Scéal dhá chathair


An Cheathrú Gaeltachta agus Cultúrlann McAdam O Fiaich ina lár

 

Tá cuma meall mór oighir ar an léaráid seo d'fhoirgneamh an Titanic.

Tá cuma meall mór oighir ar an léaráid seo den bhfoirgneamh atá beartaithe in omós an Titanic

Is mór idir iarthar agus oirthear Bhéal Feirste.  Go deimhin d’fhéadfaí a rá gur dhá chathair éagsúil atá ann nó is san oirthear is mó atá forbairt is infheistíocht déanta – agus fagtar iarthar na cathrach in áit na leathphingine i gconaí agus iad go mór ag brath orthu féin chun na nithe ar mhaith leo a bhaint amach. 

Léiríonn an scéal seo an difir idir an dhá cheantar go mór – sa chéad dul síos tá an Fheidhmeannas ó thuaidh sásta £40m a chur ar fáíl le h-aghaidh foirgneamh ollmhór, atá cuma meall mór oighir air dar liom, agus nach cuma foirsteanach é sin i bhfianaise an rud a thit amach don Titanic.

Ar an láimh eile tá an scéal seo faoi phlean chun athghiniúint a dhéanamh ar an iarthar agus is léir nach bhfuil pingin rua ar chúl na dtograí seo go fóill, pingin rua ón Stat pé scéal é. 

Tá an t-airgead seo ag teacht ón gCiste Infheistíochta atá á chur ar fáil ag an Rialtas i mBaile Atha Cliath don tuaisceart, glacaim leis, cothrom le €40/60m.  An bhfuil aon chaint ann ag bórd an Fheidhmeannais faoin airgead seo a threorú in ait ar bith eile seachas toghcheantar an Chéad Aire, Peter Robinson?   An mbeidh seal ag gach ball den bhFeidhmeannas a slis féin a fháil ón gcíste?

Scéal dhá chathair, gan amhras.  Bhí sé ceart i ré Dickens agus tá sé fós ceart inniu!  Guím gach rath ar iarrachtaí mhuintir iarthar Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh athghiniúint a dhéanamh ar an gceathrú seo den chathair, ceathrú den chathair inar mhair mé go sona sasta ar feadh ceathrú dem shaol go dtí seo!

Tá moladh ach go h-áirithe ag dul do Chomhairle Fiontraíochta Iarthar Bhéal Feirste agus na Seanchille as ucht an méid Ghaeilge atá ar an suíomh idirlíne [beidh ort amharc ar fhiseán agus gabhail go dtí Tionscnamh Uimhir 5 chun an mír faoin Cheathrú Gaeltachta a léamh] s’acu.  Ba dheacair a shamhlú deich mbliain ó shin go mbeadh muintir na Seanchille sásta le Gaeilge ar bith a bheith luaite leo ach léiríonn seo go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh mas go mall féin atá sé. 

An cheist atá le cur anois, os rud é go bhfuil an fís léirithe dúinn.  An bhfeicimid é á fhíorú?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s