Moladh ar mire an Aire

Ní go dtí inné ar léigh mé den chéad uair an moladh is déanaí faoi chúrsaí Gaeilge ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta. 

De reir phríomhscéal Foinse [anois agus Lá Nua imithe nach bhfuil sé in am go n-eireodh an nuachtán sin den seafóid ‘príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge’, an teideal a thugann an nuachtán do féin, amhail is go bhfuil nuachtán eile ann]  tá an tAire ag moladh go mbeadh Udarás na Gaeilge ann chun féachaint i ndiaidh cúramaí Ghaeilge sa Stat ó dheas. 

Dar leis gur laincis ró mhór air féin agus an Stat go bhfuil foras tras teorainn i mbun na teanga ar an oileán.  Gan dabht, os rud é gur ar Fhoras na Gaeilge atá sé ag caint, tá an ceart aige.  Ach níl an Fhoras ina bhac ar fhorbairt na Gaeilge san taobh ó dheas den tír amháin nó is constaic é ar chruthaitheacht is eile sa teanga ar fud na hÉireann is gach aon áit ina labhartar an teanga. 

Ag fágaint ar leataobh ceisteanna faoi eifeacht an Fhorais [agus níl aon cheist faoi sin – is foras chun dochair na teanga é] agus na crioch dheighilte [ní luíonn sé le ciall an dream is mó ar suim leo an teanga a scarúint ó dhlínse an údaráis nua seo], tá ceisteanna eile le freagairt. 

Más amhlaidh, mar shampla, go mbeadh ionadaithe le toghadh ag an phobal ar bhórd an údaráis seo, faoi mar atá d’Udarás na Gaeltachta, bheadh buntaiste eigean ann don phobal.  Bheadh rud ann nach bhfuil ann maidir leis an bhForas – cúntasacht.  Ní féidir le Foras ar bith a rá go bhfuil siad freagrach don phobal más amhlaidh nach feidir leo cúntais a fhoilsiú go poiblí gach bliain.  Ba don bhliain 2003 go deireannach a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge a gcúntais. 

Ach an féidir a rá go bhfuil an ciall le maorláthas eile a bhunú chun riar a dhéanamh ar an nGaeilge?   Nach bhfuil an ceacht sin foghlamtha againn?  Is maorláthas é Foras na Gaeilge agus is ionann é agus lámh marbh ar an dteanga.   Is é nadúr an mhaorláithis faisceadh an bháis a bhreith ar an ábhar atá á mhaorláithiú acu agus é a mharú ar mhaithe leis an mhaorláthas a bheith beo. 

In áit bheith ag iarraidh roth pollta agus cam a athchruthú, ba cheart maoiniú ceart a thabhairt do na h-eagrais atá ann agus na feidhmeanna atá acu a rá go soiléir le go mbeidh na h-eagrais agus pobal cinnte faoi céard atá ar bun.   Foilsigh plean – nó léarscáil más fearr  leat – a leireoidh an pointe tosaigh agus an ceann scríbe agus roinnt moltaí faoin mbealach le tabhairt faoin dturas – agus ansan fag ag na h-eagrais na bealaí is eifeachtaí go ceannscríbe a bhaint amach. 

Tá ceist na criochdheighilte ag croí na deacrachtaí atá agam leis an moladh seo.  Má tá fadhbanna ann maidir le polasaí na Gaeilge ar bhonn tras teorainn, ar an mbonn go bhfuil aire frith Ghaeilge i mbun an roinn leis an gcúram sin air ó thuaidh, bhuel is cinnte gur constaic é sin.  Ach ní leithscéal é chun pobal na teanga a fhágáíl leo féin. 

Nach aisteach an scéal é go roghnaíonn an tAire an am seo, nuair atá guth an tuaiscirt tostaithe ag Foras na Gaeilge, chun a thuairim crioch dheighilteach a chur chun tosaigh. 

Níl aon chinnteacht go mbeadh maoiniú ann don dhá fhoras – mar bheadh dhá fhoras/udarás/institiúid teanga tras teorainn i gceist – ach nó ag an uair is rachmasaí don Tiogar Cheilteach, ba bheag an dibhinn a fuair an Ghaeilge uaidh.   Ní raibh aon ardú súntasach ar mhaoiniú an Fhorais ó 1999 go dtí an lá inniu in ainneoin go raibh arduithe ollmhóra ar bhuiséid leitheid an Chomhairle Ealaín – suas ó €22m i 2002 go dtí €80m do 2008.  [Maith go leor tá laghdú ar an mbuiséad do 2009 ach go fóill tá an Chomhairle Ealaíon ag fáil i bhfad Éireann níos mó ná an Fhoras cé, dar liom, go mbeadh comhthabhacht leis an dhá thosaíocht – go deimhin is tabhachtaí an Ghaeilge faoin mBunreacht.]

Níl de leithscéal ag an Aire – agus is leithscéal réasúnta é cheapfá – nach féidir airgead poiblí a thabhairt do dhream chomh mí eifeachtach le Foras na Gaeilge. 

Ar ndóigh is é an tAire féin a cheap comhaltaí an Fhorais. Eisean, in éineacht lena leathbhádóir, Greagóir an Bhéil Chaim, atá freagrach as an maorláthas ar mire atá ag tachtadh ár dteanga….

Agus ná dearúdtar é seo a rá – Nollaig Shona agaibh go léir.  Go mbeirimíd beo ag an am seo arís!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s