Slán leis an gcolúnaí…

Táim tar éis colún Philip Cummings i Lá Nua na seachtaine seo a léamh faoi dheireadh.  Bhíos tar éis é a fhagáil ar an gCéadaoin tar éis dom an chéad alt a léamh agus é geallta dom féin go dtiocfainn ar ais chuige am éigean ach idir seo, siúd agus uile, níor tharla sin. 

Ar aon nós, tá sé léite agam agus thaitin sé liom go mór.  B’é buaic phointe na seachtaine agam é i Lá Nua nach mór i gcónaí, fiú agus mé im eagarthóir mar ba cholún é bhí dírithe ar an aimsir láithreach don chuid is mó agus ós rud é go bhfuilim féin agus Philip beagnach ar chomhnaos, aithním an domhan a chuireann sé os ár gcomhair go cliste agus go h-ealaíonta. 

Anois, is cosúil go bhfuil deireadh ráite ag Philip i Lá Nua ach go h-áirithe.  

Ach beidh bailiúchán dá chuid colúin sa nuachtán – Dar Liom – á fhoilsiú ag Coiscéim idir seo agus Nollaig.  Sin feirín deas Nollaig nar mhiste liom a fháil i dteannta peire stocaí te agus Wii.

Nior mhaith liom cás Lá Nua a phlé arís anseo.  Ach léiríonn imeacht Philip ón post a bhí aige sa nuachtán an deacracht a bhaineann le cinneadh an Fhorais deireadh a chur le h-aidbhintiur an nuachtáin laethúil – scaipeann an talainn agus ar eigean gur féidir é, nó a chomhmhaith, a thabhairt ar ais in athuair san aon áit amháin chun tabhairt faoin saothar céanna arís.   Tá sé cosúil leis an eachtra úd a tharla do Humptaí Dumptaí bocht -sádh anuas de bhfalla é agus anois tá sé ina smidiríní ar an dtalamh agus cén seans atá ag saighdiúirí nó capaill an Rí, nó an Fhorais, é a chur le cheile arís.

Táim cinnte go mbeidh a thuilleadh le léamh ó pheann Philip agus táim ag súil leis an leabhar a gheall sé dá cholúin go mór. Idir an dhá linn, ba mhaith liom é a rá os árd go bhfuil ard mheas agam ar an méid a rinne sé ar son an nuachtáin lena línn agus gur pribhléid a bhí ann obair ina theannta.

Beidh sé ag léamh roinnt dánta nua leis ar chlár Mhichíl Ui hUanacháin, iar eagarthóir [eile] Comhar, ar an gclár Léite Pléite, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, oíche anocht [Dé Satharn] ag 8in. Tugaigí cluas don gclár mas féidir libh nó deinigí iarracht eisteacht leis an podchraoladh….

3 thuairim ar “Slán leis an gcolúnaí…

  1. Seán Ó Daimhín

    Is mór an trua é go bhfuil Philip ag imeacht. Creidim féin gur droch-chinneadh a rinne Foras na GAeilge sa chás áirithe seo, deireadh a chur le maoiniú fá choinne nuachtáin laethúil. Cibé locht atá ar Lá Nua, bíonn sé ann cúig lá sa tseachtain, bíonn an teanga ós ár gcomhair cúig lá sa tseachtain. Is forbairt a ba cheart a dhéanamh ar an scéal, seachas gearradh siar. Ní leor páipéar seachtainiúil, b’fhéidir páipéar a thiocfadh amach faoi dhó sa tseachtain fiú. Seanscéal agus meirg air a bhíonn i nuachtán seachtainiúil.

    Freagra
  2. Ping: Cá bhfuil An Chailín Sa Chathair? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s