Comhghairdeas leat a Ghaeil ghroí!

An tuairisc uaim a fhoilsiodh san Evening Echo maidir le bronnadh ghradam Ghael na Bliana ar Des Bishop

An tuairisc uaim a fhoilsíodh san Evening Echo maidir le bronnadh ghradam Ghael na Bliana ar Des Bishop

Des Bishop, Gael na bliana.   Comhghairdeas leat.  Ní thagaim leis an tuairimíocht atá ag Joe Steve O Neachtain, dá mhéid mo mheas agam ar Joe,  a deir nach ar leas an OIreachtais nó na Gaeilge do leitheid, daoine mór clú, bheith ag baint leo.

Creidim gur teanga í an Ghaeilge atá ar fáil do gach duine agus ní chuireann sé as dom má bhionn daoine ag iarraidh í a fhoghlaim de bharr go bhfuil sé ‘gnéasach’ anois.   

Ní doigh liom gurb é sin atá ar chúl suim Des Bishop. Creidim go bhfuil Des gafa leis an Ghaeilge don fhad treimhse.  Tá paisean aige don teanga agus tuigeann sé í agus an polataíocht a bhaineann lei. 

Ach fiú dá mbeadh sé ann de bharr í bheith ‘gnéasach’ faoi láthair, nach cuma.  

Bhí sé súntasach, chomh maith, go raibh rún ar chlár na n-ábhar don dreas cainte ag an Oireachtas ag tabhairt le fios ‘go raibh an t-aos óg ró líonmhar ag an Oireachtas.   B’fheidir go bhfuil aicme áirithe ag an Oireachtas agus i measc saol na Gaeilge a chreideann go daingean gur cheart gach rud gaelach a bheith ann ar an ‘sean nós’ amháin agus don sean aos amháin. 

B’fheidir gurb é Ré na Gaeilge Gnéasaí cothrom na linne seo de Ré an Tiogair Cheiltigh atá díreach cáite.  Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge ag teacht in uachtar arís, in ainneoin iarrachtaí Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais í a chur faoi chois tre nuachtáin a dhúnadh agus tumoideachas Ghaeilge a shéanadh ar naíonáin. 

An ceacht atá le foghlaim ón méid a tharla le linn ré an Tiogair Cheiltigh go gcaithfimíd togáíl go stuam ar an dea mhéin atá ann don teanga i measc an phobail, dea mhéin den chineál a léirigh an Evening Echo.  Conas teacht i dtír ar sin chun todhchaí faoi bhlath san fhad treimhse a dhearbhú don Ghaeilge, sín í ár ndúshlán? 

Aon tuairimí agaibh a chairde!

12 de thuairimí ar “Comhghairdeas leat a Ghaeil ghroí!

  1. aonghus

    Tuigim do Joe Steve: Tagann agus imíonn na Seoighigh, na Hectors, na Des Bishops – ach níl sé pioc níos fusa do chlann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.

    Fostaíocht sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge Gaeltachta riachtanach dó, sin is gá leis an nGaeltacht a chaomhnú.

    Ar a laghad thug Des an Gaeltacht ar fhéin, agus bhí muintir na Gaeltachta a chuidigh leis lárnach ina iarrachtaí, agus ba léir sin ón méid de In the name of the Fada a chonaic mé.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    Róisín Dubh bhocht. bhí an tam ann nuair a bhí sí ag tnúth le fíon spáinneach agus francaigh ar toinn ach anois caithfidh sí a theacht le fear grinn as Meiricea.Baintreach chaite thréith anois í gan aon dabht.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    B’fhearr liom Fear Grinn amháin ó Mheirceá a thagann agus a dheineann an beart seachas na Franncaigh agus na Spáinnigh a tháinig agus a raibh láimh acu i dtubaistí móra mar a bhí Cath Cionn tSáile agus cliseadh 1798. Beag sasamh a fuair Roisín Dubh ó Franncaigh nó Spáinnigh – an iomarca den chlóg, gan a dhothain dinnéir!
    Tá níos mó déanta ag Des Bishop ar son na Gaeilge in aon bhliain amháin ná mar a dhein go leor eagrais Ghaeilge i gcaitheamh a saoil….

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go ndéanfadh sé beart níos fearr do Ghaeil ná mar a dhein an Pápa a sheol Liam Buí inár dtreo i 1690!

    Freagra
  5. crosbhealaí

    Ni gá bheith ag súil le faillí ó na Fraincigh na na Spáinnigh- no fiú o na sasanaigh féin- bhí an EU breá sásta gradam a thabhairt don Ghaeilge….is iad na Gaeil féin na naimhde is mo ata an an teanga, uaireanta……

    Freagra
  6. Tulyar

    Dá mbeadh soineann go Samhnain bheadh breall ar dhuine éigint. Tá éacht déanta ag Des Bishop ar son na Gaoluinne. Thaispeáin sé don saol gur teanga bheo í an Ghaoluinn. Má tá daoine ag foghlaim na Gaoluinne “de bharr í a bheith gnéasach” cén dochar é sin? Bhíodh daoine ar nós cuma liom maidir leis an nGaoluinn mar cheaptaí go raibh sí ró acadúil agus tur, tirim agus leamh.
    Maith thú a Des agus treasláim lucht an Oireachtais a raibh sé de mhianach iontu an gradam a bhronnadh air

    Freagra
  7. Foinse

    Tá podchraoladh le fáil ar suimh idirlíon Foinse ó Gael na Bliana nó tá sé le fáil ar Youtube Freisin.Cuir isteach ‘Seanfoinse”san bosca cuardaigh agus tiocfaidh sé suas

    Freagra
  8. Ping: Des ar an mbosca « iGaeilge

  9. Tulyar

    A Chonchubhair, a chara,
    Tagaim leat go hiomlán nuair a deir tú go bhfuil an Ghaoluinn ag teacht in uachtar aríst. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar ocáid an Oireachtais chun é seo a thuiscint. Bhain na sluaite taitneamh nach beag as an gcraic. Tá ré na “Gaeilge gnéasaí” tagtha. Is maith an rud é sin. Tá sé tábhachtacht go mbainfadh gach duine, idir óg is aosta, idir lucht acadúil is lucht neamhacadúil sult is sásamh as an nGaoluinn. Is linn an Ghaoluinn. Musclaíonn Des sinn. Usáideann sé gnáthchaint na ndaoine – beannachtaí, mallachtaí, scéalta leathair agus rl.

    Freagra
  10. Ping: Nuacht 24 - comharba Lá « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s