Na Meáin Ghaeilge go líonmhar ag an Oireachtas

Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life

Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life

Tá na meáin Ghaeilge go líonmhar ag Oireachtas na Samhna.  Chonac timpeall orm lucht Raidio na Life, Muiris Ó Fiannachta agus a bhuíon, Tomaí Ó Conghaile, Raidio na Gaeltachta ar ndóigh agus slua maith ó TG4.

Tá Pobal ag déanamh mír ar leith ar an gcomórtas steip rínce – mór an trua go bhfuil deireadh ag teacht leis an t-aon chlár Ghaeilge ar RTÉ 1 i ndiaidh na Nollag.  Clár é nár bhfuair aon seans ceart nó bhí sé á chraoladh ag am aisteach, thart ar 5.30in gach Domhnach.   Bhíodh sé lán le scéalta speisiúla agus míreanna mire ó gach cearn den tír.

Tá Foinse á dháileadh anseo freisin – cé nach mbionn sé ar fáil de ghnath go dtí an Satharn.  Is feidir a fheiscint gur chuir siad deifir orthu féin bheith ann in am – nó tá fógra acu le h-aghaidh comórtas do X BOX 360 atá le buachaint acu ach cuairt a thabhairt ar an seastán ag Ostán Castlecourt, Cathair na Mart, lathair an Oireachtais anuraidh!

Ní fhaca mé einne ó Lá Nua thart ach rinne mé féin tuairisc aréir le h-aghaidh Raidió Fáilte.

Seachas an tuairisciú chuimsitheach atá á dhéanamh ar an Evening Echo ar imeachtaí an Oireachtais gach lá, níl oiread is griangraf nó mion thuairisc ar imeachtaí an mhór fheile tugtha faoi ndeara agam ar na meáin náisiúnta Bhéarla.   An é nach bhfuil a fhios acu go raibh sé ar siúl nó cé tá freagrach as iad a chur ar an eolas?

Agus ar ndoigh tá an blag, iOireachtas, ag craoladh beo ón Oireachtas freisin!

Ni fheadar an bhfuil muintir Foinse ag imirt cluichi linn...

Ní fheadar an bhfuil muintir Foinse ag imirt cluichí linn...

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s