TG4 = Teilifís Ghaillimh 4?

Príomh scéal Nuacht TG4 aréir – Dea Scéala do Ghaillimh – 200 post nua ‘fógartha’ le h-aghaidh comhlacht idirlíne Meirceánach atá le ceanncheathrú Eorpach a lonnú sa Ghaillimh.   Dea scéal cinnte ach ionann sin agus príomh scéal ar sheirbhís nuachta atá in ainm is a bheith náisiúnta.

Is minic a chuala mé daoine ag gearán faoi Lá Nua go raibh sé ro Thuaisceartach – nior ghlac mé leis an cáineadh sin mar gur thuig mé na h-iarrachtaí a bhí á dhéanamh againn tuairisciú a dhéanamh ar an dtír ar fad in aineoin na ndeacrachtaí a bhain le sin.    Mar sin féin bhí an tuiscint sin ag daoine ar chúrsaí.

An bhfuil aon baol ann go bhfuil TG4 ró Ghaillimheach agus go bhfuil an tuiscint sin á léiriú trí Nuacht TG4 ach go h-áirithe.

Cúpla oíche oshin agus mé ag faire ar an Nuacht ar TG4 – bhain trí as an chéad cheithre scéal le scéalta ón nGaillimh.

Má bhionn ‘vox pop’ ar siúl ag an staisiún, is i Siopa ‘Spar’ ar an gCeathrú Rua nó Siopa an Phobail in Indreabhán a bhionn na ceamraí.  Cén uair go deireannach ar deineadh ‘Vox Pop’ i Múscraí nó i gceantar Gaeltachta eile?

Deirtear liom nach mbionn ach idir 16,000-18,000 ag amharc ar Nuacht TG4 gach trathnóna.  Cé mheid airgid a chosnaíonn an seirbhís seo?  Tá’s agam go bhfuil sé faoi chúram RTÉ ioc as – ach nach sinne a íocann RTÉ?

An mbeadh sé níos fearr b’fheidir airgead na seirbhíse a thabhairt do Nuacht TG4 agus féachaint an bhféadfaidís cuma níos náisiúnta a chur ar an seirbhís ach daoine gairmiúla le samhlaíocht agus tuiscint níos iomláine ar an náisiún a chur á stiuradh?

Cad é bhúr mbarúil?

2 thuairim ar “TG4 = Teilifís Ghaillimh 4?

  1. Cuairteoir

    Gan amhras – ba cheart Nuacht TG4 bheith níos náisiúnta le píosa rialta ó Bhaile átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh srl. Tá níos mó cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ná mar atá istigh inti!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s