Teachtaireacht na Nollag ó Fhoras na Gaeilge

Is é seo thíos an teachtaireacht Nollaig a sheol Stiurthóír Seirbhísí Forbartha an Fhorais, Éamon ‘Daidí na Nollag’  O hArgáin chuig ceannasaithe na n-eagras buanmhaoinithe an tseachtain seo chaite. 

 

A Cheannasaí, a chara,


Is mian liom a chur in iúl duit gur ghlac Bord Fhoras na Gaeilge leis an
moladh seo a leanas ag cruinniú an Fhorais ar 15 Nollaig 2008;

‘Maidir le haon fholúntas a thiocfaidh chun cinn sna heagraíochtaí
bunmhaoinithe le linn 2009, moladh go mbeadh orthu cás a dhéanamh i
scríbhinn le Foras na Gaeilge le maoiniú a tharraingt leis an bhfolúntas
sin a líonadh. Bheadh ar an eagraíocht an cás a dhéanamh go bhfuil gá leis
seo i bhfianaise thosaíochtaí na heagraíochta agus Fhoras na Gaeilge ag an
am’.

Le gach dea-ghuí,

__________________
Éamonn Ó hArgáin 

Seo seift eile ag an bhForas le creimeadh a dhéanamh ar eifeacht na n-eagras Ghaeilge atá ag obair ar an dtalamh chun an teanga a chur chun tosaigh.   

Seo cinneadh an Fhorais a deineadh ag an gcruinniú céanna a shocraigh rataí deontais don bhlian atá romhainn.  Bhí na cinntí ar na rataí deontais bunaithe, shamhlófá, ar scrudú a rinne feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ar iarratas gach eagras le h-aghaidh bunmhaoiniú.  Sna h-iarratais sin bhí cursíos ar na bpostanna a bhí i ngach eagras agus an gá a bhí leis na postanna sin. 

Mas amhlaidh go dtarlaíonn sé go bhfagann fostaí nó beirt eagras atá bunmhaoinithe le linn 2009, cén fath go mbeadh gá le cead a lorg in athuair chun ionadaí a fhostú do phost atá ceadaithe theana féin ag an bhForas? Níl aon údar ann ach chun píosa beag oibre a thabhairt do bhall foirne éigean san Fhoras agus breis smachta a thabhairt don institiúid teanga tras teorainn thar mar a tá tuillte doibh. 

Nach mbeidh sé luath go leor an Fómhar seo chugainn, nuair a bheidh na h-iarratais le h-aghaidh 2010 á mheas ag gauleiters an Fhorais, chun teacht ar chinneadh faoi mhaoinithe? 

Pé scéal é, is mór an trua é nár chuir an Fhoras an moladh seo i b hfeidhm agus iad féin ag fostú roinnt earcaithe úra le déanaí.   An bhfuil gá an bhForas le h-aistritheoir nuair atá an tír lán le comhlachtaí aistriúcháin?  An bhfuil gá le failteoir in oifig folamh Bhéal Feirste?  An bhfuil gá le h-oifigeach cleireachais?  

Arbh é seo an úsáid ab fhearr den airgead  a shabháíl an Fhorais tre deireadh a chur le conradh Lá Nua? 

Freagraí ar chartaí poist chuig an tUasal O hArgáin…..

Aon tuairim amháin ar “Teachtaireacht na Nollag ó Fhoras na Gaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s