Trathnóna déanach is mé ag blagadóireacht…

Agus mé ag spaisteoireacht thar an líon, tháinig mé ar an iris leictreonach seo The Daily Beast agus is fiú go mór dul ar chuairt ann – b’fheidir gurb é an múnla do thodhchaí na h-iriseoireachta chlóite Gaeilge.  

Ach thug sin mé chomh fada leis an alt seo ar nádúr an bhlag agus an fath go dtaithníonn sé liom….seo sliocht ón aiste le Andrew Sullivan:

No columnist or reporter or novelist will have his minute shifts or constant small contradictions exposed as mercilessly as a blogger’s are. A columnist can ignore or duck a subject less noticeably than a blogger committing thoughts to pixels several times a day. A reporter can wait—must wait—until every source has confirmed. A novelist can spend months or years before committing words to the world. For bloggers, the deadline is always now. Blogging is therefore to writing what extreme sports are to athletics: more free-form, more accident-prone, less formal, more alive. It is, in many ways, writing out loud.

Fillfidh mé ar an abhar sna laethannta romhainn ach fagfaidh mé mar sin don oíche anocht é….

3 thuairim ar “Trathnóna déanach is mé ag blagadóireacht…

  1. crosbhealaí

    Ach a bhuíochas do neasacht (immediacy) an bhlag, ní bhíonn deis ceart mhachnaimh ann- sular cuirtear méar le méarchlár. Baineann an fhadhb céanna le ríomhphoist ar ndóigh. Agus: nach bhfaigheann tú tinneas cinn riamh o bheith ag stánadh ar scáilean ríomhaire, a Choncubhair?
    Ná bí ag ceapadh gur namhad don theicneolaiocht atá ionam- is breá liom í- ach ní mór a dúshlan a thógaint- tá a áit féin ag an blag,is cinnte. Táim direach ag rá nach bhfuil sé foirfe mar mheán ar chor ar bith. Níl ré na nuachtán priontáilte rite fós!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    An é go gcreideann tú gur meán foirfe é an nuachtán priontáilte? Ní doigh liom é! Tá buanna aige ach is é an blag an meán is foirfe go dtí seo, gach seans go mbeidh meán níos foirfí amach anseo ach tugann an bhlag cúpla rud isteach sa chothromóíd nach mbeidh riamh ag nuachtán – fuaim, fís, focal agus ceart agus deis freagra ar aon láthair amháin. Deacair buachaint ar sin. Glacaim leis go mbeidh an blag agus an nuachtán beo i dteannta cheile go fóíll ach mura bhfuil an rás rite ag an nuachtán clóite, tá sé ag druidim leis an dtimpeall deiridh ina rith fada….

    Freagra
  3. crosbhealaí

    …sea, fuaim, fís, focal….bells and whistles- ach tá tú fós ag braith ar bheith ag suí ag deasc, nó más ríomhaire glúine ata agat, bheith cromtha ós a chionn agus ceangal idirline a bheith agat ar a laghad- agus luas leathbhanda ceart chun buanna na fuaimeanna agus na fiseanna úd a bhlaiseadh- ní bheithfeá ag caitheamh nios mó ama leis na mar a mbeifeá ag caitheamh leis an dteilifís no an raidió (i bhfad níos lú ama i ndáiríre)….ní ach rud amháin eile sa bhreis é…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s