Seo jab eile don Aire Cultúr

Fianna - Bratz......an bhfuil a fhios ag Gregory???

Fianna - Bratz......an bhfuil a fhios ag Gregory???

Ná h-iarr orm conas mar a tháinig mé ar an blúire eolais seo ach is leor a rá go bhfuil iníon agam atá faoi bhun trí bliana d’aois agus an suim aici i mbabóga.    Ní h-é go dtabharfá ‘babóg’ ar dhuine de na Bratz – nó dar liom siad go bhfuil siad an fasta suas ar fad….

I bhfianaise na suime atá ag Gregory Campbell i nithe den tsort seo – sé sin nithe neafaiseacha a tharlaíonn go mbionn ceangal neamh urchóídeach acu le gné eigean den chultúr phoblachtach – bhí mé buartha ar cheart dom é seo a lua ós ard.  Chuir an scéal faoi Dido agus ‘The Men Behind The Wire’ soir é – cad a dhéanfadh an fhianaise is déanaí de chomhcheilg phoblachtach/Ghaelach lena mheabhair?

Ní fhéadfadh sé morán dochar a dhéanamh. Seo liom.

Bhuel nach bhfuil an ainm ‘Fianna’ ar bhréagán amháin de chuid na Bratz.    Mar atá’s ag an saol mór, is é seo an t-ainm a thugtar ar eite óg an IRA.   Gan amhras, bhí sé ina ainm ar an bhuíon oglach a chosnaíodh Éireann trath go raibh Fionn Mac Cumhall agus Oisín is Goll Mac Morna is Conán Maol i réim. 

Cad a dhéanfaidh Gregory anois?  Cosc a chuir ar ‘Babóga’ um Nollaig?????

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s