“Táimíd ag obair go láidir air”

Is é sin an phlean le go mbeidh an Ghaeilge ina theanga laethúil ag 250,000 chainteoir faoi 2028.  Is é sin an phlean a gealladh dúinn i mbéal na Nollag i 2006 go mbeadh sé againn faoi dheireadh 2028. 

Is cosúil anois go mbeidh an phlean ag an Aire ‘go luath‘.  Is é sin a dúirt sé agus é ag labhairt le tuairisceoir TG4 aréir – an tuairisceoir céanna a bhí ag tuairisciú an dea scéala don Ghaillimh a luaigh mé i mir eile ar an mblag [léiríonn sé sin tosaíochtaí nuachta Nuacht TG4, scéal measartha don Ghaillimh á mheas mar scéal níos tabhachtaí ná scéal tabhachtach don Ghaeilge – cad do a sheasann an G i TG4 arís?]

An roball ar an scéal sin, má bhionn sé ag an Aire go luath, nach bhfuil a fhios aige cén uair a fhoilseofar an phlean agus go mbeidh moltaí ‘radacúla’ ann.  Luaigh sé freisin an ‘staidéar teanga-eolaíoch’ ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.   Tá mearbhall ormsa agus mé ag iarraidh tuiscint iomlán a fháil ar conas mar a imríonn an phlean tionchar ar an staidéar is a mhalairt. 

Nach abhar é sin le h-aghaidh eagrán speisialta do 7 Lá?

6 thuairim ar ““Táimíd ag obair go láidir air”

  1. séamus Mac Seáin

    do mheas, an mbeidh moladh radacach ann le páipéar laethúil
    gaeilge a bheith ar fáil faoin am sin? Má tá, abair gos íseal é ar eagla go gcluinfeadh comhaltaí Fhoras na Gaeilge é.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá na meáin phaipéir i nGaeilge cloíte – ach níl na meáin chlóite. Is é Nuacht Líne an Druma Mór agus seirbhísí ar nós iculturie an bealach chun tosaigh. Agus tá siad á dhéanamh gan cabhair ó Fhoras na Gaeilge.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is dócha go bhfuil an ceart agat gurbé an nuacht ar líne an bealach chun tosaigh ach níl mé cinnte go bhfuil ré na meáin chlóite thart go fóill. Níor éirigh le dream ar bith go fóill, go fios domh , nuacht ar líne a fhorbairt a dhéanfadh airgead do lucht á reachtála agus sin an deacracht go fóillín.Is é an tabhacht atá le páipéar clóite na gur táirgeadh cinnte é a thig a dhíol le daoine agus cúpla púnta a shaothrú as agus d’ainneoin sár iarrachtaí agat féin agus ag Eoghain is ar éigean go dtig obair mar sin a chur isteach go deonach na go páirt aimseártha ach ar feadh seal.Tá an tualach ró mhór.Caithfear daoine a íoc
    Níl a fhios agam cé mhéad síntiúsóir atá ag LÁ NUA ach ta sé riachtanasach ag dream éigin greim a fháil ar an liosta agus dul i dteangabhail leo féachaint lená dtacaíocht airgid a fháil taobh thiar den nuacht ar líne.Sílim go m’bhféidir go gcaithfear (ar feadh seal) rud éigin a thabhairt iná láimh dóibh, bíodh sé fríd an phost féin go raibh bealach aimsíthe le hairgead a shaothrú ar líne.
    Nach dtig tabhairt ar na daoine óga atá taobh thiar de “NÓS” á meáchán a chur taobh thiar den tionscnamh fíor thabhachtach seo agus “NÓS” a fhorbairt am éigin eile.Is cinnte go bhfuil NUACHT LÍNE LAETHÚIL i bhfád níos tabhachtaí o thaobh na hathbheochana de na iris míosúil ar bith dá fheabhas í.

    Freagra
  4. ggn

    B’fhéidir nach ionann go díreach fís an aosa óig agus na dreamanna a chuaigh rompu?

    Is onórach an togra é nós* ann féin agus tá ról ar leith ag daoine éagsúla.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Tá sé deacair a dhothain iris mhíosúil a fhoilsiú – ach gach seans gur céim i dtreo rud eigean eile é lá níos faide anonn. Níl aon bealach go n-iarrfainnse ar lucht Nós an aisling atá acu a fhágáil ar leataobh ar mhaithe ualach na h-aislinge atá agam a iompar. Tá sé i bhfad níos fearr go mbeadh teacht le cheile nadúrtha ann idir Nuacht Líne ADM,iCultur agus Nós agus cibé dream eile ar mhaith leo ina dhiaidh sin chun cineál comhar neamhspleach na meáin Ghaeilge a bhunú. Ní dhearfaidh mé cumann go fóill – mar gheall ar nach dtuigim go bhfuil an poinnte sin sroichte go fóill. Ach creidim go bhfuil bealaí ar feidir linn cuidiú le cheile, sinne atá ag foilsiú gan cabhair an Fhorais, agus is féidir liom a rá go bhfuil socrú déanta agam comhoibriú a dhéanamh idir Nós* agus iCultur.

    Sin an tús. Ní fheicim nuachtán laethúil Ghaeilge i mo thodhchaí – gach seans go bhféadfadh nuacht sheirbhís iomlán a bheith ann ar líne. Ach táim cinnte go bhfuil dream diograiseach ann atá sásta tabhairt faoi obair san earnáíl seo. Sílim áfach go bhfuil siad ag iarraidh botúin Lá Nua a sheachaint – sé sin le rá ualach ró throm a iompar agus a bheith íoctha faoina luach [agus ní ag caint ar thuarastal atáim] dá dtrioblóid. Is léir ná raibh Foras na Gaeilge [nó Sinn Féin] buioch as ár n-iarrachtaí ar son na teanga. Beidh orthu leanúint orainn dá gceal – agus i bhfirinne beimíd níos fearr as sa bhfad treimhse.

    Freagra
  6. caomhán

    Tá sé an-deacair seirbhís ar bith a chuir ar fáil go deonach go fad théarmach, agus tá an-obair dénta ag igaeilge agus Eoghan lena fhiontair nua. Tá an-buntáiste ag baint leis an ídirlín, ach ní mór airgead éigin a bheadh ag teacht isteach, agus ceapaim nach bhfuil mórann fógríocht amuigh ansin faoi láthair.ps Is deacair a creidúint nach bhfuil de lucht féachanta ag nuacht tg4 ach beagán ós cionn 10,000.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s