An phingin tite le Sinn Féin

Is cosúil ón mhéid atá ráite ag Gerry Adams tar éis do casadh ar Gregory Campbell aréir[Dé Luain] go bhfuil tuiscint faighte ag Sinn Féin ar thabhacht na Gaeilge sa phroiseas pholatúil ó thuaidh.   Mar atá ráite agam féin riamh, is slat tomhas í aitheantas don Ghaeilge agus do chearta teanga phobal na Gaeilge ar an dul chun cinn atá déanta, nó nach bhfuil déanta, sa phroiseas. 

Go dtí seo agus is dócha go ceann tamaill eile, ba léir don dall ná raibh sé i gceist – agus níl sé go fóill i gceist – ag an DUP cuma an é Poots, Paisley, Robinson nó Cam Bhéal é féin aitheantas a thabhairt don ionannas Éireannach gaelach sna sé chontae.  

Ní raibh aon duine sásta brú a chur orthu ar an gceist go dti seo seachas pobal na Gaeilge féin – agus ní bhfuair siad de bhuiochas as ach mí-thuairisciú an BBC, an ‘craoltóir sheirbhís phoiblí’ agus an ‘guth neamhspleach’ mar a thugann siad orthu féin. 

Cinnte cuireadh forálacha a bhí d’aon teibí d’aon ghnó i gComhaontú Aoine an Chéasta chun an Ghaeilge a chosaint agus ‘cead a thabhairt’ í a chur chun cinn sa saol phoiblí.  Beachtaíodh é sin arís i gComhaontú Chill Rimhinn agus an uair seo bhí geallúint ann ó Rialtas na Breataine go reachtófaí Acht na Gaeilge.  {Murab ionann agus geallúintí i gComhaontú Aoine an Chéasta go mbainfeadh na pairtithe úsáid as a gcumhacht ‘tionchar a imirt’ chun cur ó mhaith na n-armlón a bhaint amach, bhí an geallúint seo beacht, creideadh].

Gan an dumhach a bheith tirim ar an leathnach, bhí an DUP ag maíomh agus iad ag moladh dá lucht tacaíochta glacadh le Comhaontú Chill Rimhinn gur cheadaigh an comhaontú céanna doibh diultú scun scan d’Acht Ghaeilge.    Agus ghlac Rialtas na Breataine leis an léamh sin ar an scéal tre moill a chur ar an bproiseas comhairliúcháin faoin phlé phaipéar le cinntiú go mbeadh an cumhacht – nó an fhreagracht – ag an gComhthionól, mar a bheadh móramh aondachtach, diultú don geallúint.  Le léim amháin, bheadh Rialtas na Breataine saor ón choimitmint sholúnta a rinne siad. 

Go dtí seo bhí súil Shinn Féin ar liathróid amháin – agus niorbh í sin an Ghaeilge.  Bhí aird an phairtí ar fad dírithe ar dhéabhlú na gcumhachtaí poilíneachta agus slándála.  Nior eirigh leo sin a bhaint amach go fóill, ar an údar céanna nár tháinig Acht Ghaeilge i réim, diultú an DUP.   Is cosúil go bhfuil an pairtí sin ag seasamh go docht lena gcuid ‘prionsabail’ agus go príomha i measc na bprionsabal sin tá ‘biogóidíocht frith Ghaeilge agus frith Éireannachas in ‘Uladh’.

Anois tá Sinn Féin ag diultú cruinnithe Feidhmeannais a reachtáil agus an tionscnamh uilig greamaithe i gcarraigeacha na ceanndánachta agus na sáinne. 

Creidim go bhfuil an mír is déanaí den  imirt dírithe ar chluiche an mhilleáin seachas ar iarracht fuascailte.  Ba mhaith le Sinn Féin bheith i ndán a méar a dhíriú ar an diultú leanúnach ag an DUP aitheantas a thabhairt don Ghaeilge, maraon leis an diultú do chumhachtaí poilíneachta is slándála.   Bionn cluichí pholatúla Shinn Féin i gcónaí ‘glic’, uaireannta bionn siad ró ghlic agus fagann siad an phobal ar chúl agus iad ag iarraidh spriocanna cúnga phairtí a bhaint amach. 

Is cinnte gur féidir leo úsáid a bhaint as diultú an DUP don Ghaeilge mar uirlís bholscaireachta níos eifeachtaí ná, mar shampla, an cheist seo faoi phoilíneacht.  Tá, mar a deir Pobal, ceangal díreach idir cheist na Gaeilge agus ceist chearta daonna.  Níl an cheangal chomh soiléir céanna idir ceist na poilíneachta agus an útamáil faoi amáil aistriú cumhachta.  Tá an DUP ábalta a rá nach bhfuil muinín an phobail tuilte ag SF go fóíll, dar leo, agus tabharfar éisteacht don argóint sin sna meáin.  Tá seasamh an phairtí ar cheist na Gaeilge dochosanta, dar liom. 

An deacracht ag SF, an cinneadh a rinne ionadaithe an phairtí, maraon le h-ionadaithe eile bhórd an Fhorais scian a chur i Lá Nua.  Leis an gcinneadh sin chaill an phairtí an chreidiúint a bhi tuillte acu thar na mblianta maidir leis an Ghaeilge chomh fada agus a bhaineann sé liom.   Ní féidir leis an phairtí a bhí ag maíomh as an scian a chur i Lá Nua ceal margaidh iompú thart agus a bheith ar thús chadhnaíochta ag cosaint na Gaeilge.  Bhuel, ní feidir leo é a dhéanamh agus todhchaí Lá Nua fós i gcontúirt de bharr a dtréas. 

San iomrascáil seo ar fad, ba cheart do phobal na Gaeilge bheith ag diriú ar a gcás féin go h-iomlán.  Tapaigh an deis chun brú a chur ar SF maidir le ceisteanna ar nós Lá Nua, Gaelscolaíocht, an Chiste Craoltóíreachta nach bhfuil ach dhá bhliain fagtha aici agus atá fós in áit na leath phingine i gcomórtas le cistí cosúil leis in Alba agus sa Bhreatain Bheag.  Tá sé léirithe ag SF go bhfuil siad ábalta aire mhaith a thabhairt doibh féin.  Sin an chiall atá le h-ainm agus eiteos an phairtí, Sinn Féin, leis an béim ar Féin!

7 dtuairim ar “An phingin tite le Sinn Féin

  1. séamus Mac Seáin

    tá ceart agat a bheith feargach faoi “LA” agus mise leis, ach sílim go bhfuil tú ag dul thar fóir nuair adeir tú nach bhfuil SF ach i ndhiaidh fáil amach faoin Ghaeilge.Ní ball de SF mise ach ceart a choiche gan iad ní dócha luafaí an Ghaeilge ag cainteanna Cill Rimhín ar chor ar bith.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-é go bhfuil siad ag fáil amach faoin nGaeilge – dealraíonn sé go bhfuil siad ag teacht ar thuiscint faoi thabhacht na teanga sa phroiseas pholatúil, dar liom. Agus is mór idir na geallúintí scríofa i gComhaontú Chill Rimhinn agus cur i bhfeidhm na ngeallúintí sin.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    ach arís A Choncubhair níl an locht ar SF nach bhfuil geallúintí Cill Rímhín curtha i bhfeidhm.Is ar na hAontachtaithe atá an locht sin.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tá locht ar na hAondachtaithe cinnte – ach tá an locht freisin ar Shinn Féin. Níor dhaingnigh siad na geallúintí agus nior cheangail siad le na pairtithe cuí iad. Ní raibh plean acu tar éis an fógra mór conas iad a chur i bhfeidhm agus, maidir le hAcht na Gaeilge, chaill siad an deis nuair nár loirg siad Roinn Chultúr, Ealaíon agus Foillíochta nuair a ritheadh d’Hondt. Chreid siad ná raibh an roinn siad tabhachtach a dhothain doibh agus ina áít loirg siad an Roinn Talamhaíochta áit atá Michelle Gildernew ag feidhmiú lei gan morán eifeacht agus as radharc. Ceist tosaíochtaí é – thuig SF gur fearr leo iarthar na Banna a chinntiú le hAire Talamhaíochta a cheapadh a fhéachadh i ndiaidh a votairí fán dtuath. Rinne siad dearmad gur feachtas chultúrtha atá ar bun acu an oiread is gach rud eile agus d’fhag siad an chultúr ag an DUP. Má thugann tú an liathróíd pholatúil ar shiúl mar sin, ná bíodh íontas ort má imríonn an fhoireann eile cluichí leis.
    Nior mhaith liom go gceapfá go gcreidim go bhfuil Sinn Féin le lochtú as gach tubaist cé go bhfuilim ag déanamh taighde ar teoiric go bhfuil an oiread te atá ag teacht uatha le blianta beaga anuas faoi chearta daonna is eile tar éis cur leis an dtéamh domhanda!
    Go lom, tá muinín caillte agam iontu mar pháirtí de bharr go leor rudaí ach, go mór mór, a bpáirt i bhfeallmharú Lá Nua/Lá, togra a chuir mé mo chorp agus m’anam ann nuair a bhí leis an nuachtán. Tá mé cruaigh orthu – ach féach, is féidir libhse bheith cruaigh orthu freisin anois agus má tá siad míshásta le sin agus bhúr n-íonsaí, mar a bhionn, is féidir libh a rá leo: Haigh fán, ar a laghad nílimid chomh dubh in bhúr gcoinnibh is atá an fear úd ar iGaeilge.
    Tá an mheas agam ar bhaill aonaracha i Sinn Féin – daoine iad atá go leor déanta acu ar son na teanga – ach maidir leis an phairtí ina iomláíne, níl siad duthrachtach a dhothain nó eifeachtach. Tá siad ar aon chéim le Fianna Fáil agus na pairtithe eile. Níl faic speisialta acu le tairiscint – agus chreid mé go raibh trath den tsaol – ach geallúintí a bhrisfidh siad luath nó mall.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    mura b’ionann tusa agus mise a choncubhair níor shíl mise ariamh go raibh rud ar bith speisialta le hofráil ag SF, mar pháirtí, don Ghaeilge thar mar atá ag páirtí ar bith eile náisiúnaíoch nó Poblachtach sa tír.mar sin is lú an mealladh a baineadh asam nuair nach ndearna siad rudaí mar a ba mhaith liom ach san am céanna sílim gura bhfearr liom é gur ghlac siad an Roinn oideachais ó thuaidh, mar a rinne, de rogha ar an Roinn Fóilíochta.Bá mhór an buntáiste ag an Ghaelscolaíocht ó thuaidh é go raibh páirtí Naisiúnach i mbun na Roinne.ar an láimh eile ba thrua nar ghlac an SDLP an Roinn Fóilíochta agus Doimnic Ó Brolacháin a chur iná bun.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Más buan mo chuimhne, bhí an rogha ag SF idir talamhaíocht agus cultúr. Roghaigh siad talamhaíocht.
    Ar ndóigh táím sasta gur aire náisiúnach le dea thoil phearsanta don Ghaeilge atá i mbun oideachas. Ach nuair ná bhfuair SF airgeadas nó aon mhór roinn eile, b’shin a bhí fagtha acu. Tháinig rogha an chultúr níos déanaí agus bhí deis ag SF é a ghlacadh.
    Ar aon nós ní fiú bheith ag plé na staire. Táimíd san áit ina bhfuilimíd. Tuigeann tú mo sheasamh is tuigim do sheasamh.
    Tabhair faoi ndeara gur féidir nithe fónta a dhéanamh ar son na teanga gan cabhair SF nó Foras na Gaeilge.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    tá muid ar aon intinn, cinnte, mar gheall ar na na rudaí is féidir linn a dhéanamh beag beann ar aon pháirtí agus go deimhin creidim go gcaithfidh muid mar Gaeil a beith neamhspleach ar chuile pháirtí ach reidh i gcónaí le tionchur a imirt orthu mar grúpa aontaithe má’s féidir.” an Ghaeilge ós cionn na polaitíochta pairtí” an manadh a ba cheart a bheith againn dar liom.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s