Éacht an “Echo”

Am lón inniu {Dé Máirt] beidh an Evening Echo le fáil ar shráideanna chathair Chorcaí.  Paipéar laethúil nuachta é an Evening Echo a dhailtear ar fuaid na cathrach.  Díoltar thart ar 32,000 cóip agus meastar go mbionn thart ar 150,000 léitheoir ag an nuachtán. 

In eagrán an lae inniu, beidh forlíonadh lán dáite ocht leathnach dhá theangach ann ag ceiliúradh theacht an Oireachtais, príomh fhéile na Gaeilge, go Corcaigh.  Tá a fhios agam seo mar go raibh mé féin im eagarthóir ar an bhforlíonadh. 

Ach ná bac liomsa.   Táim ag lua an scéil seo de bharr go dteastaíonn uaim áird a dhíriú ar an méid seo – ní bhfuair an Evening Echo pingin rua as seo ó fhoinse stáit ar bith.  Is fiú b’fheidir €20,000 an deontas seo ón nuachtán don Oireachtas nó chosnódh sé an méid sin ar a laghad dá mbeadh ocht leathnach le ceannach ag an Oireachtas ón Echo. 

Ní h-amháin sin ach beidh mé ag cur tuairiscí dhá theangacha ar fáil ón OIreachtas gach lá le linn na féile an tseachtain seo chughainn agus beidh siad á fhoilsiú ag an Evening Echo.    Is ar éigean go mbeidh aon nuachtán eile sa tír ag tabhairt an spás céanna don Oireachtas, príomh fhéile na Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil ard mholadh tuillte ag an Echo, a bhionn ag foilsiú leathnach i nGaeilge gach seachtain ag tuairisciú ar chúrsaí Múscraí.  Ní fhaigheann an nuachtán deontas dá laghad.   Cuireann siad an spás ar fáil mar tá siad ag iarraidh seirbhís a thabhairt dá leitheoirí agus, mar gheall ar sin, creideann siad go mbeidh leitheoirí dílis don nuachtán.  Is cinnte nár thit díolachán an nuachtán de bharr an Ghaeilge bheith ann. 

Sin dúshlán díbh anois, a cháirde.  An bhfuil nuachtán áitiúil sa cheantar ina bhfuil tusa id chónaí ann?  An bhfuil aon Ghaeilge ann?  Mura bhfuil, cén fath nach n-iarann tú é.  Má luann tú leo go bhfuil an Evening Echo á dhéanamh seo, agus sasta é a dhéanamh ar bhonn gnó, ar an dtuiscint go bhfuil leitheoirí á mhealladh acu, ní féidir leo an argóínt sin a shéanadh.   

Nílim á moladh seo in áit nuachtán laethúil nó seirbhís nuachta idirlíne – ach is cinnte go mbeadh sé ina chabhair mór i ngach aon áit ina bhfuil pobal Ghaeilge ar fud na tíre go mbeadh an nuachtán áitiúil ag cur seirbhíse dá leitheid ar fáíl.   Tá nuachtáin sa Ghaillimh, an Galway Advertiser, a chuireann a leitheid sin de sheirbhís ar fáil freisin agus is dócha go bhfuil nuachtáin eile ann.    

Ní miste a lua nach aon comhtharlúint go bhfuil an seirbhís seo á chur ar fáil i gCorcaigh, bunait Ghael Taca. Bhí baint ag Pádraig O Cuanacháin leis an mbeart seo agus is cinnte go bhfuil baint nach beag ag muintir Mhúscraí, leitheidí Pheadair Uí Riada,  leis an dtionscnamh seo freisin.

4 thuairim ar “Éacht an “Echo”

  1. crosbhealaí

    Is iontach an scéal sin- comhghairdeas.
    An mbeidh buachailli an “Echo” ar “Pana” (Sraid Phádraig doibh siúd nach dtuigeann Corcaíochais) ag glaoch amach “Echo! Evening Echo!Echo na Nóna!” as seo amach????

    Freagra
  2. Seán Mór

    “Sin dúshlán díbh anois, a cháirde. An bhfuil nuachtán áitiúil sa cheantar ina bhfuil tusa id chónaí ann? An bhfuil aon Ghaeilge ann? Mura bhfuil, cén fath nach n-iarann tú é. Má luann tú leo go bhfuil an Evening Echo á dhéanamh seo, agus sasta é a dhéanamh ar bhonn gnó, ar an dtuiscint go bhfuil leitheoirí á mhealladh acu, ní féidir leo an argóínt sin a shéanadh.”

    A Chonchúir, cuirim féin ‘Dialann Ghaelach’ pearsanta isteach chuig an nuachtán áitiúil i mo cheantar féin gach seachtain (thart fá 1,000 focal). Ní dhéantar seo ar bhonn gnó, ach má bhíonn aon fhógraíocht le déanamh ag Pobal na Gaeilge, faighimse sin saor in aisce. Ní oibreodh alt iomlán Gaeilge, mar ní bhfuair aon duine sa cheantar seo an Ghaeilge mar ábhar scoile sa bhunscoil, agus ní bhfuair ach duine as gach ceathrar/cúigear/seisear an Ghaeilge mar ábhar ag an mheánscoil. Sin na Sé Chontae agat. Mar sin de, is alt iontach éadrom é; giota spraoi, rud beag eolais agus tuairimíochta anseo is ansiúd, agus é breactha le habairtí i nGaeilge. Chuir sé ionadh orm an oiread daoine a léann é gan aon fhocal Gaeilge acu. Sílim go léann siad é cionn is go bhfuil sé chomh pearsanta sin, agus thiocfadh rud ar bith a bheith ann! Tá foghlaimeoirí fásta a léann é chomh maith, ar mhaithe le habairtí a fheiceáil in úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla. Éirím gach maidin Dé Céadaoin ar 6.30am agus an chéad 1,000 focal a thagann ó mo mhéara idir sin agus 8.30, seoltar iad chuig an pháipéar, i ndiaidh do mo bhean chéile cinsiracht a dhéanamh ar an ‘saothar’. 🙂

    Freagra
  3. Seán Mór

    Ní fheicim bealach ar bith le eagarthóireacht a dhéanamh ar earráidí cló anseo? ‘cinsireacht’ a ba chóir dom a scríobh… sin agat contúirt na blagadóireachta, easpa eagarthóireachta!

    Freagra

Freagra