Chuala sibh trácht ar Web 2.0 – an téarma a chuireann síos ar an mbealach nua atá an t-idirlíon á úsáid mar ardán chun cur le seirbhisí a chuireann daoine ar fáil do dhaoine eile. Roimhe seo bhíomar ag iarraidh foghlaim faoin idirlíon agus conas a bhféadfaimís bheith níos cumasaí ina mbun – anois níl aon ghá le sin. Tá míniú de short eigean ar Wikipedia.
Níl aon teicneolaíocht nua i gceist chun teacht ar na seirbhísí seo – tá siad ann agus á chruthú i rith an ama chun a chur ar ár gcumas leas níos fearr a bhaint as an idirlíon, leas a bhaint as an ngréasán rudaí a dhéanamh ar líne a bheadh ana dheacair ar fad orainn a dhéanamh gan an t-idirlíon. Ritheann sé liom dá mbeadh an t-idirlíon chomh lárnach sa saol i 1984, nuair a bunaíodh Lá/Lá Nua, is atá sé inniu, gur ar an líon a bheadh sé ón am sin. Ach sin scéal eile – cé go bhfuil sé gaolmhar.
Ritheann sé liom go bhfuil sé in am dúinn smaoineamh ar an nGaeilge ar bhealach nua freisin – agus b’fheidir go bhfuil sin á dhéanamh theana féin ag daoine eile agus go bhfuil mise mall go dtí an cluiche.
Agus táimse chun tabhairt faoin téarma nua seo a chumadh – má tá sé nua ar chorr ar bith – le cur síos a dhéanamh ar an gcur chuige seo a fhéadfadh bheith againn chun an Ghaeilge agus an aois nua seo a chuir in oiriúint dá cheile níos fearr.
An Ghaeilge 2.0 – Is é an rud atá i gceist agam go mbeadh an béim níos mó ar na seirbhísí ar feidir leat a bhaint amach tríd an Ghaeilge ná mar a bheadh ar an nGaeilge féin. Mar shampla, go mbeadh tuiscint níos fearr agat ar an saol tré’n léamh breise a fhaigheann tú ar chúrsaí ó bheith ag léamh leabhar, nuachtán is irisí, is seirbhísí idirlíne i nGaeilge. Níl ansan ach sampla amháin – ach déanfaidh mé iarracht roinnt samplaí eile a thabhairt chun cuimhne agus a chur os bhúr gcomhair sna laethannta romhainn.
Más féidir linn an dearcadh seo a phréamhadh inár gcuimhní féin agus, de reir a cheile, i measc an phobail, creidimse go mbeidh rath níos fearr ar ár n-iarrachtaí ar an dteanga a chur chun cinn. Gan amhras, is é ‘cur chun cinn na teanga’ ar mhaithe leis an teanga an sampla den seana chur chuige. Ní h-ionann sin is a rá go bhfuil sé go h-olc mar chur chuige – ach nach bhfuil sé in am triail a bhaint as cur chuige nua…..
Beidh tuilleadh faoi seo le léamh anseo ar ball. [Agus nílim ag cur as an áireamh gur An Ghaeilge 3.0, 4.0, 5.0+ atá i gceist ach gur féidir ná raibh mé ag comhaireamh go dtí seo!]
Ping: Iarla Ó Lionaird ag an Cultúrlann « iGaeilge