Breacadh ré úr i SAM, ré an Uachtaráin Obama

Comhghairdeas le Barack Obama, uachtarán úr Mheirceá.   Cé go bhfuil an feachtas is déine agus is daoire i stair na polataíochta ar a chúl, anois a thosnaíonn an obair.

Agus é ag tabhairt oráide an bhua i Chicago tamall gairid ó shin, luaigh an tUachtarán nua-thofa go raibh ré an athruithe ag teacht go Meirceá.   Beidh áthas ar phobal SAM agus pobal an domhain sin a chlos.

Ach beidh áthas níos mó orainn é a fheiscint ag titim amach.

Rinne mé féin tuar go mbeadh bua chuimsitheach den chineál seo ag an bhfear ildánach seo – agus is cosúil gur mó arís ná an tuar a rinne mé ar shuíomh an Washington Post a bheidh an bua ar deireadh.

Tá 51% den vóta phobail buaite ag an Uachtarán Obama – in éadan 47% den vóta a shaothraigh John McCain – ach is mó arís a bhua sa Choláiste Toghcháin nó de bharr an chórais atá acu i SAM, tá farasbarr ollmhór aige ansin, 338 vóta in éadan 155.  45 vóta atá go fóill le roinnt ag 5.30 ar maidin.

An bhfuil gach rud athruithe de bharr an bhua seo?  Beidh le feiceáil.  Ach tá tús úr ann ar aon nós agus is maith sin.

Rud amháin a athróidh go bunusach mar gheall ar an mbua seo, athrú cinnte amháin, an bealach a reachtáíltear feachtais toghcháin.  Tá súil agam nach bhfuil ann ach an tús. Léiríonn an fís seo a d’aimsigh mé ar Youtube an rud atá i gceist agam….

Agus maidir leis an Uachtarán Bush….slán abhaile agus imeacht gan teacht ort, a chonúis lofa!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s