Ní neart go cur le chéile…

Na Cúanna Faoile ag ceiliúradh a mbua in éadan Samoa

Na Cúanna Faoile ag ceiliúradh a mbua in éadan Samoa

Creid nó creid é, is é sin an mána atá tatúáilte ar chraiceann imreoirí Rugbaí Sraithe na hÉireann – nó an ‘Blarney Army’ mar atá á bhaisteadh orthu – agus iad ag iompar an bhrait ar son na tíre seo i gCorn an Domhain san Astráil.

D’eirigh le na Cúanna Faoile bascadh a thabhairt do Shamóa inné – rud a chiallaíonn go mbeidh siad sa bhabhta leath cheannais den chomórtas Dé Domhnaigh in éadan na hAstráile.

Tá gach ball den bhfoireann agus cuid den fhoireann oiliúna tar éis an tatú seo a mhaisiú ar a gcraiceann mar rosc catha agus, freisin, mar ghníomh ‘le cheileachas’, thug duine de na h-oiliúnaithe le fios ar Newstalk aréir.

Is mór an gaisce é sin agus molaim go mór é.  Nior mhaith liom é a fháil ar mo chraiceann féin, áfach.  Ach dá mbeadh sé acu ar a léine… agus dá mbeadh an léine mór a dhothain….is cinnte go gcaithfinn é!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s