Conradh úr an Fhorais: sop seachas seirbhís nuachta ar líne atá á lorg

Táim tar éis cíoradh a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais atá éisithe ag Foras na Gaeilge maidir leis an gcomórtas don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge agus an seirbhís nuachta leictreonach agus is léir gur beag an tuiscint atá ag an bhForas ar cad é atá i gceist leis an dara mhír den dtairiscint sin, an seirbhís nuachta leictreonach.

Ar an bhfoirm iarratais, níl ceist amháin dírithe ar an mhír seo, an seirbhís nuachta leictreonach.   Seoladh caipéis eile chugam ón bhForas maraon leis an bhfoirm iarratais – caipéis ag iarraidh orm ‘eolas breise’ a sholathar.

Ar na míreanna eolais ar fad atá le solathar, tá mír amháin ag tagairt do ‘abhar leictreonach’.

Seo a deir sé:

  • pleananna le hábhar an nuachtáin a chur ar fáil go leictreonach

Sin an méid.  Is mó i bhfad an tagairt atá ann don “phlean margaíochta”.  Is léir ón tagairt seo amháin nach seirbhís nuachta atá i gceist seachas leagan leictreonach den nuachtán.  De reir loighic mar sin, is léir nach bhfuil seirbhís nuachta leictreonach i gceist, seirbhís a bheadh á uasdatú i rith an ama.  Níl ann ach leagan leictreonach den nuachtán agus os rud é gur nuachtán seachtainiúil é, ní féidir go bhfuil sé i gceist ach go mbeadh ábhar an nuachtáin á uasdatú go seachtainiúil ar líne.

Níl seo maith a dhothain ar chorr ar bith in aois na h-idirlíne, nuair atá gá le seirbhís atá scéalta á fhoilsiú go h-úr i rith an ama.  Fiú mura raibh na h-acmhainní ann ach chun seirbhís 8 uair a chloig in aghaidh an lae, 5 lá na seachtaine a chur ar fáil, bheadh sin réasúnta i gcomparáid le seirbhís nach mbeadh á uasdatú ach uair sa tseachtain.

Nuair a labhair mé le feidhmeannach ón bhForas inniu, ní raibh an chaipéis os mo chomhair.  D’iarr mé go beacht air, mar sin féin, an mbeadh seirbhís a bheadh á uasdatú go leanúnach á lorg ag an bhForas.  Dúirt sé go mbeadh.  Is ait liom mar sin a fheiscint a laghad airde atá tugtha don mhír tabhachtach den seirbhís seo san fhoirm iarratais.  Is léir domsa nach bhfuil i gceist leis an ‘seirbhís nuachta’ atá á lorg ag an bhForas ach sop in áit na scuaibe.

Táim chun iarratas a chur isteach ar mo shon féin agus comhphairtithe eile le seirbhís nuachta cearta a chur ar fáil.  Mura nglacann an bhForas leis gurb é sin a gheall siad agus an conradh le h-aghaidh nuachtán laethúil á bhaint de Lá Nua, leireófar ná raibh i gceist ach cur i gcéill.

Is léir go gcreideann Foras na Gaeilge gur amadáin iad pobal na Gaeilge.  Nó cén fath go ndéanfaidís caint phoiblí faoi bheith ag lorg seirbhís nuachta leictreonach – ach ansan a thabhairt le fios nach a leitheid de sheirbhís ach á uasdatú go seachtainiúil?

Ar ndóígh ba léir don dall agus, go h-áirithe, d’éinne a bhionn ag plé le seirbhís nuachta a chur ar fáil ar bhonn leanúnach go raibh sé do dheanta an nuachtán seachtainiúil, an nuacht sheirbhís ceart is buan agus plean margaíochta a chur ar fáil ar an gconradh d’uasmhéid €400,000 a thairg Foras na Gaeilge i mí Meán Fómhair agus iad ag tabhairt an tua don nuachtán laethúil.  Ní íocadh an briseadh uaidh sin i ndiaidh nuachtán a fhoilsiú go seachtainiúil agus an plean margaíochta as cupán caifé leath thé le dul le do nuachtán maidin Satharn.

Anois is soiléiré arís an cur i gcéill agus an bréag a bhí i gceist sna raitis sin ó urlabhraithe an Fhorais agus a leithscéalaithe i Sinn Féin.

eolas-le-solathar_sceim-nuachtan08

foirm-iarratas_sceim-nuachtan08

Sa deireadh thiar thall, ní raibh anseo ach plean chun Lá Nua a bhaint den margadh – faigh reidh leis an nuachtán achrannach seo a dúirt an rí lena ghiollaí agus sin a rinne siad go feall agus go fuilteach.  Tá calaois déanta ar Lá Nua cinnte – ach tá calaois déanta ar Foinse agus ar aoinne eile a bheadh ag cur isteach ar an ‘gcomórtas’ poiblí seo chun nuachtán seachtainiúil a sholathar.   Beidh daoine ag súil le miorúilt na mbulógaí agus na n-iasc má tá siad ag súil le nuacht sheirbhís leictreonach.

Ní leor sin a thuilleadh. Tá pobal na Gaeilge i dteideal seirbhís ceart nuachta ar líne.  Tá iriseoirí na meán chlóíte Ghaeilge i dteideal pá ceart, ar aon chéim lena gcomrádaithe ar Nuacht TG4 mar shampla.  Pá don iriseoir físe nua ag tosnú le Nuacht TG4 – €53,000 in aghaidh na bliana.  Tuarastál an eagarthóir chláir – €82,000 in aghaidh na bliana.  Ní chreidim go bhfuil na daoine seo ag fáil an iomarca airgid ach ní chreidim ach an oiread gur fiú iad an dhá oiread phá a bhí a gcomhionann ag Lá Nua ag saothrú, má bhí siad ag saothrú fiú an méid sin.

6 thuairim ar “Conradh úr an Fhorais: sop seachas seirbhís nuachta ar líne atá á lorg

  1. Póló

    Tá seo dochreidte.

    Nil i gceist acu ach leagan leictreonach den nuachtán seachas seirbhís nuachta leictreonach.

    Ní haon ionadh, má’sea, nach bhfuil méadú cuí ar an deontas.

    Náireach.

    Freagra
  2. amhlaoibh O hiodrascail

    B’fhearr liom leagan maith seachtainiuil i nGaelainn chruinn ná an truflais atá á chur ar líne go leanúnach (‘uasdátú’ mar a thugann tú féin air.) Tá géarghá le hiriseoireacht mhaith atá scríofa go deas le litriú agus gramadach cruinn. Ba cheart go mbeadh sé sin mar aidhm ag an bhForas. I gcead duit a Chonchubhair is breá liom do chuid tuairimí ach ní léir go bhfuil meas madaidh agat ar chomhréir na Gaelainne

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Glac uaimse é, Amhlaoibh, go bhfuil níos mó measa agam ar chomhréir na Gaelainne ná mar atá ag Foras na Gaeilge ná aon dream eile. Deinimíd ár ndícheall anseo seirbhís a chur ar fáil don phobal leitheoireachta….má tá locht ar mo chuid gramadaí, ní h-é nach n-aithním sin ach nílim chun fanúint i mo thost. Ní thuigim ar aon nós cén locht atá le fáíl agat ar mo chuid Gaelainne – an é nár scrígh tú féin abairt ná raibh ceart go h-iomlán riamh. Nó ná raibh Béarlachas ann? Uasdatú? An é sin atá ag cur isteach ort? Abraimís mar sin go mbeadh scéalta nua á fhoilsiú gach lá, go mbeadh craiceann úr scéalta á chur ar an suíomh gach lá, is cuma liom. Tuigeann daoine ‘uasdatú’ freisin – tuigeann siad gur teanga í an Ghaeilge, nó an Ghaelainn más fearr leat, atá beo san aois seo, seachas siocaithe mar a bhí sí á labhairt dhá ghlúin ó shin, agus mar sin caithfidh sí cuid d’fhoclóír na linne seo a thabhairt lei. Ní h-ionann sin agus a bheith ag spalpadh Béarla i nGaelainn mar a bhionn á dhéanamh ar Foinse agus ar Nuacht TG4, meáin ar a bhionn ‘ceisteann á n-árdú’ acu go rialta.

    Freagra
  4. aonghus

    Sé an rud ná go bhfuil earnáil na meáin Gaeilge an cruthaíoch ar bheagán airgid go dtí seo, agus go gcothaíonn sin droch nós agus míthuiscint ag an dream atá dá mhaoiniú.

    Agus ó tharla gan stráitéis ag an bhForas…..

    Freagra
  5. crosbhealaí

    Ni thagam ar chor ar bith leis an méid atá ráite ag amhlaoibh thuas. Tá cruinneas na Gaeilge tábhachtach ach más rud é gur fearr leat féin nách mbeadh ach lucht PhD na gramdaí ag scríobh agus ag tuairimíocht i nGaeilge, go n-eiri,leat! Tagann Labi Siffre chun cuimhne “when they insist we’re just not good enough, well we know better, just look them in the eye and say, gonna do it anyway, gonna do it anyway”. Is linne go léir an Ghaeilge, agus leanaimis a scríobh, ag feabhsu de réir a chéile, cinnte, ach ní go deo ag fanacht inár dtost…..

    Freagra
  6. crosbhealaí

    …sea, sea…tuigim gur ceart dom “leanfaimis” seachas “leanaimis”;”gramadaí” seachas “gramdaí”, “á” seachas “a” srl a bheith scriofa. Typos cuid acu, botúin cuid eile…ach is meán beo, idirghníomhach atá anseo, ní léann trom, lom….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s