileanna with their smaller class sizes and self-selecting participants are a good mechanism for that. But do me two favours: stop pretending that this all about the Irish language and don’t expect the rest of us to pay for it. [béim iGaeilge]

Tá an cheart aici go bhfuil tuismitheoirí i dteideal cúram a dhéanamh do thodhchaí a bpáistí agus gur bealach eifeachtach iad na Gaelscoileanna chun a bpáistí a chur ar bhóthar a leasa.  

Ach níl an cheart aici nuair a deir sí gur cur i gcéill é go bhfuil grá acu don Ghaeilge.  Agus, níos práinní d’abhar an lae inniu ar iGaeilge, níl an cheart aici nuair  a maíonn sí gur ‘an chuid eile againn atá ag íoc as’.   

‘An chuid eile againn’ – tabhair faoi ndeara go bhfuil sí ag labhairt ar son an mhóraimh mhór, gach duine, is cosúil, seachas tuismitheoirí dháltaí Gaelscoileanna, atá ag íoc as seo. 

Ar ndóigh tá ceist airgid i gceist.  Agus ritheann sé liom go bhfuil seo ag croí an ghearáin atá ag an Irish Times.  Cuirimís ar leataobh an tuairim go bhfuil dhá cholúnaí ag tabhairt faoi Ghaelscoileanna tre thimpist agus nach bhfuil treoir  – fíu mura bhfuil an treoir sin á thabhairt ach i bhfoirm nóid – ag teacht ó údarás nios cumhachtaí maidir leis na h-ionsuithe seo. 

Tá an Irish Times tógtha faoi chiorruithe atá déanta ag an Aire Oideachais ar scoileanna ina n-íocann na dáltaí táillí iontu nó, mar a thugann an nuachtán orthu, Scoileanna Protastúnacha.   Baineann na ciorruithe le scoileanna táillí de gach eiteos chreidmheach ach roghnaíonn an Irish Times san eagarfhocal seo cosaint a dhéanamh ar na scoileanna Protastúnacha amháin. 

Ní aontóinn riamh le leatrom a bheith á dhéanamh ar scoileanna Protastúnacha agus ciorruithe níos géire a bheith á dhéanamh orthu ar bhonn creidimh. 

Tá an oiread ceart ag Scoileanna Protastúnacha ar thacaíocht ón Stát is atá ag gach earnáil oideachais eile, an earnáil Gaeloideachais san áireamh. Má roghnaíonn tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig na scoileanna sin, scoileanna ina bhfuil an coibhneas dhaltaí:múinteoir ardaithe ó 18:1 go 20:1 sa bhuisead (28:1 an coibhneas i scoileanna sa ghnath chóras]. 

Ach má tá tairbhe i gcás na scoileanna Protastúnacha – agus creidim go bhfuil – is cás é a chaithfear argóint de reir a bhuanna féin.   Nior cheart do lucht an Irish Times iarracht a dhéanamh ar cos a bhualadh ar ghaelscoileanna le h-ardú céime a bhaint amach do scoileanna Protastúnacha. 

Agus creidim gurb é seo an fíor chluiche.  

Ní h-é seo an chéad uair gur mheasc an Irish Times ceist na teanga le ceist an chreidimh ar bhealach a bhí mí stuama, dainséarach agus deighilteach. Is cuimhin liom go fóill an bealach ar chaith siad leis an aighneas faoi Ghaelscoil Dhún Bóinne i gContae na Mí i 2001/2002.   

Más cuimhin libh bhí aighneas sa scoil idirchreidmheach sin de bharr gur chinn Príomhoide na scoile na páistí le h-aghaidh céad chomaoine a ullmhú chuige sin taobh amuigh d’am scoile.  Ní raibh an Bórd Bainistíochta nó an Fhoras Phatrúnachta sásta le seo mar s’én ciall atá le scoil idirchreidmheach go meascadh na páistí ó chreidimh éagsúla le cheile agus go mbeadh tuiscint agus meas acu ar chreideamh a cheile.  Dá ndéanfaí scarúint mar a bhí á mholadh ag an bPríomhoide sa chás seo, bheadh bun eiteos na scoile in amhras, dar liom.

Niorbh é sin tuiscint an Irish Times ar an scéal. Thacaigh siad san go h-iomlán leis an bpríomh oide agus a sheasamh de bharr an mí thuiscint a bhí acu ar idirchreidmheachas.  Tá idir chreidmheachas ceart go leor chomh fáda agus nach gá dá bpáistí cur suas le creideamh pháistí eile.  

Ar aon nós, tá tuilleadh le rá agam faoin alt seo agus fillfidh mé air amarach nó go luath ina dhiaidh sin…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s