Lá maith chun droch scéal a éisiúint

Tá bórd Fhoras na Gaeilge, faoi láthair, i mbun cruinnithe agus iad ag déanamh na gcinntí faoi na deontais atá le dáileadh ar eagrais Ghaeilge éagsúla. 

I bhfianaise gur thug urlabhraí de chuid Fhoras na Gaeilge le fios le déanaí ná raibh coisir Nollaig chun a bheith ag an institiúid teanga tras teorainn de bharr nach mbeadh sé ‘ceart’, glacaim leis go bhfuil an Fhoras ag iarraidh a thuilleadh ciorruithe a chur i bhfeidhm agus é a dhéanamh ar an mbonn go bhfuil an gheilleagar i ndroch staid. 

Ach éist le seo!  Nior tháinig aon ardú nó ísliú ar bhuiséad an Fhorais le h-aghaidh 2009.  Mar sin de nior cheart go mbeadh pingin níos lú i gcúntais an Fhorais. 

Níl a fhios againn, áfach, an meid airgid atá á thabhairt ar ais ag an bhForas bliain i ndiaidh bliana don dhá mhathair roinn as ucht gur theip orthu é a chaitheamh.  Nuair a labhair mise le h-urlabhraí ó Roinn Chultúir an Tuaiscirt anuraidh ag gearán ná raibh aon méadú tagtha ar mhaoiniú an Fhorais, duradh liom gur cheart dom ceist a chur ar an bhForas cé mheid airgead a tugadh ar ais an bhliain roimhe.  Chuireas an cheist agus duradh liom nár tugadh aon airgead ar ais – ach ar ndóigh ní féidir liom sin a sheiceáil mar ní raibh cúntais 2007 foilsithe ag an am sin – nó níl go fóill, gan bacadh le cúntais 2006, 2005 agus 2004.

Agus ár gcuid airgid á thabhairt do na bainc -€10bn – agus á shéanadh ar an gcóras sláinte, níl aiméar níos fearr ann chun ráiteas a eisiúint a thabharfaidh le fios don saol mór na giorruithe i saol na Gaeilge….

Ach bí ag brath ar mhí eifeacht an Fhorais gan an deis sin a thapú!  In ainneoin go bhfuil comhlacht mór le rá caidrimh poiblí ag saothrú ar a son.

Ar aon nós nílim ag iarraidh go mbeadh droch scéal ann d’eagras Ghaeilge ar bith nó tuigim go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall agus cúinsí deacair a dhothain acu.   Nior mhaith liom, áfach, go mbeadh aon duine faoi mhí thuiscint.  Níl aon géarchéim airgid ag an bhForas – ach go bhfuil siad ag caitheamh sciar ró mhór ar an eagras acu féin.  Níl aon méid airgid níos lú acu i mbliana – mar sin níl cúlú ag titim amach i saol  na Gaeilge de bharr easpa airgid ar an bhForas.  Má tá cúlú le bheith ann, is de bharr go bhfuil Foras na Gaeilge ag cur an eagras acu féin chun tosaigh ar eagrais atá ag saothrú sa ghort….

Eagras gan fís é Foras na Gaeilge.  Má tá eagras le dul faoin tua, ba cheart gurb é an Fhoras a bheadh ann.   Nílim dóchasach go dtarlóidh seo…nó tá tuairim agam go bhfuil an Rialtas an sasta leis an bhForas de bharr chomh mí eifeachtach is atá siad. 

Sea, agus ná ligtear dom dearúd a dhéanamh ar seo, más amhlaidh nach n-eisítear ráiteas faoi chruinniú an Fhorais inniu go dtí an Déardaoin, tar éis a 6, nuair a bheidh an sprioc – am deireannach le h-aghaidh Lá Nua sroichte, ná bíodh aon íontas ort….

Deir daoine go bhfuilim soiniceach ach ní doigh liom é.

Dála an scéil, léigh mé alt Ciaran Dunbarr inniu i Lá Nua agus bhí an chosúlacht idir é agus an méid a bhí á scríobh ag GGN anseo tamall gairid ó shin. 

Gan amhras tá locht áirithe ar lucht na Gaeilge nár cheannaigh siad a dhothain coipeanna de Lá Nua.  Ach is é seo an sampla foirfe den chearc is den ubh.  Bhí ar an nuachtán bheith ar fheabhas chun go meallfadh sé lucht na Gaeilge coipeanna a cheannach.  Ach bhí ar lucht na Gaeilge bheith á cheannach chun go mbeadh sé ar fheabhas.  Is é an fath go raibh cabhair an Fhorais ag teastáil chun cuidiú leis an nuachtán teacht treasna an droichid sin idir an nuachtán a bhí ann agus an nuachtán a fhéadfadh bheith ann.  Agus is é sin an áit ar theip an Fhoras.  Agus sin an fath go bhfuil furmhór an locht tuillte ag an institiúid is mó atá in ainm is tacú le h-obair na Gaeilge. 

Doibh san a thuigeann, níl an scéal seo ina scéal nua…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s