An Ghaeilge ar nós an ‘Titanic’

Tá an Ghaeilge ar nós an Titanic – tá na soilse ar siúl ar an bharr deic, na paisinéirí ag gabhail timpeall agus ag damhsa sa halla rince ach tá sí pollta faoi bhun an líne snámha agus uisce ag doirteadh isteach sa seomra innil. 

B’é sin an teachtaireacht dúshlánach a thug an Seanadóir Eoghan Harris don slua a bhí báilithe i Seomra an Chomhairle ag Halla na Cathrach i gCorcaigh le h-aghaidh ocáid oscailte Oireachtas na Gaeilge cois Laoi anocht. 

Thagair sé do ghrúpaí ‘paisinéirí’ éagsúla, paisinéirí na ndeontas agus paisinéirí na n-eagraíochtaí Ghaeilge ach go h–áirithe agus é ag iarraidh a chur ina luí ar an lucht éisteachta go raibh gá le gníomh chun an teanga a shábháíl. 

Dúirt sé go raibh sé tuairiscithe i ndaon áireamh nuair ar bunaíódh an Stat go raibh breis is 1m cainteoir dúchais Ghaeilge sa tír – agus dúirt sé gur léir go raibh borradh tagtha ar an nGaeilge sa treimhse ó shin nó bhí an daon áireamh is déanai ag tuairisciú go raibh breis is 1.5m ag tabhairt le fios go raibh Gaeilge acu. 

“Ach is féidir leat rud ar bith a dhéanamh le figiúirí,” dúirt sé.   Thug sé le fios gurb í an Ghaeilge eigeantach an rud a chinntigh go raibh cumas éigean sa teanga ag an oiread san daoine ach dúirt sé gur léir go raibh deacrachtaí sa chóras oideachais agus dá gcuirfí deireadh leis an Ghaeilge eigeantach, bheadh difríocht suntasach le braistint sna figiúirí céanna. 

Agus thagair sé freisin do na deacrachtaí a bhí ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht áit ná raibh ach 17,500 ag labhairt na teanga ar bhonn laethúil go rialta.  Dúirt sé go raibh gá le h-Udarás Tarrthála na Gaeilge sa Ghaeltacht anois. 

Dar leis an Seanadóir Harris, atá lán fuinnimh agus brí in ainneoin do bheith ag teacht aniar ó bhabhta dhroch thinnis, tá go leor pleananna agus eagraíochtaí ag póirseáil timpeall agus iad ag iarraidh an Ghaeilge shábháíl ach níl aon mór phlean nó ollfhís chun tabhairt faoi sin. 

Mhol sé go h-ard an fuinneamh agus an samhlaíocht a bhí á léiriú ag leitheidí Pheadair Uí Riada agus muintir Chúil Aodha agus an tionscnamh, Acadamh Fodhla,  ach dúirt sé go raibh a leitheid de shamhlaíocht ag teastáil go géar. 

Rinne sé íonsaí fiochmhar ar Shinn Féin agus é ag tagairt don úsáid a bhí á bhaint as an nGaeilge mar ‘armalite chultúrtha’ agus ag cur an traidisiún Protastúnach ó dhoras na teanga. 

Dúirt sé gur ar leas gluaiseacht na Gaeilge dá n-eireodh Sinn Féin as a gcleasanna leis an teanga.  Dar leis go raibh Gaeilge clasaiceach na hAlban sa traidisiún Phrotastúnach ó thuaidh agus go saibhreodh sin teanga na hÉireann ach an deis a bheith ag an dhá theanga meascadh.  An t-aon chonstaic dar leis, Sinn Féin agus an mbealach gur shealbhaigh an phairtí sin an teanga. 

Is cinnte go gcothóídh an chaint a thug an Seanadóir Harris conspóid áirithe i measc Gaeil.  Ag suí taobh leis agus é ag tabhairt na h-oráide bhí an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon O Cuív agus is léir ón mhéid atá ráite aige siúd le déanaí go gcreideann sé go bhfuil stadas ‘paisinéirí’ ag cuid de na h-eagrais Ghaeilge.

7 dtuairim ar “An Ghaeilge ar nós an ‘Titanic’

  1. séamus Mac Seáin

    iontach cliste ar fad cad chuige nar smaoinigh an chuid eile againn ar sin?. Éiríonn Sinn Féin as an Ghaeilge agus beidh sí slán. Simplí. an smaoineamh go deo ag “Guru” mór na cinsireachta ach fán nóiméid nach é seo an fear ar scrios a chuid moltaí cráiceailte John Bruton agus David Trimble araon? Buíochas le Dia nach raibh mé i láthair nó bheadh droch bhabhta tinnis orm féin.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá cuid den oráid seo ar thaifead agam agus táim ag súil go mbeidh sé á chraoladh anseo le linn an lae amarach. Oráid spreagúil a bhí ann gan amhras – ach is iomaí rud a dhéadfadh sé spreagadh!
    Níor dúirt sé go n-eireodh Sinn Féin as an Ghaeilge ach go n-eireodh an phairtí as bheith ag úsáid an teanga mar ‘armalite chultúrtha’ – an ionann an dhá rud?

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    Chuala mé an dearcadh ceannann chéanna dá chur chun tosaigh go “spreagúil”ag Nelson McCausland (DUP) agus David McNarry (UUP) le cúpla seachtain anuas, cáirde cléibhe is dócha.mar sin ní bun smaoínimh Eoghain féin a bhí ann fiú amháin ach ar a laghad ar bith tugadh cead cainte do ag an Oireachtas , rud a shéan sé féin agus cadre RTÉ de pháirtí na noibríthe ar Náisiúnaigh na sé gcontae ar feadh breis agus fíche bliain.Tugtar saoirse chainte do chách a deirim, dóibh sin féin, fiú amháin, a shéanfadh ort í.

    Freagra
  4. An guth aduaidh

    Eoghan Harris!Dia ár sábhail. Brón orm ach tá doiligh cluas a thabhairt do dhuine a bhí leis na sticks, leis an dream buí, le ffers agus le fine gealers.No, a Chonchubhair tá an fear seo in a sheáinín..

    Freagra
  5. Seán Mór

    An bhfuil Harris ag maíomh anseo, ar dhóigh iontach caolchúiseach, gur Sinn Féin a chuir an Titanic go tóin poill chomh maith? 🙂

    Freagra
  6. Ping: An Seanadóir ag cur beocht in Beo! « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s