Buaiteoirí Ghradaim na Leabhar

Darach Ó Scolai agus Ré Ó Laighleis

Darach Ó Scolaí agus Ré Ó Laighleis

Is iad An Cléireach, urscéal suite sa 17ú Aois le Darach  O Scolaí, agus An Phleist Mór, leabhar do phaistí ó pheann Susan Edwards agus Ré O Laighléis, buaiteoirí móra na bliana seo ag Gradaim Leabhair na Bliana.

D’fhograíodh buaiteoirí na gradaim is mó luach – agus is mó tóir – ag ocáid in Oireachtas na Gaeilge ag am lón inniu Déardaoin.

Tá duais chiste suntasach ar fáil do bhuaiteoirí na ngradam seo – is fiú €10,000 don fhoilsitheoir agus €5,000 don údar Gradam Uí Shuilleabháin agus tá duais €7,000 ar fáil d’fhoilsitheoir bhuaiteora Ghradaim Reics Carló agus €3,000 don údar sa chás sin.

Is cinnte go mbeidh an gabhar á róstadh ag Leabhar Breac agus Moinín anocht de thoradh luach saothair an lae inniu as a gcuid oibre sa ghort litríochta Ghaeilge.

Ina oráid roimh bhronnadh na ngradam, dúirt an tOllamh Alan Titley go raibh tabhacht  i gconaí le leitheoireacht agus gur ghá tacaíocht a thabhairt don earnáil foilsitheoireachta má tá uainn an Ghaeilge a choimead beo agus beathach san am atá le teacht.

Aon tuairim amháin ar “Buaiteoirí Ghradaim na Leabhar

  1. Fearn

    Nach trá an dúch ina gcuid pinn nó nach clise an clár scríobhneoireachta ar a gcuid ríomhairí orthu!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s