Cinntí maoinithe Fhoras na Gaeilge – buaiteoirí agus caillteoirí

 

maoiniu4Is iad seo na figiúirí a fuair mé ó Fhoras na Gaeilge inniu.  Na figiúirí ar thaobh na láimhe deise is iad san na figiuirí a raibh i bpreas ráiteas a d’eisigh an Fhoras thart ar am lón inniu.  Níl sé ar fáil go fóíll ar shuíomh idirlíne an Fhorais.  

Na figiúirí ar thaobh na láímhe clé, is ó shuíomh an Fhorais a tháinig siad.  Is é seo an nasc….

Bhí An Chigire Gaelach thíos den tuairim go bhfuil na figiúirí atá anseo mí chruinn, go h-áirithe i dtaobh Ghlór na nGael.  Nior bhain mé díobh nó níór chuir mé leo. Is iad figiúirí an Fhorais iad.    Táim sásta glacadh leis go bhfuil an fhigiúir atá sé ag lua cruinn mar gur luaigh mé roimhe seo go raibh laghdú beag ar fhigiúir Ghlór na nGael mé féin.    Ach ag an am chéanna ní mór don Chigire glacadh leis gur ó thobar an Fhorais a tháinig na figiúirí agus go bhfuil siad foilsithe ar shuíomh an Fhorais le breis is bliain gan aon cheartú bheith déanta orthu sa treimhse sin.  Níl anseo ach blag ach ag an am chéanna deinimíd ár ndicheall bheith cruinn go h-áirithe agus an scéal ag athrú leis i rith an ama.   Ag an am chéanna má tá míchruinneas i bhfigiúirí an Fhorais féin, bhuel sin scéal a chaithfidh an Fhoras féachaint chuige mar tá mo leitheidse ag brath ar na figiúirí atá siad ag cur ar fáíl. 

Mar thoradh ar ghearán an Chigire, áfach, rinne mé seiceáíl leis an bhForas agus dúirt urlabhraí liom go raibh  figiúirí a bhain le cúig eagras – Glór na nGael, Conradh, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge agus Raidió Fáilte – tar éis athrú ón am ar foilsíodh na figiúirí ar shuíomh an Fhorais um an dtaca seo anuraidh.  Tá na figiúirí leasuithe foilsithe anois agus tá siad cruinn. Léiríonn siad go raibh laghdú an bheag ar mhaoiniú Ghlór na nGael. 

Tá mé sásta leithscéal a ghabhail as míchruinneas ar bith más mo mhíchruinneas atá ann. 

Ní mór a chur san áireamh freisin gur tugadh figiúirí na bliana seo chaite i bhfoirm Euro amháín sa phreas ráiteas agus go bhfuil ar chúiseanna intuighte b’fheidir figiúirí eagrais ó thuaidh do 2009 á thabhairt i sterling.  Nior mhaith leis an bhForas bheith thíos leis, is dócha, dá mbeadh a thuilleadh laghdaithe ar luach an sterling i gcomparáid leis an Euro agus go mbeadh eagrais ó thuaidh ag fáil cúpla cent sa bhreis dá bharr.  Má tá cuma ar na figiuirí le h-aghaidh na h-eagrais ó thuaidh le h-aghaidh 2008, ní mór a chur san áireamh gur deineadh na cinntí maidir le maoiniú 2008 ag uair go raibh sterling i bhfad Éireann níos sláintiúla ná mar atá sé inniu (b’fhiú an Euro 74p sterling um an dtaca seo anuraidh, inniu is fiú 90p é).

De réir comparáid idir figiúirí 2008 agus 2009, ba chosúil go raibh méadú ag teacht ar mhaoiniú an Chonartha ón bhForas.  Is cosúil gur laghdú atá i gceist i bhfirinn de réir na bhfigiúirí leasuithe thuasluaite. 

Níl aon fhigiúirí sa mhéid a fuaireas le h-aghaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Duaradh liom go raibh cainteanna ag leanúint idir an gComhdháil agus an Fhoras faoi libhéal mhaoinithe 2009.

3 thuairim ar “Cinntí maoinithe Fhoras na Gaeilge – buaiteoirí agus caillteoirí

  1. An Chigire Gaelach

    A Dhuine uasal,

    Is eol dom go bhfuil do chuid figiúirí mí-chruinn – na cinn a bhaineann le 2008, ar aon chuma. Mar shampla, is eol dom go bhfuair Glór na nGael thart ar €628,000 i 2008, mar sin is laghadú atá i gceist le 2009. Ar sheiceáil tú do chuid figiúrí, a chara, roimh duit do chuid smaointe a chur ar an mblog? Bhféidir gur fiú duit leithscéal a ghabháil leis an mbeirt fhostaí (agus níl fhios agam cé hiad)atá ar Bhord an Fhorais agus atá fostaithe le Glór na nGael.

    Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn an t-eolas a chuireann tú ar shuíomh mar seo cruinn. Nach gceapann tú?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    taobh amuigh de fhigiúirí a beith cruinn nó mí chruinn is í easpa trédhearcacht an phróísís mhaoiníthe a chuireann isteach ormsa.Cad é an chritéir a úsáidtear le hairgead a bhronnadh?.Cé a dhéanann an cinne? Cad chuige a bhfuil maoíniú difriúl ag dreamanna dar leat atá ag cur na seirbhise chéanna ar fáil?.An ndéantar monatóireacht ar chaiteachas na ngrúpaí éagsúla?.Dar ndó ba chuidiú é dá mbeadh cuntais an Fhorais féin ar fáil ach nuair nach bhfuil agus nach raibh le blianta árdaítear na céisteanna seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s