Sinn Féin – páirtí gan teanga, páirtí gan anam

Níl deireadh an lae do Lá Nua ach coicís uainn.  Ar an 19ú Nollaig beidh deireadh le ré a thosnaigh i mí Lúnasa 1984.  

Ní h-aon íontas ach go bhfuil seo ag goilliúint ar go leor daoine, go h-áírithe foireann agus eagarthóir an nuachtáin.  In alt uaidh inniu, tá Dónall Mac Giolla Chóíll ar an slí atá daoine ag caitheamh leis na laethannta seo.

Mar eagarthóir ar nuachtán atá ar leac na huaighe, faighim go leor cuirí chuig ócáidí eagsúla.
Tá sé mar a bheadh daoine den bharúil gurbh fhiú an dineasár a bheith i láthair uair amháin eile roimh thuirlingt na dreige fabhtaí úd ar an dromchla.
Tá rud eile a mhothaigh mé le mí anuas, caitheann daoine liom mar a bheadh duine le hailse mharfach, gan leigheas, gan dóchas, nó mar dhílleachtaí.
Croitheadh ciúin, uaigneach, brónach den chloigeann agus ar éigean a thig le daoine áirithe mo shúile a aimsiú agus iad ag labhairt liom.
Agus an oiread a chuireann an cheist céanna: “Cén lá an lá deireanach?”
Nó: “An mbeidh Lá (sic) go fóill ar an idirlíon?’’

I measc na gcuirí a fuair sé bhí ceann a chuir iontas orm – as an easpa comhthuisceana a léirigh sé – i measc toscaí eile. 

Ansin fuair mé cuireadh ó Shinn Féin freastal ar Shlógadh s’acu chun labhairt faoi… todhchaí nuachtán laethúil Gaeilge…
Bhéarfaidh mé cúpla nóiméad don léitheoir an nuachtán a thógáil ón urlár arís.
Ach mo léan, agus faraor géar, ní thiocfadh liom dul ann. Bhí an slógadh sin ar an Spidéal, agus ócáid eile agamsa i mBéal Feirste an oíche roimh ré.

Cad is feidir a rá, ach go dtugann sé íomhá im cheann.  Cuireadh ón meall oighir don Titanic cur síos a dhéanamh ar an dturas a bhí sé i gceist ag an oll long a thabhairt ar ais ó Nua Eabhrac go Southhampton! 

Is é an slógadh atá i gceist ag Dónall an slógadh bliantúil a bhionn á reachtáil ag Roinn Chultúir Shinn Féin agus is léir ón gcur síos seo, ina luaitear go sonrach ná raibh an slua céanna i láthair is a bhí blianta roimhe, go bhfuil níos lú speise ag lucht na Gaeilge i Sinn Féin ná mar a bhíodh. 

Ní nach íonadh.  Cé a chreidfeadh focal ó Shinn Féin i leith na Gaeilge?  Ní áirím an scéal le Lá Nua, nó bhí lámha Shinn Féin ar an scian a sháigh Foras na Gaeilge i bputóga an nuachtáin san Fhómhair, ach tá ceithre ionadaithe ag Sinn Féin ar bhórd an Fhorais agus má tá siad ar thaobh an dream ag cur na teanga chun cinn i measc an phobail, níl sé sin soiléir. 

Nó is beag feabhais atá tagtha ar mhaoiniú eagrais Ghaeilge ar nós Conradh na Gaeilge, dá feabhas is dá eifeachtaí iad, le blianta beaga anuas agus is cosúil go mbeidh giorruithe i ndán doibh san atá ag obair i measc an phobail arís agus Foras na Gaeilge ag déanamh buaileam sciath faoin chinneadh s’acu gan ‘coisir Nollaig’ a reachtáil mar ní bheadh sé ‘ceart’.  Is leor leid….

Nílim chun a thuilleadh ama a chur amú ag cáineadh SF.   Ba cheart náire a bheith ar an phairtí.  Is léir gur beag eifeacht atá ag Roinn an Chultúir – ní feidir leis an rannóg seo fiú suíomh idirlíne a reachtáil [Bhíos i láthair ag an ocáíd ar seoladh an suíomh ag an Chultúrlann – b’é Gearóid Mac Adaim a sheol an suíomh]

Ach táim beag bheann ar an gcáineadh atá á dhéanamh ag ionadaithe an phairtí ar Gregory Campbell as an phlé phaipéar a chuir sé os comhair an Coiste Tionóil inné.  Is beag idir Aire Rialtais ón DUP ag ionsaí na Gaeilge i bplé chaipéis [agus é ag maíomh go bhfuil sé ag tacú lei] agus páirtí a mhaíonn go bhfuil siad ar son na teanga agus a cheapann go bhfuil sé maith go leor deireadh a chur le nuachtán laethúil, an meán is mó ina raibh an Ghaeilge á léamh go laethúil!

Ná bíodh aon dul amú ar mhuintir Shinn Féin.  An oiread is go bhfuil locht ar Fhoras na Gaeilge mar institiúid nár sheas le Lá nó Lá Nua nuair a bhí gá leis, tá an locht ar an phairtí sin, ón Uachtarán go dtí an ball is úire, as ucht an dochar a rinne ionadaithe an phairtí ar bhórd an Fhorais, is iad sin Séanna Breathnach, Lucilita Breatnach, Marcas Mac Ruairi agus Eoghan Mac Cormaic, as a dtacaíocht don gcinneadh fealltach seo.  Agus ar eagla nach gcreideann sibh go raibh lucht Sinn Féin ag tacú leis an gcinneadh seo timpeall ar bhórd an Fhorais, is é seo coip de r-phost atá i mo sheilbh a sheol duine de bhaill Shinn Féin den bhórd, go dtí gniomhaí teanga a léirigh imní faoin gcinneadh: 

XXXX, a chara,

Creidim go bhfuil nuachtán laethúil thar a bheith tábhachtach do thodhchaí agus d’fhorbairt leanúnach teanga ar bith. Bhí an cinneadh seo pianmhar d’achan duine. Bhí sraith cruinnithe againn ar an cheist ag cíoradh gach féidearthacht. Thug Lá Nua agus Foinse in iúl d’Fhoras na Gaeilge nach raibh an maoiniú a bhí siad beirt ag fáil go leor leis an jab atá rompu a dhéanamh i gceart. Is beag fás a tháinig ar buiséad Foras na Gaeilge ó bhí 2003 ann. I rith an ama bhí costaisí ag dul in airde agus éileamh síor-fhásta ar an bhuiséad sin.

Le líon beag léitheoirí ag Lá Nua, bhí ar Foras na Gaeilge cinneadh a ghlacadh ar luach airgid i gcomhthéacs an brú atá ar an bhuiséad. Dá leanfaí le maoiniú do nuachtán laethúil bheadh orainn deireadh a chur do mhaoiniú áit éigin eile.

Ní chaillimid deis le rá leis an dá rialtas agus leis an Fheidhmeannas go bhfuil ganntanas airgid ag an Fhoras agus sílim go bhfuil sé tábhactacht go mbeidh an teachtaireacht sin ag teacht ón phobal fosta. Ní chóir dúinn ligean do DCAL, Londain nó BÁC a rá gur cinneadh an Fhorais é seo nach mbaineann leo. Muna dtugtar maoiniú ceart don Fhoras is tograí ar an talamh, an pobal, a bheidh thíos leis.

An conradh nua do nuachtán seahctainiúil atá ar tairiscint anois, mairfidh sé trí bliana. San idir linn beidh mé ag cur brú ar an Fhoras straitéis a chur le chéile le go mbeidh nuachtán laethúil againn arís. Muna gcuirfear le maoiniú an Fhorais, beidh orainn an t-airgead sin a bhaint ó rud éigin eile. Is na comhaltaí a bheidh ar an Fhoras a dhéanfaidh an cinneadh sin agus is dócha go mbeidh mo thréimhse féin críochnaithe.

Má tá airgead le baint ó rudaí eile a bhfuil Foras na Gaeilge ag tacú leo faoi láthair, ba chóir do pobal na Gaeilge príorachtaí s’acu a chur in iúl do na comhaltaí.

Bímid síor ag amharc ar an bhuiséad le cinntiú a dhéanamh go bhfuil luach airgid a fháil ag pobal na Gaeilge. Má leanann costaisí ag fás leocad é a chuirfeá féin deireadh leis? Ní chuirim an cheist sin go braschainteach ach leis an frustrachas a mhothaím féin a léiriú. Bhí cinneadh pianmhar le glacadh agus bhí orainn é a ghlacadh. Bíodh fócas againn mar phobal ar na rialtais a bhfuil de chumhacht acu cur le buiséad an Fhorais seachas ar an Fhoras féin.

Ta súil agam go léiríonn seo na deacrachtaí atá againn agus go mbeidh deis againn seo a phlé arís ar ball.

Beir bua

Comhalta SF de chuid an Fhorais

Ní fiú d’aon ghael tacú leis an pháirtí seo fhaid is a sheasann siad leis an gcinneadh a dhein siad a fhagfaidh an Ghaeilge níos boichte ná mar a bhí sí sara ceapadh iad ar na suiocháin seo timpeall ar bhórd an Fhorais. 

Máidir le h-iarratas an chomhalta go gcuirfí in iúl do chomhaltai an Fhorais na priaireachtaí atá acu, seo ceann amháín.  Ná dein seo, Ná cuir an t-airgead atá á choigilt le dúnadh Lá Nua – tuairim agus €200,000 – ar fáil don Fhoras chun fostaithe breise  a chur le foireann an Fhorais.  Tá fuíollach comhlachtaí aistriúcháin ann chun pé obair aistriúcháin atá le déanamh a dhéanamh – agus cheapfá nach mbeadh easpa ar an bhForas maidir le feidhmeannaigh le cumas aistriúcháin.

10 dtuairim ar “Sinn Féin – páirtí gan teanga, páirtí gan anam

  1. ggn

    Caithfidh mise a bheith ionraic, labhair mise le cuid mhór daoine ar an ábhar seo agus ní raibh mórán acu ro-thógtha.

    1. Creideann daoine gur thit caighdeán Lá ro-íseal.
    2. Deir siad, bhál, muna bhfuil Lá Nua and an BMG dul troid a dhéanamh cad is fiú a bheith tógtha fá Lá Nua.
    3. Deir cuid mhór daoine, ‘bhál, ní raibh daoine ar bith a cheannacht, mé féin san aireamh’ – ta sin cloiste agam arís is arís sa ‘Cheathrú Ghaeltachta’ fiú.
    4. Deir daoine fosta, daoine níos óige ach go háirthe gurbh fhearr dul ar líne, tá sé seo ráite agat féin.

    Fiú ar Raidió Fáilte, a bhíodh daoine tógtha fá Lá, glacadh le bású Lá Nua go measartha seimh.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Bí ”ionraic”, a Ghaeil gan Náire(?) – cén fath go bhfuil tú ag gabhail leithscéala ar son Shinn Féin? Tusa atá ag scríobh do Lá Nua faoi láthair – agus tú ag tabhairt le fios go bhfuil caighdeán an nuachtáín tite ‘ró iseal’! Tú féin a dúirt é. Níl aon amhras gur thit caighdeán Lá Nua mar gearradh an foireann go cnámh agus ní raibh aon slí go mbeadh dea thoradh ar sin. Gearradh siar an foireann mar gur dhiultaigh an Foras aon chabhair a thabhairt don nuachtán nuair a lorgaíodh cabhair – agus bhí SF ar an mbórd an uair sin freisin.

    Ní doigh liom go bhfuil tú cothrom ar Lá Nua agus BMG faoin easpa troda – tá sé ina throid leanúnach an nuachtán a choinneáil beo – agus bocht an buiochas a fuarthas as an troid sin agus na h-íbirtí ar deineadh ón bhForas agus ó Shinn Féin agus ód’ leitheid – an dream nach ceannódh nuachtán mar ná raibh sé ‘sach maith doibh’.

    Mhol mé féin dul ar líne agus go leanfadh an deontas ón bhForas. Diultaíodh don moladh sin agus d’fhag mé an nuachtán mar thuigeas an chinniúint a bhí roimhe agus tá cúram orm. Anois beidh nuachtán eile, Foinse, ann, agus ní bheidh aon tacaíocht ann le h-aghaidh seirbhís nuachta ar líne ón bhForas, agus mar chúiteamh ar an choigilt, beidh aistritheoir sa bhreis fostaithe ag an bhForas chun aistriúcháín a dhéanamh ar chaipéisí doleite an Fhorais go Béarla nó Gaeilge do leite. Bhí tuairim is 2,000 in aghaidh an lae ag léamh Lá Nua – sin níos mó ná 10 n-oiread an méid a léann furmhór na leabhair Ghaeilge a fhoilsítear gach bliain. Go deimhin nuair a chuimhníonn tú ar an airgead a chaitear ar an seirbhís nuachta ag TG4 – nach mbionn ach 16,000 ag amharc air gach trathnóna – bhí luach níos fearr á fháíl ag an gcáin íocóir as Lá Nua. Is é an príomh phointe a bhainim as d’argóínt go bhfuil go leor Gaeil sásta bheith ag feachtasaíocht ar son na teanga – ach nach bhfuil siad sásta í a úsáid mar ghnath chuid dá saol. Más amhlaidh atá, ba cheart dúinn a rá anois nach bhfuil TG4, nó RnaG, nó Foinse, nó gaelscoileanna nó eile uainn níos mó mar níl siad ach ag freastal ar mhionlach agus, sa deireadh thiar, níl siad ann chun go mbainfímís úsáid astu ach le go mbeadh cuma maith orainn. Ní gléas faisin í an Ghaeilge – is teanga í.

    Ar aon nós táim féin den tuairim go bhfuil caighdeán ionadaíochta Shinn Féin ar son na Gaeilge tite ró íseal – agus mar sin ní bhfaighidh siad mó vóta. Is cinnte nach n-áireoidh siad mar chailliúint é sin óir is léir go bhfuil go leor turcaithe go fóíll agus iad ag votáil don Nollag…..

    Freagra
  3. ggn

    Tuigfidh duine ar bith a leigh an píosa go raibh mise ag tuairisciú ann.

    Níor léirigh mé féin riamh mo sheasamh pearsanta ar an cheist.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    a GGN a chara,ní lia duine na tuairim,ach sílim go bhfuil caighdeán LÁ go measartha maith i dtaca le holc nuair a smaoíníonn tú ar na sríanta airgid agus achmhainne atá orthu. Is beag páipéar i nÉirinn atá gan locht ach ceannaítear iad. Thar na blianta rinne an fhoireann bheag a bhí ag an pháipéar éachtaí agus sin ar bheagán tuarastail.Ba laochra gan iomra iad,i mo thuairimse,a bhfuil ár mbuíochas tuillte acu uilig.I dtaca le troid a dhéanamh, troid lá in aghaidh lae a bhí ann an páipéar a thabhairt amach agus níl mórán daoine i nÉirinn a dhéanfadh na híobairtí a rinne siadsan ar shon na teanga.Ba dhaoine éirimiúla intleachtúla iad go léir a dtiocfadh leo a bheith iná suí go te agus páighe i bhfád níos mó acu ach iad dul a’ dh’obair áit éigin eile.
    I dtaca le GRÚPA MEÁIN BHÉALFEIRSTE de má’s fíor gur chuir siadsan £200,000 dá gcuid airgid féin isteach sa tionscnamh , nach mbeidh aon teacht arais air anois, ní gearán ach moladh atá tuillte acu sin comh maith.mar a dúirt an té a dúirt “níorbh é an páipéar a chuaigh ó chionn ach an pobal dar dual a dhídean”

    Freagra
  5. iGaeilge

    Níl nuachtán gan locht agus bhí agus tá lochtanna ar Lá Nua – ar an droch uair ní bheidh lochtanna ar bith air tar éis 19 Nollaig. Ní bheidh aon chúis gearáin ag na lúdramáin a cheapann go bhfuil Sinn Féin ag déanamh birt ar son na Gaeilge.

    Ní thuigim cén fath go bhfuil tú ag iarraidh Lá Nua a íonsaí, go h-áirithe agus tú ag scríobh don nuachtán, anseo agus sinn ag cáineadh Sinn Féin as tréas an pháirtí ar cheist an nuachtáin. Níl aon míniú ar an ionsaí ar Lá Nua ach go bhfuil tú ag iarraidh Sinn Féin a chosaint agus téarmaí na diospóireachta a athrú. Dein sin ar do bhlag féin mas maith leat. Agus ní chreidim an chaint seo faoi ‘tuairisciú’ atá á dhéanamh agat – aon uair a bhionn tuairisceoir ar Fox News ag iarraidh tuairim a nochtadh deir siad ‘Some People Say’ agus luann siad a dtuairim féin ansin amhail is gur dúirt duine eigean eile é.

    Nil aon rud fagtha sa chiste ag BMG le h-aghaidh Lá Nua. Ní h-é seo an chéad uair don ghrúpa sceimhle a fháil ó SF – nó doghadh go h-olc an chomhlacht ar cheist Daily Ireland agus iad ag súil go gceannódh lucht tacaíochta an phairtí an nuachtán. Níor cheannaigh agus chaill BMG £1m, gan trácht ar na scair shealbhóirí.

    Tá an phlé seo faoi Shinn Féin, faoi lochtanna an phairtí, faoin tréas a rinne an pháirtí ar an nGaeilge agus ar a gcuid laochra féin, leitheidí Bobby Sands, leis an gcinneadh seo.

    Ní raibh mé chun filleadh ar an gceist seo ar chorr ar bith ach go raibh an oiread sin déistin orm faoin gcuireadh a thug SF do Dhónall labhairt ag an slógadh faoi ‘thodhchaí an nuachtáin laethúil Ghaeilge’, amhail is gur mhaith le duine a bheith ag caint le daoine faoin todhchaí i ndiaidh a dheasghnatha socraide.

    Dá mbeadh aon cnámh droma agat, nochtfá na tuairimí atá tú ag ‘tuairisciú’ faoi chaighdeán Lá Nua bheith tite id cholún, faoi d’ainm féin, sa nuachtán Dé Luain.

    Freagra
  6. ggn

    Níor lochtaigh mise Lá Nua nó a foireann riamh ach is é mo thuairim nach mbeadh aon dul cinn gan eisteacht leis an Ghaeilgeoir ar an tsráid.

    Freagra
  7. an Ghaeilgeoir ar an tsráid

    Níl togra, ná eagras, ná duine aonair gan locht. Ach ní raibh eagla a riamh ar Lá / Lá Nua glacadh le cáineamh. Ní raibh eagla air caighdeán agus scóp an nuachtáin a fheabhsú go leanúnach, taobh istigh do na teorainn agus féidearthachtaí s’acu. Níor dhiúltaigh Lá /Lá Nua a riamh roimh bhealaí nua le scéal na Gaeilge a scaipeadh. Maidir le nuachtáin idirlíne, leoga, mí Feabhra seo caite, i mbéal na gearrchéime, nuair a bheadh dream ar bith eile ag caoineamh leo, chuir Lá Nua moladh dearfach chun tosaigh, nuachtán idirlíne laethúil a fhorbairt in áit chur le billí móra clódóra. Moladh samhlaíoch, réadúil, solúbtha. Cad é an machnamh agus idirphlé a rinne an Foras air? Faic.
    Ní thuigim cén fáth a dhéanfadh Gael ar bith cosaint ar áisineacht chomh mí-chumasach, mí-oiriúnach, frith-phoblach is atá Foras na Gaeilge agus a Bhord de pheataí beaga polaitiúla. Cé acu is tábhachtaí do thodhchaí na Gaeilge, nuachtáin laethúil Gaeilge agus tograí eile fréamhaithe sa chomhphobal, nó foras maorlathach gan fís, gan cumas, gan straitéis, gan meas ar bith ar phobal na Gaeilge? Doiligh chreidbheáil, a ggn, go bhfuil tú sásta cinneadh an Fhorais a chosaint.

    Freagra
  8. Seán Mór

    Cúpla pointe agamsa féin, más ceadmhach dom iad a nochtadh anseo!
    1. Tá sár-iarracht á dhéanamh ag Eoghan Ó Néill ar an Druma Mór tús a chur leis an tseirbhís úr nuachta ar an idirlíon. Bheinn féin sásta mo shíntiús le Lá Nua a ardú rud beag, agus é a chur chun tacú le togra den chineál sin (ní bheinn in ann an Míle Euro a thabhairt in aon íocaíocht amháin mar a bhí tú á mholadh roinnt míonna ó shin a Chonchúir. Ach ní bheadh de dhíth ach go leor síntiúsóirí le nuachtóir/eagarthóir maith amháin a fhostú ag an tús, agus cúpla punt do dhuine le suíomh ceart nuachta a dhearadh.

    2. Níl a fhios agam cén fáth, ach tá fonn orm deireadh a chur le m’ordú le Foinse ar an lá céanna a bheas deireadh le Lá Nua. Sílim go bhfuil an oiread sin feirge ormsa mar gheall ar an chinneadh seo…

    3. An rud a ba cheart d’Fhoras na Gaeilge a dhéanamh nuair a bhí a fhios acu go raibh géarchéim maoinithe ann maidir le páipéir nuachta ná seo: Lá Nua, Foinse, Comhar, an tUltach, Bord na Leabhar Gaeilge, Saol, etc agus gach duine acu a thabhairt isteach in aon seomra amháin agus a rá go raibh deireadh le gach deontas, go raibh an maoiniú ar fad ag dul isteach i nuachtán ceart laethúil agus seirbhís nuachtán idirlín. Creidim féin gur géarchéim i léitheoireacht na Gaeilge ar fad atá ann, agus ní géarchéim a bhaineann le Lá Nua amháin. B’fhearr liom féin nuachtán laethúil (agus sin ag freastal ar chúrsaí nuachta, gearrscéalaíochta, ealaíne srl) ná aon iris mhíosúil, cuid de na leabhair atá á gcur i gcló srl. Baineann nuachtán laethúil leis an teanga laethúil, leis an teanga bheo. Léitheoireacht ócáidiúil atá sna foilseacháin eile.

    Freagra
  9. Concubhar O Liathain

    Tá alán den chiall sa mhéid a deir tú, a Sheáin, ach ní lochtóinn Foinse as ucht cinneadh an Fhorais. Is beag idir Foinse agus cinniúint Lá Nua go deimhin nó táim den bharúil gur beag an difir idir díolachán Lá Nua agus Foinse. Is cinnte nár fhoilsigh siad figiúirí diolachán le fada an lá agus mar sin níl siad ag iarraidh iad a fhógairt os comhair an tsaoil. Nuair a chuireann tú san áireamh gurb é 184 cóip an meán díolachán ar gach leabhar Ghaeilge a fhoilsítear, tá 2,000 léitheoir laethúil go maith. Nuair a chuireann tú san áireamh nach n-amharcann ach 16,000 ar Nuacht TG4, ar feidir leo a fheiscint i ngach seomra suí sa tír, gan deacrachtaí daileacháin, is mór an méid é 2,000 leitheoir.

    Tá daoine maithe ag obair leis an bhForas ach tá an institiúid féin gan fís nó tuiscint ar conas mar ar féidir an Ghaeilge a chur chun cínn. Tá an chinnireacht gan mhaith. Níl an dearcadh ‘is féidir linn’ acu. Agus nuair a thug Lá Nua le fios go raibh fadhbanna acu an chéad lá riamh, shuigh na h-ard feidhmeannaigh agus na baill boird ar a lámha, amhail is gur theastaigh uathu go dteipfeadh an fiontar. B’ionann sin, dar liom, agus séanadh freagrachta agus, le cois, úsáid místuama ar airgead phoiblí. Nuair a dhúnfaidh Lá Nua ar 19ú Nollaig, beidh gach pingin a infheistíodh ann riamh, airgead GMBF agus airgead an phobail caillte. Dhein Grúpa Meáin Bhéal Feirste a ndícheall agus ní fhéadfai ceist a chur orthu a thuilleadh a dhéanamh.

    Tá gach foilseachán tabhachtach. Tá éagsúlacht tabhachtach. Is féidir an éagsúlacht a bhaint amach ar an idirlíon agus níl sé chomh costasach is atá sé i bhfoirm clóite ar pháipéar. B’fheidir gur féidir linn an dúshlán seo a iompú ina dheis, mar atá á dhéanamh go h-eifeachtach is go cumasach ag Eoghan Ó Néill, agus earnáil foilsitheoireacha Ghaeilge a fhás.

    Seo moladh atá agam. Gach duine a bhí ag íoc sintiús le Lá Nua, an síntiús sin a leanúint agus é a íoc in áít sin chuig An Druma Mór le go mairfidh sin beo. Ní mór an méid é ach is tús é le seirbhís a bheadh neamhspleach ar dheontaisí stáit agus a chinnteodh go mairfeadh an iriseoireacht chlóite agus spiorad dó sharaithe Lá/Lá Nua beo.

    Freagra
  10. Seán Mór

    Aontaím leat go bhfuil gach foilseachán tábhachtach, agus go bhfuil an éagsúlacht tábhachtach. Níl mise in éadan foilseachán ar bith… ceannaímse iad uilig gan teip. An pointe atá mé féin a dhéanamh, ná go bhfuil nuachtán laethúil ar an cheann is tábhachtaí maidir le caint bheo na ndaoine agus forbairt léitheoireachta sa Ghaeilge. Fuair Foras na Gaeilge réidh leis an tseirbhís is tábhachtaí. Ba chóir seirbhís laethúil nuachta a shábháil ar dtús, ansin pilleadh ar na foilseacháin eile le héagsúlacht a chruthú. Idir an dá linn, d’fhéadfaí neart éagsúlachta a bheith taobh istigh de leathanaigh an Nuachtáin Laethúil. Nach raibh eagarfhocail de chuid Comhar curtha i gcló i Lá Nua ar na mallaibh? Cuid mhaith de na hailt sin a bhíonn sna foilseacháin eile, thiocfaí iad a chur isteach mar chuid de nuachtán laethúil, áit a mbeidh tuilleadh daoine á léamh.

    B’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Léitheoir atá ionamsa, ní eagarthóir ná scríbhneoir ná foilsitheoir.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s