Iarla Ó Lionaird ag an Cultúrlann

Is é seo Iarla Ó Lionaird, an amhranaí agus ceoltóir iomráiteach ó Ghaeltacht Mhúscraí, agus é i mbun coirm cheoil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste deich mbliain ó shin go díreach, trath go raibh mé cois cuain agus ag scannánaíocht liom ar mo dhícheall ag iarraidh slí beatha a shaothrú ó TG4. 

Tá súil agam nach miste leis go bhfuil an taifead seo agus é ag canadh Aoibhinn Cronán, dán de chuid An Chraoibhín Aoibhínn – Dúbhglas de hÍde a chuir Peadar Ó Riada ceol leis – beo ar an idirlíon.  Tháinig mé air ó chianaibh agus mé i mbun píosa scannánaíochta anseo i Múscraí agus thuig mé laithreach an luach a bhí leis.  

Léiríonn sé seo an pointe a bhí á dhéanamh agam aréir – faoi An Ghaeilge 2.0 – go soiléir.  Gan tuiscint nó cumas na Gaeilge ní bheadh tuiscint againn ar áilleacht an phíosa filíochta is an phíosa ceoil seo.  Is é sin an fath go mbímíd ag plé leis an teanga, ní ar mhaithe leis an teanga féin ach an saibhreas a chuireann sí ar fáil dúinn. 

Níl i gceist leis An Ghaeilge 2.0 ach nath cainte ar shlí amháin ach ar shlí eile ba mhaith liom amharc mar shlí eile chun smaoineamh ar an gceist seo, cur chuige nua ar fad. 

Cad faoi seo mar smaoineamh – táimíd go léir ag caint ar dhroch chás Lá Nua – agus bhí alt bhrea ag Ian Malcolm inniu faoi seo i Lá Nua – agus cad a thiocfaidh i gcomharbacht air.  Tá Nuacht Líne an Druma Mór ann gan amhras agus iGaeilge is eile, ach cad faoi cainéal Ghaeilge ar You Tube.  Agus cad faoi gaeil ar fuaid na tíre agus ar fuaid an domhain píosaí scannáin a dheineann siad féin a fhoilsiú ann.    Is féidir leas a bhaint as suíomh You Tube iGaeilge más maith libh ach é a chur in iúl dom.  

D’fhéadfadh gur nuacht nó siamsaíocht nó spórt a bheadh i gceist – an príomh rud go mbeadh áit amháin ar an líon a bheadh gach scannán Ghaeilge le fáil ann….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s