Bua an bhlag

Ocáid é an Cháinaisnéis atá déanta don bhlag.  I rás ar bith idir na meáin traidisiúnta, is é an blag is túisce, is saoire agus is eifeachtaí ar féidir leis conascadh a dhéanamh idir tuairisciú, tuairimíocht agus anailís ar gach ghné de nó, mar a dhein iGaeilge, topaic amháin ar leith cosúil leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. 

Tar éis dom filleadh abhaile ón obair inné, bhí mé abalta mionsonraithe an bhuiséid maidir leis an nGaeilge a aimsiú go gasta agus an scagadh cuí a dhéanamh.  Roimh 6.30 – leath uair roimh chraoladh Nuacht TG4, bhí an blag seo ábalta mór chinnlínte an bhuiséid maidir leis an nGaeilge a fhoilsiú.   Ar ndóigh bheadh seo níos luaithe ach cúramaí eile bheith orm.  

Níos déanaí an oíche céanna, tar éis dom filleadh ó ranganna Ghaeilge atá á reachtáíl agam i mBéal Atha’n Ghaorthaidh, bhíos ábalta scagadh níos mine a dhéanamh ar chaipéisí na Cáinaisnéise agus an t-eolas faoin chinneadh maidir le Foras na Gaeilge gan a bheith á dhílarú sa ghearrthréimhse pé scéal é, nó b’fheidir a riamh. 

Bhí an t-eolas sin ar fáil ar iGaeilge roimh aon mheán Ghaeilge eile chomh fada agus is eol dom.  Ní h-é go bhfuilim ag maíomh as sin – cé go bhfuil an cuma sin air – ach go bhfuilim ag iarraidh a léiriú gurb í an idirlíon an bealach is eifeachtaí, ó thaobh ama, chostais agus chur i láthair,  chun nuacht na Gaeilge agus na Gaeltachta a thuairisciú agus chun anailís a dhéanamh ar na scéalta sin. 

Bhí an scéal amhlaidh ar bhlaganna agus seirbhísí idirlíne eile.  Ba thúisce ar an idirlíon mórscéalta an bhuiséid ná ar aon mheán eile.  Go deimhin táím cinnte gur túisce a d’aimsigh furmhór an phobail na mórscéalta ar an idirlíon ná ar aon mheán eile.  

Cinnte beidh daoine a deir gur chuala siad ar an raidió é nó go bhfaca siad ar an dteilifís é.  Maith go leor – ach nuair a bhionn tú ag eisteacht leis an raidio nó ag faire ar an dteilifís, bionn ort fánacht ar an mhír a bhaineann leat. Ar an idirlíon, is féidir leatsa díriú láithreach ar an rud a bhaineann leat. 

Agus bhí na scéalta léite pléite fán am ar fhoilsíodh na nuachtáin maidin lár na bháireach.  

Cén fath go ndeirim é seo?  Bhuel, ba mhaith liom moladh a chur os bhúr gcomhair maidir leis an cineál seirbhíse a fhéadfadh bheith ar fáil.   Dá fheabhas é iGaeilge agus a leitheid, tá gá le seirbhís uile ghabhalach leis na h-acmhainí agus an fhoireann seirbhís iomlán nuachta, anailís agus siamsaíochta a chur ar fáil.   

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go mbeidh comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil agus, mar aguisín leis sin, seirbhís nuachta á fhogairt acu. Níl sé ráite cén uair a fhógrófar an chomórtas seo nó cen uair a bheidh ar iarratasóirí a gcuid aighneachtaí a chuir faoi bhraid an Fhorais nó na téarmaí tagartha a bheidh i gceist.   An t-aon rud amháin atá i gceist go mbeidh €400,000 in aghaidh na bliana ar fáil don chonradh.  Mar atá ráite agam roimhe seo, is ionann sin agus laghdú nach mór €200,000 in aghaidh na bliana ar mhaoiniú na nuachtán Ghaeilge. 

D’fheadfaí seirbhis fónta nuachta idirlíne a chur ar fáil ar an €200,000 sin i mo bharúil.  Dhíolfadh sé as foireann triúr agus d’fhagadh sé buiséad le h-aghaidh altanna a choimisiúnú agus seirbhísí a cheannach. Anuas ar sin bheadh costaisí deartha is ostála le h-ioc.  Ar an láimh eile d’fhéadfaí fógraíocht a dhíol ar an suiomh agus, le cois sin, bheadh deiseanna eile ann sruth ioncam a chruthú. 

Mura bhfuil an Fhoras sásta an méid céanna caiteachais a dhéanamh ar nuachtáin Ghaeilge i 2009 agus a bhí go dtí seo, agus cuimhnigh níl aon laghdú tagtha ar a gcuid maoinithe sa bhuiséad, ba cheart doibh beart grod a dhéanamh agus an €400,000 atá geallta go dtí seo ar nuachtán sheachtainiúil a chur i dtreo barr sheirbhís nuachta idirlíne.  

An chéad uair riamh, bheadh foilseachán Ghaeilge chun tosaigh ar an slua agus solúbthacht ag an bhfoilseachán sin ceannródaíocht a dhéanamh, seirbhís fónta a chur ar fáil agus an seirbhís fónta sin a chur i láthair an phobail go gairmiúil, go snásta, go h-eifeachtach. 

Mar atá sé, ar eigean go bhfuil an bhuiséad atá ceadaithe ag an bhForas don nuachtán seachtainiúil agus an seirbhís nuachta idirlíne ábalta an chéad chuid den tairiscint sin a chomhlíonadh.  Ar eigean go bhféadfaí bheith ag súil le seirbhís nuachta idirlíne ar bith thar leagan digiteach, b’fheidir, den nuachtán seachtainiúil.  Agus creid uaimse é, cé gur maith ann leagan idirlíne PDF de nuachtán, ní h-ionann é, ná baol air, agus seirbhís nuachta a mheallfadh daoine agus a bheadh i ndán seasamh ar a chosa féin.  Barántas é go dteipfidh an togra agus in áit margadh a chruthú ar son nuachtán laethúil, millfidh sé an margadh don nuachtán seachtainiúil agus fagfaidh sé iriseoireacht chloite na Gaeilge sa chloch aois ar feadh glúine eile.

6 thuairim ar “Bua an bhlag

  1. caomhán

    tagaim le go leor atá a rá agat, ach cupla poinnte.
    Is deacair airgead a dhéanamh as abhár a fhoilsiú ar an idirlínn mar níl daoine sásta íoc as mar níor cleacht siad ariamh é.
    Táimse dén tuairím gur i léigh atá líon na leithóirí gaeilge ag dul le blianta anuas.
    Ach taobh amuigh do shin is smaointe iontach atá á leirú agat.

    Freagra
  2. crosbhealaí

    Tá na smaointi atá nochtaithe agat maidir le seirbhís nuachta nó “portal” ilghneitheach Gaeilge ar-líne go h-iontach, a iGaeilge. Ach cuimhnigh nach bhfuil sé ro-chompórdach bheith ag léamh míreanna tiubha nuachta ar scáileán ríomhaire.

    Tá sé deas suí síos le nuachtan clóbhuailte agus cupán caifé. Ni sháróidh ríomhaire seo go deo. Beidh gá i gcónai le nuachtan de chineal eigin as Gaeilge- céim mhór siar a bheas ann má thagann deireadh leis an leanúnachas a bhí ann ó Inniu go Anois go Foinse: dá dtiocfadh deireadh ar fad le nuachtán seachtainiúil Gaeilge. Is trua chomh maith go mbeidh deireadh le nuachtán laethúil mar Lá Nua, ach ni dócha go bhfuil leigheas air sin.

    Bhraith me féin le blianta fada go mbeadh sé go maith da bhforbófaí nuachtán dátheangach Béarla-Gaeilge don mhór-phobal (mar a bhí an Claidheamh Soluis tráth) , le míreanna nuachta éagsúla sa dá theanga- ní díreach aistriúchan ó theanga amhain go teanga eile ata i gceist. Bheadh inrochtaineacht ansin do phobal an Bhéarla dul i ngleic le scéalta faoi staid na teanga, agus measaim go mbainfeadh daoine le meid áirithe Gaeilge triail as míreanna a léamh sa teanga dá mbeadh míreann Béarla timpeall orthu.

    Tá iGaeilge chuin tosaigh ar na blaganna eile (mo cheann fein ina measc) mar cuireann tu go rialta leis. Ni thig liom féin cur le mo bhlag go rialta toisc post lanaimseartha a bheith agam agus tograí eile ar bun agam. Ba cheart dom na tuairimi seo ar fad a bheith á nochtadh agam ar mo bhlag féin, is dócha, ach tá nios mó leitheoirí anseo, fair play duit, mar tá ardán cruthaithe agat le iGaeilge gur léir go bhfuil éileamh air. Comhghairdeas. Ach gach seans nach mbeidh na daoine a bheidh ag déanamh inchur sa tseirbhís nua chomh diograiseach ag deanamh nuashonraithe ar a míreanna, munar fostaithe lánaimseartha nó pairt-aimseartha de chineal éigin iad.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Tá gá le nuachtán Ghaeilge, deir gach éinne. Ach má tá gá leis, cén fath nach gceannaíonn gach éinne é? Cén fath nach mbionn siad á léamh agus iad ag ól caifé nó a leitheid?
    An bhfuil an iomarca d’éirí in airde ar lucht na Gaeilge, iad ag súil leis an Irish Times as Gaeilge agus go gceannóidh siad nuachtán Ghaeilge ansin?
    Creidim féin nach ndeinfear aon iarracht eile nuachtán laethúil Gaeilge, Gaeilge Béarla a fhoilsiú i ndiaidh Lá Nua mar braitheann sé ar conascadh aisteach idir daoine craiceáilte ceannródacha, diograiseacha, foilsitheoir le pócaí doimhne agus am na deise.
    Agus Lá Nua as an gcluiche, ní fada go leanfaidh Foinse é mar mura bhfuil an margadh ann don nuachtán laethúil, is cinnte nach fada go mbeidh an nuachtán seachtainiúil sna sála air. Mas é an margadh an teist, ní eireoidh le nuachtán Ghaeilge. Tá gá le cur chuige radacach is éagsúil. Sin atá á mholadh agam.
    Blag nuachta/tuairimíochta/spoirt/cultúir/eile le foireann lán aimseartha agus páírt aimseartha atá i gceist – gan pingin rua a chaitheamh ar dhaileadh nó ar chló! An t-airgead ar fad ar abhar….

    Freagra
  4. crosbhealaí

    In ainneoin líon an mhargaidh, ni mór nuachtán amháin Gaeilge ar a laghad a bheith ann- cuma cé mhéid daoine a bhíonn á gceannach! Tá an méid sin ag dul do theanga ársa liteartha ar nós na Gaeilge. Ní shásóidh blaganna an riachtanas seo riamh. Is rud sa bhreis iad na blaganna. Tá moran lochtanna ag an bhlagadóireacht, agus tig le blagálaithe bheith mar elite beag féin-tagartach chomh maith!! Ní chaithfinn na huibheacha uile sa chiseán céanna!

    Nílim fein ag súil leis an IT as Gaeilge- agus measaim féin go bhfuil obair maith a dhéanamh ag Foinse agus La nua, dála an scéil. Agus cuimhnigh go léann daoine iad i leabharlannaí agus scoileanna chomh maith.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    In ainneoin líon an mhargaidh, ni mór nuachtán amháin Gaeilge ar a laghad a bheith ann- cuma cé mhéid daoine a bhíonn á gceannach! Tá an méid sin ag dul do theanga ársa liteartha ar nós na Gaeilge – cé a iocfaidh as an gcló, an fhoireann agus an dáileadh mura mbionn daoine á gceannach? Daoine eile i gcónaí, anea? Foras na Gaeilge? Beag an bhaol.

    Creidimse go bhfuil nuachtán laethúil Ghaeilge riachtanach ach ní h-ionann sin agus a rá agus cúinsí mar atá agus, dar liom, mar a bheidh, go bhfuil sin inmharthanach.

    An fhírinne crua: mura bhfuil an margadh ann do Lá Nua luíonn sé ciall, réasún agus loighic gur ar eigean go bhfuil sé ann le h-aghaidh Foinse. Ní h-amhlaidh go raibh ceann an oiread sin níos fearr ná an ceann eile, nó díolachán an oiread sin níos mó ag ceann amháin ná ceann eile.

    Fiú mura bhfuil tusa ar an dream a bhionn i gcónaí ag gearán faoi easpaí is easnaimh Lá Nua, tá dream cumhachtach ann nach mbeidh sásta gan leagan Ghaeilge den Irish Times. Tá deireadh leis an dóchas sin anois. Ní bheidh sé ann choiche i bhfoirm nuachtáin – tá seans go mbeidh sé ann i bhfoirm suíomh idirlíne. Cinnte dá mbuafainn an Chrannchur amarach, go dtabharfainn faoi nuachtán laethúil a bhunú arís. Nó dá mbeadh a dhothain daoine sásta glacadh leis an tairiscint a rinne mé anseo – ach in éagmais sin, ní fiú bheith ag cur an dallamallóg orainn féin. B’fhearr leis an bhForas bheith ag caitheamh airgid chun cúpla postaer suarach a chur i nuachtán Shasanach frith Ghaeilge – ar nós an Daily Irish Mail – seachas bheith ag maoiniú earnáil cló iriseoireachta le go mbeadh sé ábalta gluaiseacht chun tosaigh.

    Fúinne atá sé anois, agus is é an bealach atáim ag tabhairt faoi an bealach is eifeachtaí chun earnáil chló iriseoireachta na Gaeilge a choinneáil slán agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

    Freagra
  6. aonghus

    Níl sa chaint faoi “margadh” ach brilléis. Dá mbeadh margadh ann do nuachtán a
    laethiúl gaeilge, ní bheadh cead ag an Stáit airgead a chaitheamh air!

    Tugtar pingineacha suaracha do Lá & Foinse, agus déantar éacht air. Tá colúnaithe breátha ag an dá nuachtán , fiú agus an tóin ag titim diaidh ar ndaidh as Lá.

    Cosnaíonn seirbhís fiúntach nuachta airgead, agus ó tharla bunabhár nuachta (preasráitis, agallaimh 7 rl) as Gaeilge a bheith gann, tá costas níos mó ag dul le nuacht den scoth as Gaeilge a chuir ar fáil.

    An Irish Times féin, tá a seirbhís nuachta ag brath go mór ar seirbhísí nuachta nuachtáin eile – agus táid beo ar a gcolúnaithe.

    Ach go dtí go mbíonn polasaí soiléir á chuir i bhfeidhm ag FnaG, le spriocanna soiléire, beidh an gheatsaíocht seo le deontais liom leat ag dul ar aghaidh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s