Sampla eile d’eiteos frith Ghaelach an Irish Times

Tar éis do cholúnaí amháin comparáid mí chruínn agus mí chothrom a dhéanamh idir Apartheid agus Gaeloideachas – mí chothrom d’íosbartaigh Apartheid an oiread is do lucht leanta an Ghaeloideachais – tá colúnaí eile an Irish Times tar éis íonsaí a dhéanamh ar lucht an Ghaeloideachais an tseachtain seo. 

In alt ó pheann nimhe Sarah Carey, tá sí ag maíomh go bhfuil tuismitheoirí dhaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna ag iarraidh an chraiceann is a luach a bheith acu.  

Is cosúil gur spreagadh an racht seo ó Sharah nuair a thug sí faoi ndeara an aischothú a fuair an Irish Times mar gheall ar an t-alt a scrígh Kathryn Holmquist cúpla seachtain ó shin, alt ar spreag roinnt plé anseo maraon le litreacha chuig Madame Eagarthóir ag an Irish Times. 

Is colúnaí nua í Sarah ag an Irish Times.  Bhí sí ag scríobh ag an Sunday Times roimhe seo ach d’fhag sí an nuachtán sin le déanaí.  I gcolún dá chuid san Irish Times le déanaí mhaígh sí go raibh cinsireacht déanta uirthí ag nuachtán Domhnaigh Rupert Murdoch.  Anois tá sí leis an Irish Times agus tá sí ag iarraidh clú agus cáil a chruthú di féin ansin agus níl bealach níos éasca nó níos cinnte é sin a dhéanamh i nuachtán mór na Liobrálach in Éirinn ach íonsaí neamh liobrálach a dhéanamh ar an nGaeilge nó ar an nGaeloideachas nó gné eigean dá leitheid de shaol na hÉireann 

Deirtear liom nár cheart áird a thabhairt ar a leitheid de dhúramántacht.Ar ndóigh má thugaim freagra uirthí nach sasaím í agus an dúil atá aici a h-ainm bheith in airde ag an Irish Times agus an cur síós atá aici ar mo leitheid – an dream mí fhreagrach a sheolann a páistí ar ghaelscoil nó scoil Gaeltachta. Ach ní ligfidh mé tharam é – beidh freagra uaim anseo go luath….agus cá bhfios go dtabharfaidh mé chuairt ar bhlag Sarah le mo dhearcadh a chur in iúl  ansin freisin. 

Roimh a fhagaim an scéal ar leataobh don oíche – tá leathshúil liom ar Kings ar TG4 agus mo leathshúil eile ar an gclog mar go bhfuilim ag faire ar dul amach go dtí an tabhairne – déarfaidh mé an meid seo. 

In alt Kathryn Holmquist, bhí sí ag gearán go raibh Apartheid i réim sa chóras oideachais de bharr na buntaistí go léir a bhí ag páistí a bhí ag freastal ar Ghaelscoileanna is Scoileanna Gaeltachta . 

Agus is é an príomh phointe atá ag Sarah Carey go bhfuil an locht ar thuismitheoirí Gaelscoileanna má chuireann siad a bpáistí chuig scoileanna ina bhfuil franncaigh agus easpa áiseanna is eile ann agus nár cheart doibh bheith ag gearán nó ag déanamh agóide nó ag súil go mbeadh an ‘chuid eile againn’ bheith ag íoc as. 

An iad na franncaigh agus na ‘prefabs lofa’ agus eile na buntáistí a bhí Holmquist ag gearán mar gheall orthu?

3 thuairim ar “Sampla eile d’eiteos frith Ghaelach an Irish Times

  1. John

    Cuireann an airtegal seo déistin orm. Mise duine dóibh siúd a scríobh chuig an IT mar gheall ar phíosa Holmquist. Táid tar éis an méid ceannan céanna a fhoilsiú arís: tuairimí in áit fíricí, biogóideacht, mí-úsáid lipéid an chinedheigilt agus clúmhilleadh.

    Tá na hairteagail seo go léir frémhaithe i ndearcadh áirithe meánaicmeach – bíonn saghas éad ag na hiriseoirí seo, agus imní orthu go mbeidh buntáistí ag páistí eile nach bhfuil ‘tuillte’ acu ná ag a dtuismitheoirí. Ní féidir leo glacadh go cuirtear páistí ar Ghaeilscoileanna ach amháin chun buntáistí eacnamaíochta a bhaint amach, nó fiú chun inimiricigh a sheacadadh.

    Ní bhíonn an port céanna ag an IT mar gheall ar scoileanna príobháideacha. Measann siad go bhfuil na breis-bhuntáistí a cuireann na scoileanna úd ar fáil lán-tuillte ag páistí ó theaghlaigh saibhre. Ní fhreastalaíonn mórán inimiricigh ar scoileanna príobháideacha, agus ní fhreastalaíonn páistí ó theaghlaigh bochta orthu ar chor ar bith. Ach tá ‘cinedhelighilt soisialta’ den saghas seo
    in-ghlactha ag an eite dheis atá i gceannas ar an IT – mis rud ‘nádúrtha’é i sochaí caipitleach.

    Freagra
  2. aonghus

    Ní port nua atá anseo ó Sarah Carey.

    Ach tá sé deacair plé i gceart le ionsaí mar seo, gan cuma na maitheasa a chuir ar an té atá ag ionsaí.

    Tá na bun fíricí mí cheart aici. Is scoil náisúnta gach uile gaelscoil bunscoile, mar shampla.

    Agus níltear a caitheamh ar dóigh an bith eile leo ná mar a chaitear le haon scoil eile – ach amháin gur gaelscoileanna cuid mhór de na scoileanna nua, mar gurbh é sin rogha na dtuistí, an rogha bunreachtúil atá acu.

    D’fhanfainn glan ar a blag – ní bhfaigheadh tú sásamh ann.

    Ceist eile litir go dtí an Times – nó píosa meáite ag léiriú na fíricí mar a rinne Muireann Ní Mhóráin i gcás alt Holmquist. (Alt a chuir ionadh orm, ciall ceannaithe stuama is gnách a bheith aici siúd, marab ionann ag Sarah Carey ar den briogáid “sacadh siar ár scornach an Ghaeilge” í le fada.

    Freagra
  3. Ping: An Ghaeilge ‘eisíach’ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s