Mar a bheadh le rá ag an Bhantiarna Bracknell ón ndráma The Importance of Being Earnest, is mí adh é foilseachán Ghaeilge [Lá Nua] a chailliúnt ach is féidir a rá gur mí chúram amach is amach é an dara fhoilseachán Ghaeilge a chailliúnt in achar gearr ama.
Is cosúil go bhfuil Comhar i mbaol arís de bharr gur eirigh an t-eagarthóir, Aindrias O Cathasaigh, as an chúram in eagarfhocal ar fhoilsíodh i Lá Nua inniu, seachas i gComhar féin. Is cosúil go bhfuil an tUasal O Cathasaigh ag rá go raibh bórd Comhar ag cur iachaill air an t-iris a chuir faoina mbraid le go bhfaofaí é – faomhadh focal brea eile a thug Foras na Gaeilge dhúinn mar fheirín – sara bhfoilseofaí é.
An ceart glan ag Aindrias an fód a sheasamh in éadan na cinsireachta agus ar shon saoirse an phreasa. Tá sé chomh maith do a rá nach bhfuil ann ach an giolla agus go bhfuil an cinneadh dheiridh fagtha faoin mBórd.
Ach cén fath go bhfuil an Bórd ag iarraidh an cumhacht seo? An é go bhfuil siad ag iarraidh gan olc a chur ar leitheidí Fhoras na Gaeilge atá, de reir dealraimh, ag comhaoiniú aiseirí Comhar, Euro ar Euro, le maoinitheoirí eile na h-irise?
Tá leid bheag sa mhéid seo a deirtear san Eagarfhocal:
Tá sé de chúram ar eagarthóir irise í a chur i dtoll a chéile go neamhspleách ar bhord, coiste nó foras ar bith a bhfuil clár eile oibre acu. Ní eagarthóir fiúntach a bheadh sa té a ghlacfadh le ladair a chur isteach mar sin, ná ní iris fhiúntach a chuirfeadh an té sin in eagar.
Agus anuas ar sin, tá sé ráite gur bhain ceann de na h-eagarfhocail nár foilsíodh leis an ngéarchéim ag Lá Nua. Stad Phreas an ceann teideal air sin. An é go raibh eagarthóir Comhar ag féachaint chun tosaigh agus ag aithint na deacrachtaí a bheadh ann do leitheoireacht na Gaeilge dá mbainfí an fhoilseachán Ghaeilge is mó díol, fiú ag an lá is measa [1500 coip] agus, ar an lá is fearr, i bhfad níos mó ná sin[4,500 coip in aghaidh an lae] den mhargadh?
De reir foilsitheoir ar labhair mé leis ag Oireachtas na Gaeilge, tá taighde déanta a léiríonn nach bhfuil de mheán dhíolachán ag leabhair Ghaeilge ach 184 coip. Sin taighde údarásach a deineadh ar 1,000 leabhar Ghaeilge.
Léiríonn sin nach bhfuil margadh ann don Ghaeilge. Ach conas a bhféadfadh margadh a bheith ann? Caithfimid an margadh a bhunú, a bhuanú, a fhás agus a fhorbairt? Agus níl an acmhainn againn sin a dhéanamh gan airgead ón bhForas – ach caitheann Foras na Gaeilge gach pingin margaíochta atá acu ag cur Foras na Gaeilge chun tosaigh seachas aon tairge ar leith nó aon rud Gaelach ar leith. Ní fheadar an mó céad míle Euro atá díolta acu le comhlachtaí caidrimh poiblí ar nós Financial Dynamics chun preas raitis a eisiúint – sa bhfíor shaol, gort na n-eagras agus na meán Ghaeilge, is an eagras nó an meán féin a ullmhaíonn agus a dháileann an phreas ráiteas seachas bheith ag díol €1,000+ in aghaidh an lae le comhlacht caidrimh phoiblí chun an ‘sclabhaíocht’ sin a dhéanamh.
Cé atá freagrach as foilsitheoireacht na Gaeilge? Foras na Gaeilge. Go bhfoire Dia ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge nó is cosúil gur cinsireacht seachas foilsitheoireacht atá á spreagadh ag an bhForas.
Míle náire iad an Fhoras, míle náire freisin Bórd Comhar nár sheas leis an eagarthóir ar cheap siad tar éis comórtas phoiblí.
Admhóidh mé anseo go raibh mise san iomaíocht don phost a fuair Aindrias. Rinne mé comhghairdeas leis as a cheapachán. Ach tréaslaím a chnamh droma agus a chrógacht leis inniu. Tá tuilleadh dá leitheid uainn agus má tá an iomarca eagrais Ghaeilge againn, mar a mhaíonn an tAire ó am go cheile, b’fheidir go bhfuil sé in am an sléacht a dhéanamh. Tosnaigh leis an bhForas….
Sé an easpa gairmiúlacht sa chuir cuige a chuireann le craobhacha mé.
Conas is féidir duine a fhostú agus an bord agus an duine sin a bheith ar thuiscint chomh heagsúl ar ról an duine úd?
Treaslaím a sheasamh le hAindréas – dúirt Íte Ní Chionnaith i leith Lá go raibh guth sáiniúl aduaidh i gceist leis (agus bhí). Guth sáiniúl atá ag Aindreás freisin. Is maith ann iad na guthanna sin.
An é nach bhfuil ach guthanna lár an bhóthair le maoiniú?
De réir mo thuiscint b’é an tÉireannach – nuachtán den eite chlé a’b fhearr a chruthaigh “margadh” dó fhéin.
Caithfear bealach as an tseafóid seo a aimsiú.
Ní chuireann an easpa gairmiúlachta ag muintir Comhar aon íontas orm. Nuair a cuireadh mé faoi agallamh, bhí an dream a bhí i mbun an agallaimh mall don agallamh! D’eirigh liomsa teacht an fhaid go leir ó Chúil Aodha chun bheith in am don agallamh agus is iad a bhí mall cé go raibh siad ag obair agus ag cónaí i mBAC! Anuas ar sin fógraíodh torthaí an chomórtais san Irish Times – sa cholún chéanna ar fograíodh go raibh Comhar marbh agus an t-eagarthóír ag obair ar eagrán mhí Eanair 2008 – gan litir a sheoladh chugam roimh ré, rud thar a bheith mí chuirtéiseach dar liom. Cé gur léirigh mé tacaíocht don iris, fiú nuair nár ceapadh mé im eagarthóir air, agus gur chuireas in iúl go mbeadh speis agam altanna a sholathar don iris, nior labhraíodh liom faoi seo. Ní h-é go bhfuil mé ag maíomh as mo chumas iriseoireachta ach dar liom go raibh an glaoch cuirtéise ar a laghad tuillte agam fiu mura raibh ann ach san. Agus sa deireadh thiar ní bhfuair mé cuireadh fiú amháin chun ath sheoladh Comhar. Arís mar iriseoir ghairmiúil, ní h-é seo mar a chaithfinn le daoine.
Is léir domsa go bhfuil fadbhanna ag Comhar agus a bhórd ach is mó arís na fadhbanna ag Foras na Gaeilge atá dhá fhoilseachán Ghaeilge caillte ar a seal faire. Tá sé in am na ceisteanna géara a chuir orthu – cén fath go bhfuil siad ag suí ar a lámha? Cad é an todhchaí dar leo atá ann d’fhoilseacháin Ghaeilge? Iad san atá freagrach, nach iad? An bhfuilimíd sásta todhchaí na Gaeilge mar mheán liteartha scríofa a fhágáíl faoin dream dúramáin seo?
is trua nár fhán Aindrias go bhfeicfeadh sé an ndéanfaí cinsireacht ar an abhar sul ar éirigh sé as.Is minic bagairt choiste níos measa ná a bhuile agus is féidir an mór is fiú atá ag baint le gach coiste a mhaoladh ach beagán foighne a bheith ag duine. Is beag duine againn nach ndéantar iniúchadh ar ár gcuid oibre ,ag an tús ach go háirithe ach de réir a chéile tógtar muinín in á chéile ag an dá dhream.
Ba thrua dá néireochadh Aindrias as nó is cosúil go bhfuil tuairimí láidre aige faoi shochaí Éireann an lae inniu agus tá daoine mar sin de dhíth go géar ar iriseoireacht na Gaeilge má tá muid le léitheoirí a mhealladh.Tá scríbhneoireacht na Gaeilge ró shéimh agus ró chompórdach le beith suimiúl. Tá barraíocht de a scríobh ag daoine nach bhfuil dearcadh láidir acu faoi aon rud.( rud nach féidir a chur in do leith a Choncubhair,buíochas le Dia)mar sin an féidir iarraidh ar Aindrias athmhachnamh a dhéanamh ar an chinneadh atá déanta go bhfeice sé an ndéanfar cinsireacht air.Má dhéantar is é sin an tam le héirí as
Séamas, tuigim duit ACH (bhí a fhios agat go raibh an ACH ag teacht, nach raibh?) prionsabal atá i gceist anseo: sheol Aindrias an iris chuig an chlódóir agus d’fhoghlaim sé ón chlódóir go raibh cosc curtha ag Bord Chomhar ar an ábhar a chur i gcló cionn is nár léigh siad é roimh ré. Cinnte déantar iniúchadh ar obair eagarthóra, ach déantar sin ar an ábhar clóite, ní ar an lámhscríbhinn. Ní ghlacfadh eagarthóir fiúntach ar bith leis an choinníol an t-ábhar a fháil ceadaithe roimh ré ag an Bhord; cinnte tá sé freagrach don Bhord as an iris chlóite, ach sin rud eile. Uair amháin le linn 5 bliana mar eagarthóir ealaíon le Lá Nua, iarradh orm gan alt a chur i gcló, agus ba mise a chuir an t-alt sin ar a shúile do na bainisteoirí cionn is go raibh a fhios agam go raibh ábhar faidhbe ann (mise a scríobh an t-alt fosta). Sin an sórt modh oibre atá Aindrias ag lorg, agus an sórt modh oibre atá tuillte aige, nó ag eagarthóir ar bith.
Tagaim leat Philip cé go bhfeicim go bhfuil Séamus ag iarraidh teacht timpeall ar fhadbh seachas dul i ngleic leis. Is cinnte nach bhfuil fios a ghnó ag bórd Comhar an oiread is nach bhfuil ag bórd an Fhorais….fagtar eagarthóíreacht ag na h-eagarthóirí. Má cheaptar eagarthóir, ligtear do eagarthóireacht….