Cé atá ag déanamh cinsireacht ar COMHAR?

Seo eagarfhocal eile nár foilsíodh i gComhar ach atá ar fáil i Lá Nua inniu.  Tréaslaím le hAindrias  O Cathasaigh a stuaim, a chnamhdroma, a dhílseacht d’idéil Uí Chadhain.     Caint na réabhlóide é seo – agus tá súil agam nach fada go mbeidh réabhlóid againn i saol na Gaeilge…

An cheist atá agam – agus tá dhá cheist agam – cé atá ag déanamh cinsireachta ar eagarthóir Comhar agus cad é atá á rá aige atá ag cur an oiread sin oilc orthu nach ligfí d’alt tuairimíochta chomh  brea leis an ceann seo thíos dul i gcló. 

Rud eile nár mhiste a rá.  Nuair a d’fhograíodh go h-éagórach san Irish Times ag tús na bliana seo go raibh deireadh le ré Comhar – Slán le Comhar na bhfocail calma – bhí Lá Nua chun tosaigh agus sinn ag iarraidh teacht i gcabhair ar an dtreimhseachán.  Dheineas, mar eagarthóir ar an nuachtán, tairiscint go bhfoilseoimís Comhar mar iatán i Lá Nua go dtí go raibh foinse maoinithe eile aimsithe acu.   Dar liom go mba bhoichte sinn ar fad Comhar bheith scuabtha chun bealaigh. 

Anois tá an bróg ar an gcos eile.  Tá eagarthóir Comhar – agus ní h-ionann é agus bórd Comhar – ag aithint an tabhacht atá le Lá Nua a choinneáil beo.  Aithníonn sé an rud nach bhfeiceann muintir an Fhorais, iad san atá dall d’aon ghnó ar fhiúntas an nuachtáin agus iad spalpadh ‘mantra’ an mhargaidh amhail is go raibh aon bhrí le sin i gcomhthéacs aon mheán Ghaeilge nó ní bheadh meán ar bith beo murach an deontas stáit. 

Is léir domsa nach bhfuil aon dílseacht ar feidir a lua le bórd Comhar don iriseoireacht Ghaeilge nó don chultúr Ghaeilge má tá sé fíor gur rinne siad cinsireacht ar an alt thíos faoi Lá Nua.  

Stadchló

Dúirt muid anseo mí ó shin go raibh sé in am a theacht ar mhodh eile leis na tréimhseacháin Gaeilge a mhaoiniú. Agus na focla sin dá gcur i gcló, chuir Foras na Gaeilge a gcruthúnas ar fáil lena gcinneadh éirí as nuachtán laethúil a mhaoiniú.
Ní hé deireadh an nuachtáin laethúil amháin atá i gceist ag an bhForas, ach nuachtán Gaeilge a chur den saol ar fad. Má bhí sé míshásta le Lá Nua mar pháipéar laethúil, d’fhéadfadh an Foras cur ar a chumas athsheoladh mar nuachtán seachtainiúil, cuir i gcás. Ach ina ionad sin, tá socraithe aige nach gceadóidh sé ach an t-aon seachtaineán amháin feasta. Un giornale, una voce!
Baineann an ghné is aistí de chinneadh an Fhorais le seirbhís nuaíochta ar líne. Cibé locht atá ar Lá Nua, níl gar a shéanadh ach gurb é atá chun tosaigh maidir le nuaíocht i nGaeilge a fhoilsiú ar an idirlíon. D’fhéadfadh an Foras cuidiú leis chun an tseirbhís seo a fhorbairt. Ach tá socraithe aige gurb é an comhlacht céanna a chuirfeas an nuachtán i gcló a chuirfeas nuaíocht amach ar líne – gur monaplacht nuaíochta a chruthófar.
Tá Foinse dá fhoilsiú mar nuachtán seachtainiúil le dosaen blianta, agus ag fáil deontas ón bhForas chuige. Luigh sé le réasún, mar sin, go mbeadh tosach suntasach aige ar Lá Nua, nó ar dhream ar bith eile, sa rás le maoiniú an nuachtáin sheachtainiúil a bhaint amach. Agus, a chomhartha lena chois, tá Lá Nua tar éis a lámh a chaitheamh isteach.
Ba mhór an caillteanas é Lá Nua a imeacht as. D’admhódh an cara is dílse leis go bhfuil lochtanna air, ach ní fhéadfaidh aon tréimhseachán Gaeilge an chéad chloch a chaitheamh ansin.
Tá de bhua cinnte ag an bpáipéar gur i nguth tuaisceartach a labhraíonn sé ar chúrsaí na tíre. Is dearbhú é gur líne gan chuibheas gan chiall a gearradh trasna na tíre seo i 1921. Is léiriú é ar a dhoimhne is atá intinn na hÉireann críochdheighilte faoin am seo gur vótáil na Sinn Féinithe ar bhord an Fhorais ina fhábhar seo.
Tá iarracht ar bun ag Foras na Gaeilge a dheimhniú go bhfuil a chuid airgid dá chaitheamh go tairbheach, agus iniúchóir neamhspleách ag breithniú na bhfiontar atá dá maoiniú aige. Ní dochar ar bith é sin ann féin, ach is bocht an scéal é má tá nuachtán fiúntach le n-íobairt ar altóir na cuntasaíochta. Ach más ceist cuntasaíochta é, cá bhfuil an t-iniúchadh neamhspleách ar éifeacht chaiteachas an Fhorais ar imeachtaí dá chuid féin?
Ní acmhainn dúinn nuachtán Gaeilge a chailleadh. Níos mó éagsúlachta atá ag teastáil i meáin na Gaeilge seachas níos lú. Is é a chosúlacht aríst gurb eol don Fhoras praghas an uile ní ach nach eol dó luach aon ní. Cruthaíonn an buille seo aríst nár cheart cumhacht bháis is bheatha ar ár gcuid tréimhseachán a ligean leo. An bhfuil sé ró-dheireanach an cinneadh seo a chasadh siar, agus Lá Nua a choinneáil beo?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s