Dein nós* nua inniu, ceannaigh iris chlóite na Gaeilge

 

Dein nós* agus ceannaigh nós*

Dein nós* agus ceannaigh nós*

Rud amháin ar féidir é a rá faoi lucht foilsithe nós*, níl siad ag cailliúint deis ar bith chun úsáid a bhaint as an idirlíon chun dea scéal na h-irise a chraobh scaoileadh.  Tá an fhógraíocht saor le foilsiú – gan costaisí deartha is eile a chur san áireamh – agus tá sé ar gach fóram idirlíne a mheallann Gaeil.   

Mar sin níl aon údar nár cheart do bheith anseo ar iGaeilge.  Imleabhar é an iris seo do na h-altanna is fearr agus is speisiúla ó na h-irisí a foilsíodh go dtí seo.   

Beidh sé ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge agus, mar sin, mura bhfuil sintiús faighte agaibh go dtí seo, is féidir libh é a cheannach ansin.   Fhaid is atá sibh ann, ceannaigh sintiús.  

Má tá ceacht ar bith le foghlaim ó phriacal Lá [Nua], is é an bealach is fearr le h-irisí agus nuachtáin Ghaeilge a choimead slán ó lámha marbha an mhaorláithis – Foras na Gaeilge – agus marbh-fháisc na gcinsirí, Sinn Féin,  síntiús a ghlacadh leo ionas go mbeidh díolachán ard ar gach eagrán.  Is é sin an bealach le cinntiú go dtéann an iris ó neart go neart freisin nó ciallaíonn sé go bhfuil tuairim mhaith ag na foilsitheoirí an méid coip atá le cló agus dáíleadh, na costaisí a bhaineann leis an dhá oibríocht sin.

Mura bhfuil sé de nós* agat go fóill iris Ghaeilge na nua-aoise a cheannach, ná bíodh san le rá agat ag deireadh na seachtaine seo!

Ní mór a rá go gceapaim féin gur fearr a chinnteofaí todhchaí nós* foilsiú ar an idirlíon amháin. Is beart thar a bheith cróga é iris chlóite Ghaeilge a fhoilsiú trath na h-aimsire seo nuair nach bhfuil Foras na Gaeilge in ann a thuiscint gur seirbhís phoiblí é seo seachas gnó bhrabhúsach.  Anuas ar sin tá diolachán ar irisí clóite ar nós Hot Press ag titim leo de bharr teacht chun tosaigh na h-idirlíne.  

Ach más féidir le lucht foilsithe nós* é seo a dhéanamh gan na costaisí a bheith thar a n-acmhainn, tá moladh agus tacaíocht tuillte acu.   An t-aon bhealach phraicticiúil tacú le nós – nó Foinse nó Comhar – iad a cheannach….ná bac le h-achainí idirlíne, cruinnithe eigeandála, litreacha chuig baill boird nó eile.  Ceannaigh iad agus mairfidh siad!

3 thuairim ar “Dein nós* nua inniu, ceannaigh iris chlóite na Gaeilge

  1. séamus Mac Seáin

    chuir mé síntiús chuig “NÓS” nuair a d’iarr siad é an chéad uair ach tá mé tar éis ríomh phost a fháil uathu ag rá “YOU HAVE BEEN DESUBSCRIBED” cibe ciall atá le sin.an bhfuil a fhios ag duine ar bith cad atá titim amach? Is cosúil fosta go bhfuil siad ag obair as bocsa post.ba mhaith liom ainm duine agus seoladh ceart a bheith agam.

    Freagra
  2. ggn

    A Shéamuis,

    Is léir go bhfuil fadhb teicniciúil ann.

    Tá nós* ag dul ar aghaidh go maith.

    Tá d’airgead slán sábháilte – is féidir a bheith dearbh faoi, beidh gach rud soiléir sa deireadh.

    Is é Feilm Borland ó BhÁC an duine a labhraíonns ar son nós* go poiblí.

    Freagra
  3. nós*

    A Shéamuis, a chara,

    Go raibh maith agat as síntiús a ghlacadh amach linn – gheobhaidh tú do chóip gan mhoill.

    An t-aon chúis a bhfaighfeá teachtaireacht faoi dhíliostáil ón nuachtlitir ná má bhrúigh tú an rogha sin ar do rphost, seans trí thimpiste.

    Is féidir clárú leis an nuachtlitir arís ar http://www.nosmag.com

    Agus a Choncubhair, a chara, is áis iontach í iGaeilge agus ár mbuíochas as an chlúdach!

    Beir nua,

    Foireann nós*

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s