Gadscaoileadh is giorruithe

I ré seo na ngiorruithe, uaireannta ní thugtar faoi ndeara céard iad na giorruithe atá ag titim amach.  Ni thugtar faoi ndeara na crainn de bharr chomh mór is atá an choill.

Níl mé chun sibh a bhodhradh le scéalta faoi giorruithe sa réimse sláinte nó oideachais.  An focas atá agam anseo na ciorruithe faoi choim atá ag titim amach sa réimse craoltóireachta agus sa réimse Ghaeilge ach go h-áírithe.

Ar thug éinne faoi ndeara, mar shampla, go raibh Soiscéal Pharaic imithe uainn go ciúin?  Agus deirtear liom freisin go mbeidh an clár irise, Pobal, nach ionann agus scatheagras na Gaeilge ó thuaidh, ag imeacht i ndiaidh na Nollag.

Cé gur ar RTÉ 1, trathnóna Dé Domhnaigh ag 5.30 [am nach ionann agus an buaic am don lucht féachana ar chainéal ar bith] a chraoltar Pobal, tá lucht féachana de thart ar 100,

Cén fath go bhfuil deireadh á chur leis an clár seo ag an am seo?   Cé mhéid airgead a shabhailfear agus an é go mbeidh clár brocach eile sa chúinne céanna, clár eigean ó Mheirceá nó déanta de reir na foirmle sin?   Cad é an seans a bheidh ann gur clár Ghaeilge nó clár dhá theangach a bheidh i gceist.

Fágann sin nach mbeidh de chláracha Gaeilge ar RTÉ go ceann tamaill ach na h-athchraoltai de Scannal.  Samhlaim gur athchraoltaí iad ar aon nós nó is beag nua a bhionn le feiscint iontu.

Bhaineas i gcónaí taithneamh as Soiscéal Pharaic, an clár leirmheastóíreachta ealaíon ar TG4 – agus bhaineas taitneamh ar leith as teacht i láthair Pharaic.  Bhí sé geal gháireach agus i gcónaí ag iarraidh an diospóireacht a bhrostú ar aghaidh.  Bhí an clár sin speisiúil.

Bhí sé deacair ar Soiscéal Pharaic lucht féachana mhór a bhaint amach mar bhí sé á chraoladh ag an am chéanna is príomh chlár nuachta RTÉ ag 9in.  Deirtear liom ná raibh ach lucht féachana 6-8,000 ag an chlár agus gurb é sin an chúis ar baineadh den sceideal é.

Dia  idir sinn is an t-olc!  Mas é lucht féachana an slat tomhas, tá TG4 sa ghnó mhí cheart.  De reir na scéala a foilsíodh le déanaí faoi chomhairleoir a chur comhairle ar Nuacht TG4, ní bhionn ach timpeall ar 16,000 a bhionn ag fáire ar an bpriomh chlár nuachta ina iomláíne gach oíche.   Ní mór an  chéim síos é ó 16,000 go dtí 8.000! 

Ar aon nós, níl an chlár nua atá ann in áit Soiscéal Pharaic, atá á chraoladh gach Domhnach timpeall ar 7in, chomh taithneamhach domsa is a bhí a SP.   Tá an chuid de a dheintear sa stuideo thar a bheith leamh agus níl an laithreoir aon phioc chomh spreagúil is a bhí – is atá – Páraic Breathnach.   Ní h-é go bhfuil fear Charna gan post, cheapfainn, nó bionn sé gnóthach a dhothain le cláracha ar nós Killinascully.    Tá an cuma ar an seomra ina bhfuil an plé ar siúl – agus bhí sé thar a bheith leathdránach an tseachtain seo chaite agus iad ag caint faoi chúrsaí scannáin – gur seomra feithimh é le h-aghaidh drúislann, druislann nach mbuailtear aon craiceann ann.

Ní raibh an clár ar fad lochtach.  Bhí tuairisc speisiúil ag Bridget Breathnach, bean thar a bheith gnóthach agus iltalannach í eagarthóir ealaín Foinse, faoi Chumann Scannáín Shailearna.   Tá súil agam féin Cumann Scannáín a bhunú anseo i Múscraí i ndiaidh na Nollag.

Seo an rud, áfach, má bhí fadhb ag SP agus é ag craoladh ag timpeall 9in – cén fath nár athraíodh an clár sin agus é a chur ar an aer thart ar 7in Dé Domhnaigh, trath go bhféadfadh lucht féachana a bheith aige.

Ba cheart acmhainní breise a chur sa chlár le go mbeadh tuairiscí ann mar atá ar Imeall agus, le cois sin, ba cheart go mbeadh a thuilleadh deiseanna ag an laithreoir, Páraic Breathnach, ealaíontóirí is filí móra na Gaeilge a chur faoi agallamh faoina saothar.

Tá sé maith go leor bheith ag déanamh giorruithe – ach tá sé tabhachtach nach gcaillfí gach rud fónta. 

Mar a dúirt an Direánach

Gad ar ghad,

Anuas má ghearrais díot e

Ait liom i ndiaidh na sceannairte

Más tú atá ann ach iarlais. 

Aon tuairim amháin ar “Gadscaoileadh is giorruithe

  1. John

    Tá an ceart agat faoi Soiscéal Pháraic. Locht eile: bíonn i bhfad nios mó Béarla le cloisteáil ar an gclár nua. Tá an cuma air go bhfuil sé dírithe ar an ‘aos óg’, agus sin ar a shon féin. Measaim nach bhfuil caighdean na critice chomh h-ard is bhí ar chlár PB.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s