Eigeandáil Oideachais

Is maith an rud é go bhfuil Brian Cowen agus an Aire OIdeachais, Batt O’Keeffe, sa tSín.   Nó dá mbeadh siad i láthair anseo in Éirinn agus na ceisteanna réasúnta atá daoine ag togáint faoi na giorruithe mí réasúnta atá á ndéanamh ar an earnáíl oideachais, bheadh port eile acu, b’fhéidir, seachas an chaint seo ón dTaoiseach inniu. 

“We have to respect the budgetary parameters that we have,” replied Mr Cowen. “We’ve made that decision; it’s one of the decisions we had to make in the education area in order to compensate for other add-on costs which were unavoidable, and that’s the context in which these decisions are taken.”

An bhfuil ciall ar bith le seo?  Níl.   

Bhuel tá.  Bhíos ag labhairt inniu le príomhoide meanscoile i nGaeltacht Mhuimhneach inniu agus is é a thug sé le fios dom go ndéanfaidh na ciorruithe atá beartaithe, an laghdú ar an coibhneas múinteoir/dalta agus an cealú ar ionadaithe le h-aghaidh múinteoirí tinn, slad ar a scoil.  “Níl a fhios agam an mbeidh an scoil ann in aon chorr an bhliain seo chughainn,” dúirt an phríomh oide liom.     

Slad atá i gceist ar aos óg na tíre sa chás seo.  Slad a bhí ar an dream aosta an tseachtain seo chaite.   Agus anois tá gearáin á dhéanamh ag seanadóirí Fhianna Fáil faoi na pinsinéirí bheith mí mhúinte. 

Ní fhaca siad tada go fóill. 

Na ceisteanna atá agam, cén fath nár ardaíodh an ráta ard cánach ó 41% go dtí 45% mar shampla?  Cén fath nár gearradh taille níos airde ar na bainc as ucht an bannaí Stat seo, lenár dtodhchaí, atá á fháíl acu as a mí fhreagracht. 

Tá ualach mí chothrom le h-iompar ag an ghnath phobal as faillí na mbanc agus mí eifeacht an Rialtais.  Agus mar a dúirt Eamon Gilmore, Ceannaire an Lucht Oibre, agus ní réabhlóidí eisean, thagair sé do na focail a scrígh an Phiarsach: 

Beware/Beware of the thing that is coming/ Beware of the risen people/Who shall take what ye would not give.

Ní h-ionann an phobal inniu agus an toghlach a thug vota mór muiníne do Bhertie Ahern agus Fianna Fáil i mí Bealtaine 2007.   Mhothaigh mise, ag an am, go raibh an pobal míshasta le Fianna Fáil, gur cheart go mbeadh an Rialtas míshásta.  Agus thuar mé go ndéanfaí sceannairt orthu sna botháin votála.  Chaillfeadh siad 30 suiochán, thuaras, in alt do Lá Nua.   Ní mar sin a tharla.  D’eirigh le FF cur lena suiocháin.  Níor chaill siad ceann ar bith ach deineadh ionadaíocht ar chorr TD anseo agus ansiúd.   Agus fuair siad seilbh arís ar an gcumhach nó, níos cirte a rá, nior chaill siad seilbh uirthí.  

Níl a fhios anois, áfach, nach ndéanfaí sceannairt níos measa ar Fhianna Fáil agus a leathbhadóirí sa Rialtas dá ngairmfí toghchán go luath, rud a fhéadfadh tarlú dá mbuaifí ar an Rialtas in aon vóta muiníne sna seachtainí romhainn, go h-áirithe an vóta ar an rún Lucht Oibreach in éadan na ciorruithe oideachais atá le titim amach an tseachtain seo chugainn.  Agus is cinnte nár mhaith liom bheith im iarrthóír Rialtais agus mé ag dul os comhair an phobail sna toghcháin Eorpacha is áitiúla an bhliain seo chugainn.

2 thuairim ar “Eigeandáil Oideachais

  1. aonghus

    Ná mise. Táimse níos giorra anois do votáil don Lucht Oibre ná mar a bhí ariamh i mo shaol. (Votáil mé Glas an babhta deiridh). Dar ndóigh, i mo thoghcheantair atá Joe Behan!

    Ní bhuaigh an Rialtas an toghchán deiridh – chaill an freasúra é.

    Má théann na ciorraithe seo ar aghaidh, dúnfar scoileanna go sealadach ar a laghad. Cuirfidh sé sin breis strus agus brú ar thuismitheoirí. Ní bheidh aon normalú ann, agus corr seans go mbeidh an scéal réitithe faoin dtoghchán eile, fiú má mhaireann an Rialtas an ghnáth théarma.

    Tá an plota caillte ag an Rialtas. Tá hubris dochreidthe ag baint le FF – sotal an bheith i gcumhacht ró fhada.

    Cinnte: caithfear airgead a aimsiú – ach níl airteagal creidimh ba cheart a bheith i gcáin ioncaim íseal.

    Freagra
  2. Seán Mór

    “Na ceisteanna atá agam, cén fath nár ardaíodh an ráta ard cánach ó 41% go dtí 45% mar shampla?”

    Creidimse nár ardaigh siad an ráta ard cánach an oiread sin go fóill mar nach bhfuil na ciorruithe seo ach ina dtús. Má leanann cúrsaí eacnamaíochta ag dul in olcas, ní fada go mbainfear an 45% sin amach. Dá mba rud é go n-ardófaí an ráta ard cánach an oiread sin ag an phointe seo, is beag solúbthachta a bheadh fágtha sna ciorruithe amach anseo seachas díriú níos mó is níos mó ar na hearnálacha eile.

    An gcreideann éinne go bhfuil deireadh leis an ghearradh siar go fóill?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s