Acht ‘Teangacha Mionlaigh’ ó thuaidh – cad ar cheart a bheith ann

Is cosúil go bhfuil réiteach i ndán ar an leamhshainn ó thuaidh a d’fhag go raibh an áit sin gan ‘rialtas’ ar feadh 22 seachtain.  Ar ndóigh, bhí sé gan rialtas ar feadh na mblianta fada roimhe sin freisin agus, níos measa arís, bhí mí rialtas ann ón am ar bunaíodh an fo chúigín i 1921 ach sin scéal do lá eile….

Anois is cosúil go mbeidh cruinniú den ‘Fheidhmeannas’ an tseachtain seo le roinnt rudaí a chinneadh agus, inniu, ag Stormont, bhí comh agallamh phreasa ag an gCéad Aireacht, Peter Robinson agus Martin McGuinness, chun na socruithe maidir le aistriú cumhachtaí phoilíneachta is dlí agus cirt a chur inár láthair. 

Dar le Tommie Gorman, is é seo an phíosa dheireannach dena ‘míreanna meara’ a chuirfidh an pictiúr iomlán den todhchaí geal atá i ndán don tuaisceart inár láthair.  Nó rud eigean cosúil le sin a dúirt sé, ní raibh mé ag eisteacht leis go cruinn. 

Ach ní h-é an píosa dheireannach den phictiúir é, a Tommie.  Ná dein dearúd ar an gceist chultúrtha is teanga, an cheist is mó a scoilteann an phobal ó thuaidh. Ní raibh riamh sa chaint faoi dlí agus cirt agus poilíneacht ach útamáil is unfairt thart.  Is iad na ceisteanna cultúrtha is ionannais na ceisteanna is gaire don chroí is don chnámh. 

Tá sé á thuar go mbeidh Acht do Theangacha Mhionlaigh i gceist ó thuaidh.  B’fheidir é.  Ach ná tosnaigh ag ceiliúradh fós nó, gan amhras, ciallaíonn san go mbeidh leas á bhaint as an reachtaíocht céanna ag Albainis Uladh agus an Ghaeilge, go mbeidh siad ar chomhchéim.  Mar a léiríonn gníomhaíochtaí an Boord o’Ulster Scotch, is gléas pholatúil í an Albainis Uladh seachas gléas cumarsáide.  Dá mba rud é go raibh sí á úsáid mar theanga, mar atá an Ghaeilge á úsáid ag sciar shuntasach den phobal ó thuaidh, nior mhiste, ach ní h-é sin atá i gceist ach beartas chun cinntiú nach bhfaighidh an Ghaeilge an rud atá dlite di, an rud a bheadh le fáil aici dá mbeadh sí i gcuid ar bith den ‘Bhreatain’ seachas i dtuaisceart na hÉireann. 

An rud nach bhfuil ag teastáil reachtaíocht atá bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, na scéimeanna agus an Choimisinéir is eile.  Níl ansan ach sop in áit na scuaibe agus cé go ndeir Seán O Cuirreáin roinnt nithe ina thuarascálacha bhliantúla [tuigfidh gach éinne seachas Foras na Gaeilge céard atá i gceist agam le tuarascáil bhliantúil!], is chun donais atá staid na Gaeilge ag dul ó dheas chomh fada is a bhaineann sé liomsa.  Ní chuidíonn maorláthas breise le teanga ná baol air. 

An rud atá de dhíth reachtaíocht a thugann tacaiocht phraicticiúil don teanga sa chóras oideachais, sna cúirteanna, sna meáin, go h-áirithe iad siúd a fhaigheann airgead phoiblí, agus sa phlé a bhionn ag an ghnath dhuine ó lá go lá leis an stat chóras.  Ní chiallaíonn seo foirmeacha pas i nGaeilge le gur féidir leat pas Briotanach a fháil i mBéarla, mar shampla!  

I bhfianaise an easpa samhlaíochta is cumais atá léirithe ag Sinn Féin go dtí seo ina gcuid gcainteanna leis an DUP, tá mé imníoch gur céim siar in áít chun tosaigh a bheidh sa reachtaíocht atá á mholadh.  Beidh le feiceáíl…..

Tagaim leis an moladh atá tugtha do POBAL.  Má tharlaíonn sé go mbeidh Acht Ghaeilge nó Acht Teangacha ann, beidh an chuid is mó den chreidiúint ag dul do Janet Muller agus a gcomhleacaithe ag POBAL nó is iad a rinne an obair choise ar fad ar son na cúise seo.  Dar le Maurice Hayes, ba acht ‘réasúnta’ a bhí sa mhéid a mhol siad roinnt blian ó shin.  Is cinnte go raibh sé cuimsitheach is ceart bhunaithe agus bheadh sé inghlactha domsa. Is é an buairt atá agam, áfach, go nglacfaidh SF leis an leath bhulóg, mar ar ghlac siad leis ar gach ceist tabhachtach go dtí seo, agus go mbeidh an Ghaeilge  agus pobal na Gaeilge thíos leis dá bharr.     Nach aisteach go bhfuil an brú ghrúpa eile, a bhunaigh SF, Acht, imithe gan tasg gan tuairisc…..

3 thuairim ar “Acht ‘Teangacha Mionlaigh’ ó thuaidh – cad ar cheart a bheith ann

  1. Janet

    Níl sé cinnte go mbeidh rud ar bith ann don Ghaeilge sa bheart seo, ach má tá, tá sé de bhua againn go bhfuil sé ráite ag pobal na Gaeilge go h-an soiléir cad é go díreach atá de dhíth orainn mar Acht Gaeilge ó thuaidh. Acht cuimsitheach, cumhachtach, ceartbhunaithe, chan ar maithe leis an samhal áirithe seo ann féin, ach de bhrí gurb é seo an samhal seo is fearr leis an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i gcomthéacs ar leith an tuaiscirt. Cibé rud atá le soláthar, luath nó mall, beidh slat tomhais againn le cuidigh linn ár mbarúlacha a chur in iúl.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Masla a bheadh in aon acht a thabharfadh “teanga mhionlach’ ar an Ghaeilge in aon chuid d’Éirinn ar dhá chúis: 1. teanga náisiúnta í an Ghaeilge ag mórphobal náisiúnaíoch na hÉireann, is cuma cá mhéad duine a labhraíonn í, agus 2 chuirfeadh seo an Ghaeilge isteach sa bhád céanna le mionteangacha eile, rud a bhainfeadh go mór dá stádas.

    B’ionann glacadh leis seo agus Sinn Féin glacadh le ‘minority rights’ nó ‘parity of esteem for minorities’ i réimsí eile. Ní ghlacfaidís leis an fhoclaíocht sin i réimsí eile, agus níor cheart dúinn glacadh leis i réimse na Gaeilge ach an oiread.

    Teanga náisiúnta í, agus ba cheart aitheantas a bheith aici mar theanga náisiúnta, nó ar a laghad aitheantas gur mar sin a shamhlaítear í i measc cuid mhór de phobal na hÉireann.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is fíor gur de bharr sar obair Janet le POBAL a bhfuil a fhios againn cad é go díreach an cinéal Acht Gaeilge atá de dhíth orainn ó thuaidh, go fírinneach tá an tAcht dréachtaithe cheana féin fa choinne cibé rialtas a chuirfeadh i bhféidhm é.Ba mhaith ann é mar Acht agus molaim éifeacht Phobal as an obair mhór atá acu ar an tionscnamh ach san am chéanna ní shílim go mbeidh mo shaol mórán níos Gaelaigh de bharr é a bheith ann. Ní bhím ag plé leis na húdaráis ach go hannamh mar sin bheadh 95.5% de mo shaol go díreach mar atá sé anois.An fáth is mó ar mhaith liom céist an Achta a bheith socraíthe ná go dtiocfadh le POBAL ansin luí isteach ar an 95.5% de mo shaol a dhéanamh níos fusa ó thaobh na Gaeilge de,Druidim LÁ NUA mar shampla.maith domh as an postáil seo a dhéanamh athuair ach d’imigh sé san “ether” uaim sul a raibh faill agam é a chríochnú

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s