Domhan dhrúisiúil na meáin Ghaeilge

Tháinig casadh eile sa chonspóid faoin iris Comhar inniu, nuair a fhograíodh ar Foinse, go raibh eagarthóir nua ceaptha le teacht sa bhearna atá fagtha de bharr eirí as Aindrias O Cathasaigh. 

Is cosúil gurb é Pól O Muirí, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, an t-é atá ceaptha le bheith ina ‘eagarthóir’ ar Comhar tar éis gur eirigh Aindrias as an chúram nuair a cuireadh ar a shúile do go mbeadh ar an iris a chuir faoi bhraid an bhoird sara bhfoilseofaí é agus gur deineadh cinsireacht ar thrí eagarfhocal a bhí sé i gceist aige foilsiú. 

Foilsíodh na h-altanna seo sa deireadh thiar i Lá Nua agus is furaist a fheiscint cén fath nár fhoilsigh bórd Comhar, atá ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, na h-altanna.  Ceann de na h-altanna, cháin sé bórd an Fhorais agus bhí dímholadh ar leith ann do chomhaltaí SF an bhoird as ucht cinneadh an bhoird i leith an nuachtáin laethúil. 

Níl aon meas agamsa ar Phól Uí Mhuirí mar iriseoir nó mar eagarthóir.  Is cinnte nach mó a mheas orm ná mo mheas air.  Cé gur cuireadh mé faoi agallamh do phost eagarthóra Comhar roimhe seo, nuair a fhograíodh an fholúntas ar dtúis, is léir dom anois go raibh an t-adh liom nár ceapadh sa phost mé. Dá achrannaí é Aindrias do bhord Comhar, is cinnte gur mó an achrann mise doibh.  Ní ghlacfainn le post Comhar sna cuinsí seo ná baol air nó mhothóinn go raibh mé ag cuidiú leis an gcinsireacht atá ar bun, dar liom, ag bórd Comhar.   Ní raibh páirt agam riamh le cinsireacht agus ní bheidh.  Agus is mó an difir idir cinsireacht is eagarthóireacht ná mar a thuigfidh bórd Comhar riamh. 

Cuireann sé imní nach beag orm anois gur gar go mbeidh manaplacht in iriseoireacht chlóite na Gaeilge i seilbh dhornán bheag dhaoine.  Nuair a imeoidh Lá Nua i mbéal na Nollag, ní bheidh ach cúpla ball fagtha sa chlub – Foinse, Comhar, trian leathnaigh Ghaeilge an Irish Times, Feasta, An Sagart….agus, bhuel, buiochas le Dia, nós*.   

Ar an liosta sin, is ag an Foinse, Comhar agus an IT a bheidh an fhorlamhas.  Scríobhann Pól O Muirí do Foinse agus is é an Eagarthóir Ghaeilge ar an Irish Times agus Eagarthóir Comhar.  Fiú dá n-aontófá leis an Muiríoch i ngach alt a tháinig riamh óna pheann, bheithfeá den tuairim nach slaintiúil an rud é go raibh a chuid práisigh ar fud na miasa ar fad mar is léir go mbeidh.   

Beag tagairt a deineadh do mhion shonraithe na conspóide i dtuairisc Foinse ar an gceapachán inniu.  Léiriú arís eile go bhfuil an drúisiúlacht atá ag teacht chun tosaigh sna meáín chlóite Ghaeilge ag cothú cinsireacht nó féin chinsireacht nach bhfuil sláintiúil don iriseoireacht nó don dhaonláthas.  

Deirtear sa tuairisc i Foinse, gur ceapachán ‘eatramhach’ é seo.  B’fheidir é, ach tá nós ag ceapacháin eatramhacha iompú ina gceapacháin buana.   Ní h-é seo an chéad uair do bheith ina eagarthóir ar Comhar agus ní cuimhin liom gur chuaigh sé i bhfeidhm orm mar eagarthóir ceannródach nó dúshlánach le linn a thréimhse deiridh sa phost seo.   

Tá gá le h-iris cosúil le Comhar.  Tá gá le leirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge nach deintear ach go h-ánnamh i nuachtáin ar nós an Irish Times – aisteach go leor bhí leirmheas ar leabhar nua le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, san Irish Times inniu, i mBéarla ach bhí sé ann.  Tá gá freisin le h-iris ina ndeintear plé réasúnta doimhin ar ábhair a bhaineann le cúrsaí reatha agus polataíocht ach ní féidir é sin a dhéanamh go h-oibiachtúil agus scamall na cinsireachta a bheith ag crochadh os do chionn.  Agus is é sin an chás le Comhar anois, cuma cé bheadh ina eagarthóir air.  Níl a fhios agamsa nó ag aon duine a bheadh fonn ar an iris a léamh an raibh ar an iris seo bheith scagtha ar dtúis ag bórd Comhar ar eagla na h-eagla go gcuirfeadh sé olc ar aoinne, mar shampla bord an Fhorais. 

Roimhe seo ní bhíodh de thoradh ar an ndrúis a bhí ar bun sna meáín chlóite Ghaeilge ach go gcoinneodh Foinse agus a gcáirde greim daingean ar na gradaim a bhíodh á roinnt ag Gradaim na Meáin Chumarsáide Ghaeilge ag an Oireachtas.  Dheineas gearán faoi sin ag an am – de bharr go raibh na gradaim seo á chinneadh de reir ‘vóta’ i measc ‘daoine áirithe’ sna meáin, a bhfurmhór siúd roinnte idir RnaG, TG4, Foinse.  Duaireas ós árd gur cheart painéal mholtóírí a bheith ann, mar a bhionn ag gach comórtas eile ag an Oireachtas, chun buaiteoirí na gcomórtaisí seo a roghnú.  Samhlaigh dá mbeadh buaiteoir Chorn Uí Riada á roghnú de reir vóta, seachas de réir breith mholtóirí!  Ar aon nós, níor tugadh cluas dom ach an rud a rinne Stiurthóír an Oireachtais, Liam O Maolaodha, eagrú na h-ocáide a chur i lámha chomhlacht caidrimh poiblí, amhail is go leigheasfadh sé sin an fhadhb.   

Anois tá rud eigean níos luachmhaire ar fad ná vása criostail i mbaol, tá léargas neamhspleach na h-iriseoireachta Gaeilge ar shaol na Gaeilge agus an domhan mhór i bpriacal. 

Sa mhéid is go gcreidim go bhfuil gá le h-iris cosúil le Comhar, guím rath ar an eagarthóir nua-cheaptha.  Guím nach ngeillfidh sé don cinsireacht nó don dhrúis mhí-shláintiúil seo.  Guím nach ngeillfidh sé d’Fhoras na Gaeilge agus a gclaonadh gach guth easaontach a chuir ina thost más féidir leo é seo a dhéanamh.    Tá amhras orm faoi thodhchaí Comhar agus faoi thodhchaí na h-iriseoireachta chlóite Ghaeilge ar pháipéar.   

Tá amhras agus imní orm.

5 thuairim ar “Domhan dhrúisiúil na meáin Ghaeilge

  1. caomhán

    Tá an ceart ar fad agat a Choncubhur, agus ceapaim gur an-píosa scriobhneóireacht atá anseo. Tá mé cinnte nach bhfuil alt chomh maith le do chuid oibre le fáil in aon foilseachán gaeilge atá amuigh faoi latháir. Tá an manaplacht cóntóirteach agus is minic go drocht obair an toradh a bhíonn ar, sampla maith go leor don iriseoireacht atá san ngaeilge faoi latháir.

    Freagra
  2. Fearn

    nach bhfuil an tUltach ann? nó an bhfuil?

    Is dóigh go bhfuil lucht spéise na nirisí fadó scaipthe ar lucht teilifíse, ráidio agus idirlín anois agus gan an am acu diabhail rud a léamh

    Freagra
  3. Ping: An bhfuil an cholúnaí ina chodladh nó ina mhúscailt? « iGaeilge

  4. Ping: COMHAR agus éagóir « iGaeilge

  5. Ping: Comhar agus éagóir « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s