Lindy ina ‘Lundy’

 

Lindy McDowell - cara sa chúirt?

Lindy McDowell - cara sa chúirt?

Is colúnaí í Lindy McDowell, a scríobhann don Belfast Telegraph, nach n-aontaím lei go minic.  Mar is dual don nuachtán sin, scríobhann sí le claonadh aondachtach.  Níl aon dlí ina choinnibh sin, gan amhras, agus tá mé ar a shon nó bhíodh scriobhnóir le claonadh aondachtach, Ian Malcolm, ag scríobh do Lá Nua le mo linn. 

Ina colún inniu sa nuachtán, tá sí ag díriú ar an phlean le h-aghaidh Acht na Gaeilge.  Colún réasúnta stuama atá ann – sé sin nuair a chuireann tú an t-alt i gcomparáid le h-ailt ó cholúnaithe níos binibí ná í i nuachtáin eile ó thuaidh, leitheidí Newton Emerson mar shampla. 

Tosnaíonn sí le masla tomhaiste agus í ag déanamh díspeagadh ar an líon daoine a ghlac páirt sa mhórshiúl a bhí ann ag an deireadh seachtaine ar son Acht Ghaeilge.  

Reports of a weekend march through Belfast demanding the introduction of an Irish language act put the number of demonstrators at anything from a couple of hundred to a couple of thousand.

Either way, not exactly a mass turn-out.

Má deirim go bhfuil cuid den cheart aici, ní deirim sin le díspeagadh a dhéanamh ar dhuine ar bith, go h-áirithe POBAL a d’eagraigh an ocáid..  Is é seo an triú mórshiúl dá leitheid agus tar éis an chéad mhórshiúl agus an dara ceann, agus bhí mé ag freastal orthu beirt, ba bheag tuairisciú a deineadh ar cheachtar acu sna meáin Bhéarla.  Cé gur thog an dhá mhórshiúl seo spioraid iad san a ghlac páirt, ba bheag an tionchar, de reir mar a thuigimse, ar an bproiseas polatúil.  Cinnte bhí na polaiteoirí ann agus dúirt siad cúpla focal – ach nuair a chuaigh siad ar ais ag obair, is cosúíl gur lig siad an cheist i ndearúd nó ní raibh toradh ar a saothar. 

Nuair nach mbionn toradh láithreach ar fheachtais dá leitheid seo, agus cuirimís san áireamh freisin go raibh dhá phroiseas comhairliúcháin ar eirigh go rí mhaith leo sa tréimhse céanna, a bhuí de POBAL arís, ídítear an fuinneamh agus ní bhionn an dúil céanna san fheachtas.   Ní doigh liom go bhféadfaí seo a sheachaint in ainneoin na dtréan iarrachtaí a dheineann POBAL nó a leitheid.    É sin raite, bhí fuinneamh agus spleodar le mothú sna tuairiscí a chonaic mise ar an mórshiúl seo.

Tá sé ráite ag comhfhreagraí thall ar An Druma Mór go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar cheist seo na mórshiultaí agus an bhfuil gá le bealach eile níos cliste chun agóid nó achainí a chur in iul ar son dream nach bhfuil chomh líonmhar le dreamanna eile trath go mbíonn daoine ró shoinceach ar cheisteanna a bhaineann le cearta agus a bhaineann le cearta Gaeilge go h-áirithe.  Tagaim le sin. 

Ag filleadh ar Lindy, tá sise ag moladh go mbeadh bealach eigean ann chun a chur ina luí ar an bpobal mhór amuigh ansin gur leo an Ghaeilge.  Molann sí ranganna Ghaeilge i ngach scoil, ranganna nach mbeadh an t-éigeantacht a bhaineann leo.  Sa chomhthéacs nach bhfuil Gaeilge á mhúineadh ar chorr ar bith i go leor scoileanna ó thuaidh, bheinn ar a shon sin. 

Ach na fadhbanna a luann Lindy le ceist na Gaeilge ó thuaidh, is fadhbanna a bhaineann lei i ngach aon áit. Ba mhaith le daoine í a fhoghlaim – ach níl an am acu, tá a bpáistí óg, ní feidir teacht ar chúram leanaí chun ligint doibh freastal ar ranganna. 

Fadhb eile a luann Lindy go gcreideann sí go bhfuil daoine ann a bhionn ag cur chun cinn na Gaeilge mar go bhfuil grá acu di, agus go bhfuil daoine eile a bhionn á chur chun cinn de bharr go gcreideann siad gur ionann sin agus cur chun cinn an Phoblachtánachais Éireannaí. 

Tuairim sean fhaiseanta amach is amach é sin -cé nach bhfuil an cuma sin ar an scéal ón dtaobh amuigh – ach is tuairim choitianta é i measc aondachtaithe.  Dar le Lindy, tá gá leis mealladh na Gaeilge a leathnú don phobal ar fad – seachas é a bheith dírithe ar ‘uachtar-ghrúpa’ chúng.  

Má cheapann sí gur ‘uachtar ghrúpa’ an dream a bhí ar an mórshiúl Dé Satharn, tá dul amú uirthí. Iad seo an chosmhuintir, an dream ar an talamh atá grá agus meas acu don teanga, atá gá acu lei mar chuid lárnach dá bpearsantacht agus dá saol iomlán. 

É sin ráite, aithním an cholún seo mar dheis.  Is deis é do ghrúpaí ar nós POBAL teacht i dtír ar bhá atá i measc an phobail aondachtaigh don Ghaeilge ach nach luaitear os árd go minic de bharr an imeaglú atá déanta ag polaiteoirí aondachtacha orthu faoin cheist. 

Lárnach san obair seo tá leitheidí Raidio Fáilte, TG4 (agus larnach i ndul chun cinn TG4 sa tuaisceart tá Ciste Craoltóíreachta na Gaeilge) agus seirbhísí ar nós Lá Nua, Cultúrlann McAdam O Fiaich agus eile, seirbhísí agus áiseanna iad seo ar fad atá ar fáíl don phobal ar fad, a thrasnaíonn na deighiltí seanabhunaithe. Iad san is mó atá tacaíocht dlite doibh mar iad san atá ar an gcéad líne catha agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail.

Dá luaithe a chuirtear in iúl do theachtairi an mhóraimh, leitheidí Lindy McDowell, gur féidir obair le cheile ar na ceisteanna a thógann sí ina colún, beidh linn.

Mar a deir sí féin ina h-alt, ní bheidh aondachtaithe ar nós Gregory Campbell buioch di as a chur in iúl gur cuid den chomhoidhreacht í an Ghaeilge, seachas mír chultúrtha a bhaineann le grúpa beag. Sin é an fath go ndeinim an tagairt sin do “Lundy“, an masla is binibí ar féidir le polaiteoir aondachtach a bhaisteadh ar chomhaondachtóir.  Ar eagla na mí thuisceana, creidimse gur tuairim measúil é seo uaithí.  Ghlac sé cnamhdroma an Ghaeilge a chosaint i gcolún aondachtach i nuachtán aondachtach san aeráid nimhneach atá ann don teanga i measc an phobail aondachtaigh. 

Irish (although Gregory Campbell may not thank me for saying this) is part of our shared culture in this place. Its links with Scottish Gaelic are obvious. It is not, it should not be, exclusive to any one side of the community. No one side of the community should be able to claim a monopoly on it.

Agus, i mbeagán focail, tá an argóint is láidre aici ar son Acht na Gaeilge agus tacaíocht níos tréine do bheartais teanga, ina measc iad sin ar luaigh mé thuas.

It’s time we all became a bit more adult about Irish. Promoting the language in a relevant way that respects equality would debunk the myth that republicanism has some special claim on the language.

And unionist and nationalist, we might all learn something from that.

 

4 thuairim ar “Lindy ina ‘Lundy’

  1. Seán Ó Daimhín

    A Chonchúir, níor léigh mé an t-alt sin a scríobh an t-iriseoir áirithe seo. Is dea-rud é, mar a aithníonn tú féin, an plé ciallmhar stuama ar an Ghaeilge a fheiceáil i nuachtán aontachtach, cé nach n-aontóinn le gach tuairim ann. Tchím go ndeir tú féin anseo, má thuigim mar is ceart thú, gur ‘tuairim seanfhaiseanta amach is amach í…. ‘go bhfuil daoine eile a bhionn á chur chun cinn de bharr go gcreideann siad gur ionann sin agus cur chun cinn an Phoblachtánachais Éireannaí.’

    Is dócha go bhfuil mé féin ‘seanfhaiseanta amach is amach’ mar sin. Tá nasc an-láidir i m’intinn féin idir cur chun cinn na Gaeilge mar theanga dhúchasach náisiúnta, agus cur chun cinn na hÉireann mar náisiún saor ón riail eachtrannach. Ní haon drochrud é sin, nach bhfuil sé de cheart ag poblachtóirí áirithe an teanga a nascadh le ceist na saoirse? Níl mise ag iarraidh an tuairim seo a bhrú síos scornach aon duine, agus ní shílim go gcaithfidh gach Gaeilgeoir a bheith mar atá mé féin. Ach sílimse go bhfuil cineál de ghluaiseacht idé-eolaíoch ar siúl le cúpla bliain anuas leis an Ghaeilge a scaradh go huile agus go hiomlán ó cheist na saoirse. An gcaithfidh gach Gael a bheith ‘neamhpholaitiúil’ ó thaobh na teanga de? Sin ceann de na rudaí a chuireann isteach orm faoi Pobal… ní fheicfidh tú an Ghaeilge luaite mar theanga náisiúnta na hÉireann in aon bhileog eolais acu… i ndáiríre, bíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Saorstát luaite acu go leath-leithscéalach I GCÓNAÍ I NDIAIDH DÓIBH an Bhreatain Bheag agus Albain a lua ar dtús… meon an Ríocht-Aontachais. Cén fáth ar tugadh aitheantas don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta? Mar gur measadh í a bheith tábhachtach d’fhéiniúlacht an phobail náisiúnaigh sna Sé Chontae, go bhfeiceann muidne an teanga mar chuid dár bhféiniúlacht náisiúnta. Ba chinneadh polaitiúil é, níor chinneadh é a bhain le caitheamh aimsire.

    Is le gach duine an teanga, agus caithfidh sí níos mó daoine a mhealladh, cinnte, ach má tá daoine seanfhaiseanta eile ann cosúil liom féin a chreideann go láidir sa Phoblacht a fógraíodh i 1916, agus a chreideann go bhfuil an teanga ina gné thábhachtach den Phoblacht sin… nach bhfuil áit sa teanga dúinne chomh maith?

    Freagra
  2. aonghus

    Ag caint mar duine ón Saorstát: Tá

    An rud atá seanfhaiseanta ná ionnanú a dhéanamh idir cion don Ghaeilge agus “pacáiste” áirithe pholaitiúl.

    Tá idir Cumannaigh agus lucht an eite fíor dheis, idir Aontachtaithe agus Poblachtáinaigh ina Gaeilgeoirí

    Agus is dócha, ó tharla nach mbíonn cofraí beaga i gcloigeann daoine, go bhfuil ról ag an nGaeilge i ngach dearcadh acu.

    Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge lárnach do náisúineachas folláin – poblacht 1916 nó go deimhin 1798.

    Tá áit don teanga do gach dearcadh – agus féidireachtaí innti gach dearcadh a chuir in iúl.

    Dála an scéal, a Sheáin, an bhfuil plécháipéis an Rialtais abhus maidir leis an Ghaeilge feicthe agat? (féach http://www.plean2028.ie)

    Mar Grenzgaenger, is cinnte go mbeidh suim agat ann!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    A Sheáin, ní tusa amháin atá an sprioc sin aige. Ach caithfear ceist a chur faoin straitéis is fearr chun na nithe ar mhaith linn a bhaint amach. Agus níl sé soiléir nach raibh an dhá sprioc, Éire Saor agus Éire Gaelach, ag teacht salach ar a cheile agus sinn ag iarraidh Éire Shaor Ghaelach a bhaint amach. B’fheidir go bhfuil gá le athmhachnamh ar an gcur chuige ar mhaithe le cinntiú go dtiocfaidh an lá….
    Ní h-ionann seo agus díspeagadh a dhéanamh ar dhuine ar bith.

    Freagra
  4. Seán Ó Daimhín

    Tuigim an pointe atá á dhéanamh agat anseo, a Chonchúir. Ach sílim gurb é an toradh a bheas air ná (a) mí-ionracas polaitíochta, agus (b) mearbhall ar an phobal faoi áit na Gaeilge sa náisiún. Ba cheart cinnte, go mbeadh áit ann do na daoine sin a mhaíonn nach bhfuil aon bhaint ag an Ghaeilge le cúrsaí polaitíochta, nó nár cheart baint a bheith aici le cúrsaí polaitíochta. Ba cheart chomh maith, go bhféadfaí le haontachtóir a chuid polaitíochta féin a cheangal leis an Ghaeilge, mar a rinne Ian Malcolm, agus molaim Lá Nua as ardán a thabhairt dó. Ach ní shílimse go bhfuil an fháilte chéanna roimh an duine a cheanglaíonn a chuid náisiúnachais agus a chuid poblachtánachais leis an Ghaeilge níos mó. A mhalairt ar fad atá fíor. Tchím anois go dtéann sé crua ar Shinn Féin fiú ráiteas a dhéanamh a cheanglaíonn an Ghaeilge le spriocanna an náisiúin. Má deir siad ‘nach mbaineann an Ghaeilge le haon dearcadh polaitiúil’ minic go leor, creidfidh siad sin, agus múchfaidh siad cuid mhaith den spiorad náisiúnach a spreagann cuid mhór daoine leis an Ghaeilge a fhoghlaim.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s