Moladh gonta le h-aghaidh gníomh grod

Seo teachtaireacht gonta.  Seo é an moladh atá agam. Gach duine a bhí ag íoc sintiús le Lá Nua, an síntiús sin a leanúint agus é a íoc in áít sin chuig An Druma Mór le go mairfidh sin beo.  Ní mór an méid é ach is tús é le seirbhís a bheadh neamhspleach ar dheontaisí stáit agus a chinnteodh go mairfeadh an iriseoireacht chlóite agus spiorad dó sharaithe Lá/Lá Nua beo.   Cad é a bhí ann ach thart ar €20/£15 sa mhí – ní  bhrisfidh sin duine ar bith.

Cinnteoidh sin nach gcloífidh maorláthaigh is cinsirí spiorad Lá…..

Mar aguisín – níl seo pléite agam le hEoghan O Néill agus mar sin níl a fhios agam a dhearcadh faoi.  Tá’s agam nach ar son an airgid atá sé ag obair ach ar son go ndéanfaí an obair seo.   Mar sin féin, ní féidir le duine bheith beo ar an aer amháin agus má tá seirbhís uainn, ní mór dúinn féachaint chuige go bhfuil luach saothar ann don t-é a chuireann an seirbhís ar fáil.  

Má ghlacann Eoghan le seo mar phlean chun cuidithe leis An Druma Mór, beidh roinnt nithe le socrú, cúntais bainc is socruithe maidir le dochair díreacha ach táim cinnte gur féidir seo a dhéanamh in achar réasúnta ghairid, b’fheidir fiú roimh Nollaig.

6 thuairim ar “Moladh gonta le h-aghaidh gníomh grod

  1. Seán Mór

    Má tá cuidiú ar bith de dhíth leis an mholadh seo a chur chun cinn a Chonchúir, déanfaidh mé féin mo dhícheall cuidiú leat. Ba mhaith liom féin go leanfar le seirbhís laethúil nuachta, agus ní féidir í sin a choinneáil ag gabháil go fadtéarmach gan tacaíocht airgid… ach ní shílim go mbeadh costas mór leis.

    Freagra
  2. aonghus

    Ní raibh síntiúis agam do Lá, ach bhíos a cheannach go laethúil. Bheinn sásta an €5.50 sin sa seachtain a chuir sa chiste.

    Cad iad na sonraí bainc? Mholfainn iontaobhas nó rud éigin a chuir ar bun chun an leas is fearr a bhaint as an t-airgead ó thaobh saoirse ó cháin 7 rl. Nó an rud a bheith faoi scáth eagraíocht éigin a bhfuil an seasamh sin acu cheana.

    Freagra
  3. Concubhar O Liathain

    Níl anseo ach moladh fánach go fóill, Aonghus. Má tá fonn ar dhaoine gníomhú dá réir, beidh orthu na socruithe cuí a dhéanamh. Is cinnte go bhfuil an rud a deir tú ciallmhar – ach beidh le feiceáil an bhfuil lucht An Druma Mór sásta leis mar smaoineamh agus mar cheangal.

    Freagra
  4. aonghus

    Tuigim sin.
    Ach theastaigh uaim na ceisteanna a rith liom a chaitheamh isteach sa phota.

    San daorstát seo tá airgead breise le fáil ag eagraíochta catharancha as airgead a thugann cáiníocóirí dóibh ach conníolacha áirithe a shásamh.

    Bheidh 20% sa bhreis le fáil ar €210 sa bhliain uaimse, mar shampla.

    Freagra
  5. aonghus

    Rud eile a fheicim go minic ar bhlaganna eile (tá sé ag Slugger O Toole, abair) ná nasc Phay Pal a ligean do dhuine deontas a thabhairt le cárta creidmheasa.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s