In am bogadh chun tosaigh…

Tá an cheart ag Máirtín Ó Muilleoir nuair a deir sé go bhfuil an clampar seo ar fad faoi thuairisciú an BBC ar mhórshiúl Acht na Gaeilge Dé Satharn seo chaite ag tógáint ár n-áird ón bpríomh chuspóir, sé sin Acht Ghaeilge, le dealramh agus le brí, a reachtú ó thuaidh. 

Tagaim leis an méid atá le rá freisin ag Philip Cummings ina cholún an tseachtain seo: 

Maidir leis an tréith is coitianta ag Gaeilgeoirí, .i. an gearán, is leor sampla amháin. Den chéad uair, bhí tuairisc ag an BBC faoi mhórshiúl ar son na Gaeilge.
In ionad an rud cliste a dhéanamh agus tuile litreacha molta a sheoladh chuig an BBC as an tuairisciú lena chinntiú go ndéanfadh an stáisiún arís é, cad é a bhí beartaithe ag grúpa amháin i ndiaidh an mhórshiúil, Dé Sathairn?
Tá, gearán a dhéanamh leis an BBC cionn is go raibh an figiúr míchruinn foilsithe ag an stáisiún.
Go leor ráite?

Ar ndóigh deineann an BBC mí thuairisciú ar imeachtaí faoin nGaeilge, is é sin nuair a dheineann siad iad a thuairisciú ar chorr ar bith.   An uair seo, thar na h-uaireannta eile ar fad, rinne siad tuairisciú ar an ócáid. Bhí an tuairisc mí chruinn, bhí sé ró ghairid agus nior thug sé a cheart don ocáid.  Tá an ghearán déanta – ach bog ar aghaidh anois, tá an seó sin thart agus bí ag smaoineamh is ag beartú ar an gcéad ocáid eile chun aird an phobail a dhíriú ar an mór cheist. 

An rud ar cheart a dhéanamh má tá ocáid eile chun a bheith ann, go mbeadh sé nach mór beo ar You Tube, nó a chothrom, le go bhfeicfeadh an domhan mór é gan an BBC a theacht sa tslí chun a leagan leath bhacáilte a thabhairt.   Go deimhin ba cheart smaoineamh ar You Tube agus ocáid a reachtáil díreach ar an meán sin amháin agus féachaint conas mar a eiríonn leis.  Tá sé saor in aisce agus tá sé iomlán faoi do smacht….Agus cinnte go bhfuil go leor léiritheoirí teilifíse thart chun cuidiú libh jab ceart a dhéanamh de….

Feicim anois go bhfuil litir éisithe ag an BBC ag tabhairt a taobh den scéal.  Tá siad ag seasamh leis.  An aon íontas é sin?  Fagfaimís an scéal mar atá sé….

litirchuigpobalonbbc

 

 

2 thuairim ar “In am bogadh chun tosaigh…

  1. Damned if you do, damned if you don't

    Tuigim duit faoin BBC, ach nach mbíonn an codarsnacht i gcónaí ann agus muid ag plé le dreamanna níos cumhachtaí ná muid? Má dhéanann muid gearán, déanann siad muid a cháineadh as a bheith ‘neamhbhuíoch’. Mura ndéanann muid gearán, deir siad go bhfuil gach rud go breá, dualgas comhlínte, agus seans go n-úsáidfaidh siad an ‘clúdach’ as seo amach mar leithscéal gan teacht ar ais mar nach bhfuair muid ár dteanga bheag ar an teilifís cibé? Pointe eile, chomh maith, do bharúil, an mbeadh sé i bhfad ag an Tionól sula mbeadh tagairt ag aontachteoir éigin do líon suarach 400 ar lorg Acht na Gaeilge? Anois go bhfuil gearáin déanta, tá dúshlan curtha roimh an BBC, ar an laghad.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní dheinim easaontú leat ar chorr ar bith faoi na pointí sin cé go gcreidim gur féidir dul i bhfad scéil leis an ghearán. B’fhearr i bhfad DO scéal a fhoilsiú an oiread agus is féidir agus do uimhreacha le pictiúirí. Ansan is scéal tharat é scéal an BBC agus an míchruinneas nó glacfaidh daoine le d’uimhreacha.

    Mholfainn freisin a mheabhrú gurb é seo an triú morshiul agus an béim a leagan ar an iomlán – isteach is amach le 10,000+.

    Cinnte úsáidfear na figiúirí bréagacha in bhúr gcoinne ach ní gá duit ach a rá go raibh sé mar phríomhscéal ag an BBC agus fiú pictiúir a úsáíd faoi mar ar úsáíd mise den tuairisc. Ar aon nós, tuigeann tú go bhfuilim ar aon taobh leat ach nílim ach ag tabhairt comhairle, bog an ‘narrative’ ar aghaidh. Níl sé ar do leas bheith ag díriú an ghné sin den scéal. Bog ar aghaidh é go dtí gaelscoileanna, 30,000 páiste etc.

    Go n-eirí leat!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s