An Raidio Ga-Ga-Gaelach?

 

Raidio Ga Ga

Raidio Ga Ga

Inniu a sheol RTÉ dornán staisiúin nua ráidió digiteach – agus mar is ghnath, ón gcraoltóir náisiúnta, is beag freastal atá á dhéanamh ar an bpobal Gaelach sa tír seo. 

Chuardaigh mé gach sceideal le h-aghaidh RTÉ XFM, RTÉ 2FM, RTÉ Choice, RTÉ Junior agus RTÉ Pulse ón Luan go dtí an Domhnach agus oiread is clár amháin Ghaeilge a d’aimsigh mé ar na sceidil ar fad. 

Tá seans ann, áfach, go mbeidh roinnt Ghaeilge le cloisteáil ar chlár nua atá dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmopolitan, de bharr go bhfuil sé á láithriú ag Scott de Buitléar, craoltóir a bhíodh, mura bhfuil dearúd orm, ag cur clár Ghaeilge i láthair ó Cheatharlach/Chill Chainnigh.    Bhí sé fógartha ar Raidió na Gaeltachta ar maidin, amhail is go raibh an chraoltóir náisiúnta le moladh as ceannródaíocht, gurb é seo an chéad clár dírithe ar an bpobal homaighnéasach ag an staisiún.  Ní miste liom a rá go raibh sé thar am aitheantas a thabhairt don phobal seo. 

Beidh athas ar dhaoine a chloisteáil freisin go bhfuil clár ar RTÉ Choice dírithe ar éisteoirí ar suim leo ghnóthaí Chomhlathais na Breataine. Craolfar ‘Pick of the Commonwealth’ ag 5rn gach Luan.  

Tá cláracha freisin dirithe ar an bpobal Gearmánach sa tír seo agus an pobal Sualannach agus an phobal ó Choiré.   Tá clár ann freisin do phobal na Polainne – níl a fhios agam an i mBéarla nó i bPolainnis atá an chlár sin.   Is cosúil gur i mBéarla atá furmhór mhór na gcláracha murach gur i mBéarla atá siad ar fad.

Táim sásta go bhfuil aitheantas is aerspás á thabhairt do na pobail seo ar fad – íocann siad cáin agus cuireann siad leis an saibhreas pobail.

Ach tá amhlaidh á dhéanamh ag an pobal Ghaeilge is Ghaeltachta.  Cén fath nách bhfuil oiread is clár amháin sa bhreis le fáil againn?    Tá curtha go mór le líon na gcláracha phop cheol is a leitheid – seirbhísí breise do lucht éisteachta 2FM agus Lyric agus Radio 1 iad san ar fad.

Má deirim go bhfagann san pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in áit na leathphingine, ní h-ionann sin agus cáineadh ar RTÉ Raidio na Gaeltachta ach a mhalairt.   Deineann RTÉ RnaG riar mhaith ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta, riar chomh maith sin is gur féidir a rá go bhfuil sé tuillte acu fás agus forbairt a dhéanamh.  

B’é seo an deis, mar shampla, staisiún raidio i nGaeilge don aos óg a bhunú.  Ach nior tapaíodh an deis. An é nach bhfuil a mhéar ar an chuisle ag an Aire Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus é ag iarraidh, mar a deir sé go minic, plean a chur le cheile chun an Ghaeilge a shlánú mar theanga beo sa Ghaeltacht?

Tá staisiún ann dírithe ar dhaoine óga, RTÉ Junior. In ainneoin go bhfuil sé léirithe arís is arís eile go bhfuil suim thar na beartaibh ag an t-aos óg sa Ghaeilge, níl oiread is clár Ghaeilge amháin ar an sceideal sin ach an oiread.

 Ní feidir liomsa a aithint – agus b’fheidir go bhfuilim dall – an bhfuil aon chlár dírithe ar cheol thraidisiúnta i measc na gcláracha pop cheol ar fad.   Cuireann sé íontas orm nach bhfuil a leitheid ann de bhrí go bhfuil cartlann chomh fairsing ag RTÉ de cheol thraidisiúnta agus go bhfuil sé léirithe ag craoltóirí éagsúla, leitheidí Philip King, Ciarán Mac Mathúna, lucht Ceilí House is eile, go bhfuil siad go maith i mbun a leitheid is go bhfuil lucht éisteachta domhanda acu. 

Shamhlóinn freisin gur fánach an mhaise é bheith ag ag díriú ar phopcheol amhail is nach bhfuil foinsí eile ag daoine bheith ag éisteacht leis.   Cén fath go n-eistfeadh duine le clár cheoil atá faighte ar iasacht ag RTÉ ó Los Angeles, Morning Becomes Eclectic, nuair atá an clár céanna ar fáil ar an idirlion?

8 dtuairim ar “An Raidio Ga-Ga-Gaelach?

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Is cuimhin liom tú bheith ar sheó Ronáin Mhic Aoidh Bhuí tamall ó shin agus tú ag tabhairt le fios go mbeadh cuid den chlár i nGaeilge. Beag an méid Ghaeilge a chonaic mé ar an mblag atá á dhéanamh agat mar gheall ar an gclár. Gan amhras tá an cheart agat díriú ar phobal shainiúil – LADT – ach fagann sin nach bhfuil aon riar in aon chorr á dhéanamh ar an bpobal Ghaeilge ag staisiúin digiteacha RTÉ. An gceapann tú go bhfuil sin maith leor.

    Freagra
    1. Scott De Buitléir

      Ní fhaca mé do thrácht anseo go dtí anois. B’fhéidir – agus 13 mí i ndiaidh imeacht – go bhfuil sé ródhéanach chun freagra a thabhairt dod’ cheist ach déanfaidh mé é in ao’chor;

      Ó thaobh úsáid na Gaeilge ar bhlag (agus ar chlár) The Cosmo, ní fiú mionphobal a úsáid agus mionphobal i gceist. Nílim ag freastal ar Ghaeilgeoirí aeracha; rinne clár darb ainm An Clár Bán-Dearg ar Raidió na Life cúpla bliain ó shin ach ba chur amú ama é. Toisc go bhfuilim ag freastal ar phobal uile-Éireannach LADT, caithim Béarla a úsáid, rud nach gcuireann isteach orm.

      Maidir leis an nGaeilge a bheith ar raidió digiteach, tá Raidió na Gaeltachta ar fáil air cheana féin, ach bhí ráflaí ann a rá go mbeadh stáisiún Gaeilge eile le teacht ar an bhfód le raidió digiteach. Is trua nár tharla sé seo, ach tuigim cén fáth nár tharla; tá lucht éisteachta RnaG lonnaithe sa Ghaeltacht, ceantair nach bhfaigheann DAB go fóill. Ar dtús, bhí fáil ar DAB in Éirinn i gcathracha Bhleá Cliath, Corcaigh agus Luimnigh, agus tá Raidió na Life ag an bpríomhchathair cheana féin. ‘Sé mo thuairim pearsanta féin, áfach, nach bhfuil stáisiúin raidió sa bhreis de dhíth ag pobal na Gaeilge. Tá Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus RnaG/AnochtFM acu. Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

      Tá alt scríofa agam i Gaelscéal na seachtaine seo caite ag déanamh anailíse ar na meáin Ghaeilge; b’fhéidir gur cheart do phobal na Gaeilge a cheistiú céard is gá a bheith acu, in ionad an mhéid atá á iarraidh acu.

      Freagra
  2. Ping: WFUV - RnaG cois Hudson « iGaeilge

  3. Ping: RTÉ ag iomaíocht le ‘English language broadcasters’ « iGaeilge

  4. Ping: Gadscaoileadh agus RTÉ RnaG « iGaeilge

  5. Ping: Aiseirí Raidío Ga Ga Gaelach « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s