Mí-úsáid aerthonnta RTÉ

Léitheoir amháin ag leabhar nua Gerry Ryan faoina shaol féin ar aon nós

Léitheoir amháin ag leabhar nua Gerry Ryan faoina shaol féin ar aon nós

 

I mBaile Átha Cliath dom inné ag fiosrú na gcúinsí riachtanacha le h-aghaidh cumann scannáin a bhunú i Múscraí, d’fhill mé abhaile agus bhíos i mo shuí cois tine agus teilifíse in am don nuacht ar RTÉ ag a 9in. 

Níos déanaí an oíche sin, bhí an clár ‘Ryan Confidential’ ar siúl, clár ina chuireann Gerry Ryan daoine clúiteacha faoi agallamh.  Clár é seo nach bhféachaim air am ar bith ach thug mé faoi ndeara go raibh an laithreoir raidió ó 2FM faoi agallamh é féin an tseachtain seo agus gurb é an laithreoir raidió ó RTÉ Ráidió 1, Ryan Tubridy, an t-agallamhóir. 

Cén fath an casadh seo sa scéal?  Cén fath go mbeadh Gerry Ryan faoi agallamh ar a chlár agallaimh féin ag an am seo?  Freagra an shimplí ar seo – tá leabhar beathaisnéise díreach foilsithe ag Gerry Ryan agus ba deis é seo ar thapaigh Ryan bolscaireacht saor in aisce ar aerthonnta an phobail a dhéanamh faoi a shaol féin ag am go raibh a dhírbheathaisnéis díreach ar an margadh. 

Cé mhéid a chosnódh leath uair a chloig bolscaireachta den tsort seo ar leabhar ag údar nach raibh ag obair le RTÉ?  An mbeidh an deis céanna ar fáil do gach údar amach anseo?  An mbeadh a leithéid ar fáíl do lucht scríte leabhair Ghaeilge fiú?   

Beag an bhaol.   Tá aerthonnta poiblí na tíre seo gafa ag buíon bheag agus is ionann craoltóireacht ‘sheirbhís phoiblí’ agus an rud a deir siad gurb é, is cosúil. 

Agus mé ar an dtraen, léigh mé leirmheas ar an leabhar.   Más maith leat leabhar faoi fhear a thiteann i ngrá leis féin a léamh, seo é an leabhar duit!

 

5 thuairim ar “Mí-úsáid aerthonnta RTÉ

  1. Philip Cummings

    An ceart ar fad é a Chocubhar – is sórt riail neamhscríofa atá ann gan barraíocht poblíochta, nó airde fiú, a thabhairt ar do shaothar féin má tharlaíonn sé go bhfuil ardán poiblí agat ar chúis eile. Nach maith atá a fhos agam agus mé i m’eagarthóir ealaíon le Lá Nua go dtí le déanaí (ar thug éinne faoi deara gur éirigh mé as Dé Céadaoin beag seo?) – ceart go leor d’fhoilsigh mé gearrscéal amháin liom féin le linn an 5 bliana sin, ach bhí sin mar gheall ar easpa ábhair agus spriocam clodóireachta ag teannadh!

    Náire ar Ryan é féin, agus ar Turbidy agus ar RTÉ. It’s just not cricket…

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ag léamh na léirmheasa dom, thuig mé go mba cheart do Ryan (an bheirt acu) a mbéal a choimead dúnta faoin leabhar, an réamhíocaíócht €100,000 a ghlacadh ó Penguin agus imeacht ar an spraoi seachas fógra mór fada a dhéanamh faoi ar an dteilifís.
    Ar ndóigh, ní h-amhlaidh an scéal leatsa agus do shaothar. Bheadh údar agat bheith ag caint faoi agus ag díriú ár n-aird air ná beadh ag Gerry nó an triú duine.
    Ar eirigh tú as i ndáiríre. Thosnaigh mé ag léamh d’alt ach nuair a dúirt tú gur cheart dom fánacht noiméad agus tú ag cuardach sa chartlann ar son rud éigean, d’imigh mé agus fuair mé cupán tae dom féin. Tae ana bhlasta a bhí ann agus lig mé i ndearmad go raibh mé ag léamh d’alt…..

    Freagra
  3. caomhán

    Tagaim leat ar fad a igaeilge, tá an sean dream céanna istigh in rte lena blianta (i gcuireann sé aon cúis no eagríocht eile i gcuimhin dhuit)agus ní féidir glór difrúil nó neamhspléach a clóisteal ar an “séirbhís poiblí” seo atá againn. Is sampla maith iad ryan agus turbidy dén ciocal beag atá smacht acu ar an gcomhrá poiblí a bhíonn sa tír seo. Má tá suim ag aon duine fáil amach faoi cén fáth gur fágach scánall na mbancanna chomh fáda, dén fíosrú faoi cé méid craoltóir in rte a bhfuil íosacht acu ó fingelton agus an irish nationwide.

    Freagra
  4. Ping: Des ar an mbosca « iGaeilge

  5. Ping: Margaí rúnda RTÉ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s