Anois tá sé oifigiúil….

 

Lá Nua - deireadh ré á fhogairt, tús ré úr ag breacadh?

Lá Nua - deireadh ré á fhogairt, tús ré úr ag breacadh

Go ndruidfear Lá i mbliana, díreach roimh na Nollag is cosúil.   De reir bhlag Mhairtín Uí Mhuilleoir, ní raibh an dara rogha ag Grúpa Mheáin Bhéal Feirste nó bhí cailliúintí de thart ar £270,000 carnaithe acu agus cé gur thairg Foras na Gaeilge trí mhí de shíneadh ar an sean chonradh, go dtí deireadh Márta 2009,  ní fhéadfaí sin a dhéanamh agus tuilleadh caillteanais a charnadh.  Níl comhlacht sa tír a dhéanfadh sin ar son na h-aislinge arbh é an nuachtán laethúil Ghaeilge.  Agus ní mór meabhrú ar sin nuair atá na scuainí bomain ag caitheamh  maslaí agus eile le Máírtín agus a chomhleacaithe ar a thit an cúram an cinneadh cruaigh seo a dhéanamh inné. 

Ní togra a bhí i gceist le Lá an oiread is gur aisling a bhí ann.   Ach amháin duramáin Fhoras na Gaeilge agus na cáirde nárbh cáirde iad ar bhórd na h-eagraíochta sin, bheadh le Lá Nua.    Tá go leor ráite futha sin anois – agus tá súil agam go dtuigfidh siad in am chaoi an ról náireach a d’imir siad i gcur chun báis na h-aislinge áirithe seo.  Tá’s againn cé h-iad – agus má tá ciall acu beidh a fhios acu freisin cé h-iad.  Creachadóirí na h-aislinge.

D’eirigh le Lá sa chaoi is gur thug sé an dea shampla do Ghaeil ar fud na tíre go bhféadfaí tabhairt faoi rud gan agat ach do dhuthracht is an aisling.  Ba mhiorúilt laethúil é an oiread is go raibh sé ina nuachtán laethúil.  Nuair a d’eisíodh é ina nuachtán seachtainiúil, bhí sé ina mhiorúilt ansin freisin.   

Is cuma liom cad a deir éinne, ba i Lá a scriobhadh na h-ailt ba theigeartha i nGaeilge thar aon nuachtán eile go bhfaca mise.    An raibh margadh ann do?  Cá bhfios – mar níor tugadh an seans do riamh a bhí tuillte aige.  Nior tugadh an tacaíocht ceart nó cóír do. 

Mothaim fearg agus brón anocht.  Fearg faoi na creachadóirí cultúr is teanga ar a dtugtar Foras na Gaeilge – bás na Gaeilge is cirte a bhaiste orthu – agus brón mar gheall ar mo chomrádaithe atá iad féin i mbrón anocht de bharr an buille tubaisteach, marfach geall leis,  seo don aisling a bhí againn go léir agus atá go fóíll ag cuid againn.

Tá an tuairisc seo ar phríomh leathnach an nuachtáin inniu agus tá eagarfhocal lán d’fhealsúnacht ann ó pheann an eagarthóra, Dónall Mac Giolla Chóill.  

Ach chaith Lá agus Lá Nua laethanta fada ar an pháirc imeartha, agus rinneadh éacht ó bhí 1981 ann agus Preas an Phobail agus ó 1984, uair a tháinig Lá ar an fhód, gan iomrá ar 1999 nuair a ghlac Grúpa Meán Bhéal Feirste seilbh ar an nuachtán.
Ní raibh muid i gcónaí foirfe, ach is deacair ag Dia féin an fhoirfeacht a chleachtadh an t-am ar fad.
Más rud é gur thit muid idir an dá stól in amanna, is mar gheall ar ár mianta a bheith níos leithne ná ár n-acmhainn.
Tiocfaidh glúin eile, tá muid dóchasach, leis an lóchrann a iompar, bíodh sé luath nó mall.
I saol na héiginnteachta, tá cinnteacht úr againn, nach mbeidh nuachtán clóite laethúil Gaeilge ann gan mhoill.

Thall ar An Druma Mór, tá Eoghan O Néill ag nochtadh a chuid tuairimí ar an ábhar.  Is fiú cuairt a thabhairt ar shuíomh iar eagarthóir eile de chuid Lá…..  Gradam onórach é anois go raibh tú ag obair le Lá Nua/Lá/Preas an Phobail. 

Anois céard a tharlóidh?  An bhfuil glúin óg ann chun an lochrann a iompar? Seo mar a labhair mé ar an gceist sin agus mé  Faoi agallamh ar Adhmhaidin

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s