Leas na mbanc, ní leas an phobail

Is léir anois, agus fogra déanta ar shonraithe an bhannaí atá á thairiscint ag an Stát, lenár gcuid airgid, do na bainc, gurb é leas na mbanc atá á dhéanamh ag an Rialtas seachas leas an phobail. 

Is suarach an praghas atá le h-íoc ag na bainc as an mbannaí seo, bannaí a fhagfaidh an tír ar fad ag sclabhaíocht ar feadh glúine do na bainc má bhionn orthu dul i muinín an bhannaí.

Ní chaillfidh aon cheannasaí bainc a phost in ainneoin gurb iad a bhí i bhfeidhil ar an bpolasaí iasachtaí mífhreagrach a d’fhag sa chac iad – agus sinn.  Beidh uasteorann, éist le seo, de €500,000 ar a dtuarastal.   Agus beidh cead acu roghnú ó phainéal cén ionadaí ‘phobail’ ar mhaith leo ar bhórd na mbanc.  Agus costas an bannaí, san iomlán €1bn.  

Níl an Rialtas ag fáil luach ár gcuid airgid ná baol air ó na bainc.

Tabhair chun cuimhne go bhfuil an Rialtas sásta praghas níos airde a ghearradh ar dhaoine a théann ag lorg comhair leighis in ionaid timpiste agus eigeandála in oisbidéil gan comhairle dochtúra a lorg roimh ré.  Feasta beidh táille €100 á lorg ó na h-óthair mí-amharacha sin.  Ardú é seo ó €66, táille a bhí ard a dhothain mar a bhí.  Is cuimhin liom nuair a fhograíodh an táille£10 sna 80aí más buan mo chuimhne.  Breis is fiche bliain níos déanaí tá an táille sin arduithe faoi 10 nach mór.

An prionsabal ar chúl sin, go meabhródh daoine ar chuairt a thabhairt ar ionaid timpiste agus eigeandála agus ná beidís ag dul ann ar dtúis gan dul go dtí a ndochtúirí.  Tá an táille arduithe d’fhonn daoine a chur ó dhoras. 

Ní aontaím leis an prionsabal sin a úsáid i gcás go bhfuil duine tinn nó gortuithe agus ag lorg leighis.   Aontaím leis an bprionsabal sin a bheith ar chúl  an bealach a théann an Rialtas i ngleic leis na bainc.  Ba cheart go múinfí ceacht do na bainc – ná tarlódh seo arís. 

Ach is léir go bhfuil an Rialtas ar nós an tuismitheoir a mhilleann a phaiste leis na bainc.  Fiú nuair atá an páiste tar éis fuinneog na gcomharsan a bhriseadh, níl an tuismitheoir sásta aon phianós a ghearradh ar an bpáiste ach iachaill a chur ar gach páiste ioc as an bhfuinneog. 

Níl sin maith go leor sa chás seo.   Is mór an trua nár tugadh ach leith eisteacht do leitheidí David McWilliams a mhol gort ghlanadh ar ard fheidhmeannaigh na mbanc agus go gcuirfeadh an Rialtas iachaill ar na bainc sciar súntasach scaireanna a thabhairt, saor in aisce, don Stát ionas go mbeadh leas le baint ag an bpobal as nuair a thiocfadh feabhas ar chúrsaí.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s