Éire abú – agus iGaeilge abú!

An gheansai mar atá - tá 'Éire' soiléir ar a chúl

An gheansaí mar atá - tá ‘Éire’ soiléir ar a chúl!

Tabhair faoi ndeara seo, a cháirde.  B’fheidir gur cuimhin libh gur scrígh mé litir nó dhó ag gearán faoin easpa Ghaeilge ar gheansaithe fhoireann idirnáisiúnta CLG na hÉireann don chomórtas, Peil na Rialacha Idirnáisiúnta, atá díreach thart.  Foilsíodh cuid acu sin i nuachtáin ar nós an Irish Times.

Ní raibh aon chosúlacht ann go n-eireodh leis an bhfeachtas seo agus, cúpla seachtain ó shin, dearbhaíodh nach n-eireodh leis cheapfá nó foilsíodh griangraf den éide úr ar an idirlíon.

Anois féach,  tá athrú poirt ann.  Agus sa deireadh thiar, tá ainm na tíre, Éire, breactha i gceannlitreacha móra ar chúl an léine idirnáisiúnta seo.   Níl a fhios agam an raibh baint agam leis – ach tá athas orm gur thógas an cheist agus gur chuireas os comhair an phobail é.  Agus mas amhlaidh gur lean an CLG mo chomhairle, bhuel, tá ríméad orm.  Ach mas amhlaidh gur lean siad a gcomhairle féin beag bheann orm, ní miste nó is ionann an toradh!

An geansai mar a bhi - nil ach an leagan Bhéarla d'ainm na tire le feiscint ar an ngeansai seo

An geansaí mar a bhí - níl ach an leagan Bhéarla d'ainm na tíre le feiscint ar an ngeansaí seo

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s