Maorláthas thuas le díothú Lá Nua

Is minic dom a chloisint ó oibrithe – gabh mo phardún – fostaithe Fhoras na Gaeilge go bhfuil siad ag iompar ualach uafásach oibre agus is cuimhin liom go h-áirithe gurb é seo an phort a bhí á cheol go h-uaigneach ag príomh fheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, nuair a rinne sé agallamh liom nuair a ceapadh é i Samhradh 2006.  

Anois is léir go bhfuil cead tugtha le h-aghaidh tuilleadh oibrithe a fhostú – ach is aisteach ar fad iad na fostaithe atá á lorg de réir an fhógra [tá an fhógra ar leathnach 7 den nuachtán] seo i Lá Nua.  Is cosúil, mar shampla, go bhfuil fáilteoir ag teastáil ón gCeannaras, duine eigean le suí ar chúl an bhínse beag suarach atá laistigh den phríomh dhoras ag 7 Cearnóg Mhuirfean. Mo léan lom.  Is dona liom a dtrioblóid.   Agus i mBéal Feirste, tá tuarastal idir £30,000 agus £38,000 chun bheith ina ‘oifigeach aistriúcháin’.  Nach dtuigeann an Fhoras go bhfuil Béal Feirste ag cur thar maos le comhlachtaí aistriúcháin agus aistritheoirí – an é go bhfuil an Fhoras ag iarraidh dul in iomaíocht leo ag solathar téacsanna aistrithe don Stat Seirbhís, téacsanna nach léitear i mBéarla gan bacadh le Gaeilge?

Is lú an tuarastal atá ar thairiscint don Oifigeach óige a fhostófar i mBéal Feirste – tuarastal £30,000 ar an uasmhéid atá á thairiscint don t-é ar a dtitfidh an cúram seo. Tugann sin leid mhaith duit ar an ord tosaíochtaí ag Foras na Gaeilge, gur mó luach a chuireann siad ar dhuine a dhéanfaidh aistriú ar théacsanna do leite is neamh léite ná mar a thugann siad do spreagadh na teanga i measc aos óige na tíre!  Agus cuireann sin i gcuimhne dhom gurb é an sprioc a chuir Ferdie Mac an Fhailigh roimhe – agus mise ag caint leis – go mbeadh óg chlub Ghaeilge i ngach baile in Éirinn.   Níl a fhios agam an é seo an chéad chéim.  Guím rath ar an t-é a cheapfar ach samhlaitear dom go mbeidh an obair roimhe dheacair…

An post is aistí acu ar fad, an tearmeolaí atá le fostú ar chonradh sealadach bliana ag oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidiric Thuaidh.  Níl an post chomh h-aisteach is atá an raon tuarastail atá ar thairiscint – idir €27,000 agus €53,000 in aghaidh na bliana a bheidh ar fáil don t-é a cheapfar.  Cén fath an difir ollmhór seo?  Tá an suim is mó dhá oiread chomh mór nach mór leis an pointe is lú ar an raon.  Ritheann sé liom go bhfuil sé seo aisteach – ach b’fheidir go bhfuil duine eigean amuigh ansan atá níos mó eolais acu ná mise agus go roinnfidh siad an t-eolas liom.  Ní fheadar, mar shampla, an mbeidh cúram ar ár gcára an dtéarmeolaí cinsireacht a dhéanamh ar irisí Ghaeilge ar eagla mhasla a bheith á fhoilsiú ann in éadan mór institiúid na Gaeilge is polaiteoirí gaolmhara – nior mhaith leat an obair shalach sin a fhágáil ag na daoine deasa ar bhórd stiurthóirí irise….

Anuas ar sin tá oifigeach cléireachais agus rúnaí príobháideach a bheidh á fhostú ag an gCeannaras agus ag an oifig i mBéal Feirste faoi sheach.  San iomlán d’fhéadfadh costas €202,000 a bheith ar an rabharta fostaíochta seo ar fad, rabharta atá ag titim amach agus cosc daingean ar earcú i réim san earnáil phoiblí.  

Nach maith atá an t-airgead – tuairim is €250,000 – a baineadh den earnáil nuachtáin Ghaeilge á chaitheamh ag an bhForas!  Bhuel, os rud é ná bhfuair siad an t-airgead breise sa bhuiséad, ná raibh orthu an t-airgead a fháil in áit eigean.  

Tá mé ar mo shuaimhneas anois agus mé ag tuiscint go bhfuil an Ghaeilge slán sábhailte i lámha na gcúramaithe cúramacha ag Foras na Gaeilge!  An maorláthas abú!  Síos le nuachtáin Ghaeilge agus rudaí eile costasacha agus gan tairbhe!    Murar féidir leat iad a chloí, liostáil leo!  Léimimís isteach i shruth na meala!

3 thuairim ar “Maorláthas thuas le díothú Lá Nua

  1. aonghus

    I measc na dreamanna a shlog an Forás tá an Choiste Téarmaíochta.

    Glacaim leis go bhfuil freagra do cheiste maidir leis an réimse aisteach tuarastail le fáil ansin – braithfidh sé ar dhintúirí an té ag earcófar, agus rialacha na Státseirbhíse.

    maidir leis na postanna aduain eile,…

    Freagra
  2. Ping: An ghaol idir 184 agus 1984 « iGaeilge

  3. Ping: Foras na Gaeilge = HSE na Gaeilge? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s