An gaol idir 184 agus 1984

Foras na Gaeilge - an 'Dearthair Mór'  

 

 

Foras na Gaeilge - an ‘Dearthar Mór’ i saol na Gaeilge

Táimíd i mbéal na Nollag, an séasúr is mó a dhíoltar leabhair agus, is dócha, leabhair Ghaeilge ina measc sin.

Ag an am chéanna, tá tuairim againn nach ndíoltar an oiread san leabhar Ghaeilge ar fad.   1,000 cóip  ar a mhéid nó b’fheidir 500 cóip – ach sin an méid – b’shin an buille faoi thuairim nuair a chuir duine eigean ar cheart an t-eolas sin a bheith aige an cheist orm le déanaí:  Cé mhéid coip de gach leabhar Ghaeilge a dhíoltar ar an meán?

An freagra ceart: 184 cóip.  De reir m’fhoinse údarásach, tá an fhigiúir sin bunaithe ar an meán diolachán a bhain tuairim is 1,000 leabhar Ghaeilge amach.   Chiallódh sé sin go raibh dornán sa bhreis daoine ag ceannach an leabhar thar gaolta agus cáirde an údair. 

Is cinnte gur líon beag daoine é seo le bheith ag ceannach leabhair – ar éigean gur fiú leabhar Ghaeilge a fhoilsiú ar son diolachán chomh beag, dá mba é an diolachán amháin an slat tomhas ar fheabhas leabhar. 

Ar ndóigh tá gá le h-abhar léite i nGaeilge – ach is cinnte go bhfuil gá freisin le h-oideachas a chur ar dhaoine chun iad a mhealladh i dtreo leitheoireacht na Gaeilge. 

Cuid den bproiseas foghlamtha sin nuachtáin is irisí Ghaeilge bheith ar fáil, blaganna den tsort seo bheith ar fáil ar an idirlíon is eile.   

Ar ndóigh tá scamall dubh ós ár gcionn faoi láthair de bharr cinneadh an Fhorais gan conradh nua le h-aghaidh nuachtán laethúil Ghaeilge a chur ar thairiscint agus tá go leor ráite ar an suíomh seo faoi sin. 

Bhí díolachán de bhreis is 1,500 ar an lá is measa ag Lá/Lá Nua, sin gan margaíocht [ní raibh buiséad margaíochta ar bith ar fáil do Lá Nua faoi mar atá ar fáil don Fhoras, mar shampla, chun fógraí móra dáite a chur in irisí ar nós Phoenix is eile ag tagairt do Gaeilge.ie amhail is go raibh scéal na teanga ar an suíomh eagrais sin].   Is é mo bharúil gur as an 1,500+ sin a tháinig agus a thagann furmhór mhór an dream, nach gaolta nó cáirde iad, a cheanaíonn leabhar Ghaeilge.   Ba i Lá Nua cinnte a fuair siad léirmheas – an t-aon léirmheas i bhfurmhór na gcásanna – ar an saothar. 

Anois tá deireadh le ré Lá Nua, ceal, de reir dealraimh, margaidh. 

Cad é atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge – nó is é an Fhoras anois atá freagrach as leabhair Ghaeilge – chun an margadh a fhas? Ní thabharfá sin faoi ndeara ag léamh suíomh Fhoras na Gaeilge nó níl oiread is tagairt amháin aimsithe agam den chaidreamh nua, a d’fhogair an tAire O Cúiv ag Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart i 2007.  Tá Bórd na Leabhar Gaeilge anois mar chuid den bhForas agus é bórd an Fhorais, is dóichí, ‘bórd’ na leabhar Gaeilge  Cad atá déanta acu le bliain anuas ó bhfuair siad an chúram seo?  Freagraí ar chartaí poist chuig an tAire, Éamon O Cúiv. 

Ar ndóigh tá ceangal aige seo le 1984 – nó an bhliain úd ar thagair George Orwell do – de bharr go gcreidim go bhfuil tua an Fhorais ag titim ar Lá Nua agus laghdú á dhéanamh ar líon na bhfoilseacháin Ghaeilge da réir de bharr nár thaitin dearcadh neamhspleachas an nuachtáin riamh leis an bhForas. Is lú a thaitin an nuachtán le baill pháirtí pholatúil áirithe ar an mbórd nuair a shoilsigh Lá Nua, le linn domsa bheith im eagarthóir, neamairt is mí eifeacht an pháirtí sin i leith na Gaeilge. 

Is é an rud is measa d’earnáíl foilsitheoireachta ar bith go mbeadh cinsirí ina mbun.   Is measa arís nach bhfuil aon fhís ag na cinsirí don domhan ar mhaith leo a chur inár láthair ach gurb é an t-aon sprioc lena gcuid cinsireachta ach nach ndeinfí iad a cháineadh fiú nuair atá an cáineadh sin tuillte acu.  Sin an cineal cinsireachta a bhíodh ar bun ag Stalin – dá gcainfeá é nó an stát lena linn, d’imeofá as radharc.  Cháin Lá Nua an Fhoras agus, voila, céard atá le tarlú, tá an nuachtán le h-imeacht as radharc!

Thíos le seo tá léitheoirí na Gaeilge.  Beidh níos lú rogha acu de bharr imeacht Lá Nua. Beidh níos lú Ghaeilge faoi nuacht is chúrsaí chomhaimseartha le léamh acu. Beidh níos lú léirmheasanna le leid a thabhairt doibh ar cheart doibh saothar amháin nó eile a cheannach.  

Cloch coiscéime chun leitheoireachta leabhair Ghaeilge isea Lá Nua – nuair a bhainfear an gcloch sin ón sruthán, is ar eigean go dtreasnóidh an oiread céanna leitheoirí, dá laghad iad, go dtí bruach na Gaeilge.  Fanfaidh a bhfurmhór mhór ar an mbruach ar a bhfuil taithi acu, bruach an Bhéarla, agus ní bhacfaidhs iad linn. 

Tá plean agam le cuidiú le daoine teacht trasna an srutháin atá ag rith go tréan – agus nochtfar sin, tá súil agam, go luath.  Is é an sprioc atá agam go mbeadh níos mó daoine ag léamh leabhair Ghaeilge, leabhair atá ar ard chaighdeán den chuid is mó ach atá ina rún ollmhór nach mór de bharr an easpa margaíochta a dheintear orthu.

7 dtuairim ar “An gaol idir 184 agus 1984

  1. Fearn

    Gach uair a léim thú, a Chon, samhlaím thú mar throdaire na ndorn tirime. Ach sin caill lucht na dornáilíochta agus bua na niriseoireachta Gaeilge. Muna raibh na splainceoga meabhracha agat, rachfá le polaitíocht, sílim.

    Is bocht an scéal a leagann tú amach, mar mar a thuar mé, tá clann baintrí bocht na Gaeilge ag geamhthroid faoi na mbruan is a ngainne. Chí Dia sinn.

    B’fhéidir go mba b’fhiú duit deontas na leabhar a chur le hais deontas na nuachtán agus an fiúntas cuí a mheá is a mheas.

    Ach, amach ón ngeamhthroid seo, is droch-chomhartha do chaighdeán na Gaeilge agus comhroinnt is cogaint na smaointe is na bhfíricí nach bhfuil ach 184 leabhar a cheannacht agus 1500+ eagrán nuachtán.

    Anois as an 1 500 000 a mhaíonn go bhfuil Gaeilge acu, cé mhéad acu atá ag insint bréaga?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is féidir go bhfuil an ceart agat faoi líon na leabhar Gaeilge a cheannaítear a Choncubhair ach tá amhras orm.Tá a fhios agam go scáiptear 125 leabhar de chuid “COISCHÉIM” ar bhaill an CLUB LEABHAIR atá againn i mBéal Feirste Feirste .Íocann na baill an táille roimhe réidh mar sin is ceannacht dhlisteanach atá ann. Tá an club leabhair sin teoranta do líon an bheag daoine i mBéal Feirste agus agus ní dhéantar mórán tá mé cinnte go dtiocfadh é a mhéadú go mór ach duine éigin dul ina chionn.Tá mise cinnte go bhfuil margadh ann do roinnt mílte leabhair Ghaeilge ach an díoltóir ceart a bheith ann.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is féidir go bhfuil an ceart agat faoi líon na leabhar Gaeilge a cheannaítear a Choncubhair ach tá amhras orm.Tá a fhios agam go scáiptear 125 leabhar de chuid “COISCHÉIM” ar bhaill an CLUB LEABHAIR atá againn i mBéal Feirste Feirste .Íocann na baill an táille roimhe réidh mar sin is ceannacht dhlisteanach atá ann. Tá an club leabhair sin teoranta do líon an bheag daoine i mBéal Feirste agus ní dhéantar mórán poiblíochta air ar chor ar bith. tá mé cinnte go dtiocfadh é a mhéadú go mór ach duine éigin dul ina chionn.Tá mise cinnte go bhfuil margadh ann do roinnt mílte leabhair Ghaeilge ach an díoltóir ceart a bheith ann.Tá locht orainn mar Ghaeil nach bhfuil muid ró thugtha don díolaíocht.Nil a fhios agam, an sean chuimhní ar an gháimbíneachas i nÉirinn is cúis leis an dearcadh sin ach tá muid thíos leis go mór.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte murach Club Leabhar Coiscéim go mbeadh litríocht na Gaeilge i ndroch chás. Nó ní h-eol dom aon tionscnamh atá chomh praicticiúil is simplí leis chun leabhair a dhíol leis an bpobal. Tá amhras orm, áfach, cad é an fiúntas ó thaobh luach saothair atá ann don fhoilsitheoir nó don údar. Sé sin le rá má tá 125 leabhar+ á dhíol ag gach leabhar a scaiptear tríd an Club Leabhar, cad a tharlaíonn do na leabhair eile ar fad a chlóitear le go ndíolfar an 125? Is cinnte go mbionn níos mó á chló.
    Ar ndóigh tá leabhair ann a dheineann go sár mhaith agus leabhair eile nach ndíolann ach dornán coip. Ní h-ionann sin is go bhfuil fiúntas liteardha níos lú ag baint le na leabhair ar bheagan leitheoirí.
    Dá mbeadh díoltóír ann a dhíolfadh na leabhair, bhuel cá bhfios ach go ndíolfaí níos mó acu. Ach ní h-ionann sin agus iomlán an reitigh. Ní bhionn plé nó dioscúrsa ar bun ar leabhair i nGaeilge ar chorr ar bith i gcomparáid leis an meid cainte a dheintear faoi leabhair i mBéarla. Arís ní h-ionann sin agus a rá go bhfuil easpa fiúntais ag baint leo – níl ann ach nach bhfuil ach corr fóram anseo is ansiúd a dheintear plé ar leabhair Ghaeilge, Ar an imeall i gcláracha ealaíon a bhionn an plé seo seachas ar chomhionann na Gaeilge de chláracha cosúil le Pat Kenny is a leitheid. Gabh mo phardún, níl aon cláracha fiú ar RnaG a thugann an léargas ar an saol i nGaeilge a thugann leitheidí Pat Kenny nó David Dunseith i mBéarla. Tá an ardán is mó lucht eisteacht ag Raidio na Gaeltachta ach bionn na cláracha acu paróistiúil go maith, don chuid is mó.
    Is mór an náire dar liomsa go bhfuil daoine fónta ag scríobh agus foilsitheoirí ag foilsiú leabhair d’ard chaighdeán – nó fiú ar iseal chaighdeán sé sin ar chomhchaighdean le leabhair Bhéarla ach nach bhfuil áird á thabhairt orthu in Éirinn de bharr gur i nGaeilge atá siad.
    Mar a dúirt mé, laistigh de threimhse gairid, beidh mé ag fógairt anseo plean nua chun cuidiú le leabhair agus saothar ealaíne i nGaeilge. Is seirbhís é seo atá de dhith níos mó ná riamh anois agus Lá Nua á chur chun suain…

    Freagra
  5. Séamas Ó Neachtain

    Rinne mé tuairisc ar mo thaithí féin anseo:
    http://philo-celtic.blogspot.com/2006/01/fin-fhoilsi-leabhair-file-ar-buile-le.html
    Fuair mé beagnach leath den mhéad a chaith mé ar ais, agus ba mhór an díol as leabhar filíocht sin. Agus bhí gá le eagarthóir, nach raibh airgead agam chuige, agus is iomaí locht atá sa leabhar mar gheall air sin.
    Chuala mé le déanaí ó mo chara nár díoladh ach cúig cóip de leabhar áirithe mórfhile na hÉireann.
    Is iontach an seift club leabhar mar a luaigh Séamus thuas. Síntiús agus féin-fhoisiú, sin an toghchaí, b’fhéidir, agus léirmheasanna ar bhlaganna. Sin mar a thosaigh cúrsaí, agus sin an dul chun cinn atá déanta thar na mblianta, faraor.
    Scéal maith agam féin, mar sin féin (seo daoibh mo chuid margaíochta):
    http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=5370

    Freagra
  6. Ping: Níl éinne ag léamh leabhair Ghaeilge….díoltóir leabhair « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s