Iúr Chinn Trá – an Nua-Eabhrac nua

Um an dtaca seo anuraidh bhí na sluaite Éireannach ag eitilt anonn go SAM chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh i Macys, Bloomingdales agus siopaí an Chúigiú Ascail i Manhattan.  

I mbliana agus an géarchéim airgeadais ag breith greim orainn ar fad, is cosúil go bhfuil siad ag dul níos giorra don bhaile.  Chomh fada le hIúr Chinn Trá, an baile Éireannach a tharlaíonn do bheith suite ar an dtaobh eile de theorainn amhrasach [ar a laghad] a roinneann an oileán seo ina dhá chuid. 

Is cosúil go bhfuil idir polaiteoirí agus siopadóirí Bhaile Atha Cliath ar buile faoi seo.  Dúirt siad linn gur ionann agus ‘tréas’ é bheith ag siopadóireacht ó thuaidh – agus mhol siad dúinn ár dtír ghrá a léiriú tre bheith ag siopadóireacht leo.  In agallamh raidió, dúirt an tAire Airgeadais, Brian Lenihan, ná raibh an dream a bhí ag déanamh a cuid siopadóireachta ó thuaidh ag ioc a gcuid cánach sa stat ina mhair siad ach le Rialtas na Banríona.   

Is léir uaidh seo go bhfuil tuiscint níos fearr ag Jeffrey Donaldson ar thailte agus ar chriocha na hÉireann ná mar atá an Aire A irgeadais i mBlea Cliath!

Gabh mo phardún má thosnaím ag gáire os ard faoin gcaint seafóideach sin.  Ní minic ar feidir ‘siopadóírí Atha Cliath’ agus ‘tir ghrá’ a lua le cheile in aon abairt amháin.  Gan trácht ar pholaiteoirí na cathrach sin.  Céard a bhí le rá acu anuraidh agus na h-eitleáin lán le siopadóirí agus iad ag eitilt siar go dtí JFK?   

Gabh siar a siopadóirí!  

Ní h-é is go bhfuil sé i gceist agam dul go dtí Iúr Chinn Trá ag siopadóireacht – tá sé ró fhada uaim ar mhaithe leis an mbeagán a bheinn ag coigilt.  Ach tá dul amú ar éinne a chreideann nach dtuigeann gur cuid í Iúr Chinn Trá d’oileán agus de thír agus de phobal na hÉireann.   Tá sí chomh h-Éireannach le Sligeach nó le hInis Ceithleáin nó le Dun Dealgan nó leis an Omaí nó le Baile Mhúineacháin – agus níos Éireannai fiú ná Sraid Grafton!

Aon tuairim amháin ar “Iúr Chinn Trá – an Nua-Eabhrac nua

  1. An guth aduaidh

    Maith thú, a mhic, an cheart ar fad agat. Beidh mé fein ag siopadóireacht i gCorcaigh agus i mBéal Feirste i mbliana!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s