iCultúr le seoladh

Inniu an lá deireannach le h-aghaidh iarratais chuig Foras na Gaeilge le h-aghaidh conradh don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.   San áireamh san iarratas tá ar iarratasóirí plean a lua maidir le h-abhar an nuachtáin a chur ar fáil go leictreonach.  Mar a dúirt mé roimhe ní h-ionann sin agus seirbhís nuachta ar líne den chineal a bhí súil agamsa cur ar fáil. 

Ní gá bheith ag brath ar Fhoras na Gaeilge nó ormsa le h-aghaidh nuacht sheirbhís leictreonach áfach – nó tá Eoghan Ó Néill tar éis tús a chur le seirbhís nua theana féin ag a bhlag úr, An Druma Mór Nuacht.  Ná h-ábair é, déan é!  Is é sin an creideamh atá acu i mBéal Feirste agus, rud amháin cinnte, tá gá lena leitheid de chreideamh in aois seo an mhaoirláithis mhíre.    

Seo seirbhís phoiblí atá á chur ar fáil ag Eoghan agus tá ard mholadh tuillte aige as.  Tá an seirbhís seo ag a thús ach táím cinnte go n-eireoidh go geal leis.   Tá súil agam afach go mbeidh tacaíocht phraicticiúil ar fáíl don seirbhis. 

Táim féin ag cur tús le seirbhís nua ar líne an tseachtain seo chugainn.  Is éard atá i gceist le iCultúr fóram beo bríomhar a chur ar fáil chun plé agus léirmheasanna a dhéanamh ar ealaíon is litríocht na Gaeilge agus  na nGael trí cheile.  Tá tacaíocht á fháíl ag an seirbhís ó Ealaín na Gaeltachta agus táimíd buioch as.   Tar éis na Nollag nó níos luaithe beidh sé ag bogadh go dtí baile buan ach, go fóíll agus go sealadach, tá sé ar fáil anseo

Beidh cabhair de dhith le h-aghaidh an seirbhís seo.  Má tá suim agat léirmheasanna a dhéanamh dúinn, cuirfear fáílte romhat.  Beidh táille bheag le h-ioc as do chuid altanna agus gan amhras beidh cead agat an leabhar nó an dluth dhiosca a choimead.   

Beidh fáílte romhaibh freisin bhúr dtuairimí a nochtadh sa ghnath shlí  maidir leis na h-altanna a bheidh le léamh ar líne.  

3 thuairim ar “iCultúr le seoladh

  1. igaeilge Údar an Ailt

    iCultúr an t-ainm. iCultur.ie an seoladh a bheidh againn. iCulturie.wordpress.com an seoladh go dtí go mbeidh gach rud glanta. Más gá an t-ainm a athrú, athrófar é nuair is gá sin a dhéanamh. Go raibh maith agat as do mholtaí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s